Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Tógadh le Gaeilge mé agus níl mórán Gaeilgeoirí fágtha anseo anois’'

  • Indrek

    An-tionscnamh go deo! Nach mór an truaí go bhfuil an Ghaeilge imithe as na ceantair sin agus nach breá an rud é gur beartaíodh na cainteoirí dúchais deiridh agus a gcanúint a chur ar taifeadh. Dream uasal ar fad agus gnéithe spéisiúla le tabhairt faoi deara ina gcuid Gaeilge. GRMA, a lucht pleanála teanga agus Tuairisc!

  • Bríd

    Gaeilge aoibhinn cheolmhar ag lucht oirthear na Gaillimhe. Teip eile don stáit chóras gan oideachas Gaeltachta d’ard chaighdeán a chur ar fáil sa cheantar. Iontach taifead a bheith ann.

  • Joe macEochagáin

    Dhairíre, tá an Ghaeilge dhá chreimeadh ag faisean…sé sin nós an phobail. Tá aithne ag go leor againn ar chainteoirí líofa a roghnaíonn Béarla mar theanga laethúil….faisean/nós a scaiptear ó bhunáite na ndaoine nach bhfuil Gaeilge acu agus a chothaítear ag an stát atá ag fraeastal othu. Is follas, go dtí seo, nach bhfuil gníomh ar bith déanta a chothós Gaeilge inár measc. Agus le cúrsaí chumarsáide mar atá, i measc na nóg ach go háithrid, snámh in aghaidh easa atá ann.

  • Mícheál Ó Mainín

    Is trua an scéal é ach ana-bheart ag lucht phleanála teangan.

  • Eoghan Ó Néill

    Nasc lenár sinsear agus nasc lenár sliocht atá sa teanga a bhfuil siad á tachtú le fada ionns nach mbeidh ionainn sa deireadh ach leath-Anglos

  • Máirín

    Is fiú breathnú ar Bailiúchán na Scol dúchas.ie
    Cúpla sampla as stór mór ón Achréidh atá ar an suíomh dúchas.ie

    https://www.duchas.ie/ga/cbes/4649673/4645510/4650658
    https://www.duchas.ie/ga/cbes/4566055/4562623/4569389
    https://www.duchas.ie/ga/cbes/4649673?Route=volumes