Fo-éadaí don aghaidh – seacht n-earra le hullmhú don smideadh

Roghnaíonn ár gcomhfhreagraí seacht gcinn de phrímeálaigh le bunchóta ceart a chur faoin smideadh

Fo-éadaí don aghaidh – seacht n-earra le hullmhú don smideadh

Tá an aidhm chéanna ag na fo-éadaí a chaitheann bean agus atá ag prímeálach ar a haghaidh.

Sin an tsamhail a chruthaigh scríbhneoir amháin san iris Vogue tamaillín ó shin in iarracht a mhíniú chomh tábhachtach agus atá sé cóta prímeálaigh a chur ar d’aghaidh sula dtosaíonn tú leis an smideadh.

“[Primers] smooth, flatter, conceal and hold things in place, so that everything you put on top of them looks immediately better” a scríobh Lisa Niven.

Tá an ceart ar fad aici agus chuirfeadh an tsamhail aici i gcuimhne duit an péintéir maith nach dtosódh ag cur barrchóta péinte ar dhromchla ar bith gan cóta prímeálaigh a chuir air ar dtús.

Ullmhaíonn an prímeálach an craiceann agus déanann sé chomh mín le síoda é don smideadh. Buntáiste mór eile leis ná go maireann an smideadh i bhfad níos faide dá bharr.

Ní thógann sé ach nóiméad nó dhó breise gach lá an chéim seo a chur leis an gcleachtas smididh agus is mór is fiú é. Tá rogha iontach prímeálach ar fáil agus cinn ar leith ann atá feiliúnach do chraiceann ar leith.

Seo cuid de na roghanna a mholfainn féin.

 

NYX Professional Makeup ‘Pore Filler’ (ar fáil ar €14.86)
Tá an ceann seo thar cionn má tá póireanna móra i do chraiceann nó má tá sé olúil.

 

Smashbox Photo Finish Primerizer (ar fáil ar €38)
Seo an ceann don té a bhfuil a craiceann tirim. Tá comhábhair iontacha ann a choinníonn an craiceann maoth.

 

L’Oreal Paris Lumi Magique Primer (ar fáil ar €14.99)
Prímeálach ‘lán léargais’ é seo a chabhróidh le luisne na sláinte a chur ar d’aghaidh.

 

Max Factor Facefinity All Day Primer (ar fáil ar €15.99)
Tá an ceann seo ar fheabhas don té nach seasann an smideadh an-fhada orthu agus dóibh siúd atá ag iarraidh fachtóir cosanta gréine (SPF) a chur orthu féin.

 

No7 Airbrush Away Colour Balancing Primer (ar fáil ar €22.50)
Cabhraíonn an ceann seo le hathrú a dhéanamh ar dhath do chraicinn má cheapann tú é a bheith ródhearg nó marbhánta, tuirseach.

 

NARS Smudge Proof Eyeshadow Base (ar fáil €27.00)
Seo ceann le beocht bhreise a chur sa scáthú súl agus cinnteoidh sé go mairfidh sé níos faide.

 

NIP+FAB Make Up Primer Water (ar fáil ar €13.50)
Tá an ceann seo an-úsáideach don té atá beagán leisciúil agus nach bhfuil an fuinneamh acu dul ag plé le prímeálach – sprae beag simplí agus tá an jab déanta!

Fág freagra ar 'Fo-éadaí don aghaidh – seacht n-earra le hullmhú don smideadh'

  • léitheoir

    ‘Fo-éadaí don aghaidh’? Smaoineamh nua do na Rubberbandits?

  • Aoife Uí Láimhín

    An-léirmheas! Is breá liom an réimse leathan primers agus go bhfuil cinn ann nach bhfuil ró chostasach! Cad mar gheall ar an gceann le MAC? Ceann nua ag Charlotte tilbury chomh maith atá go deas!