FÍSEÁN: Teachtaireacht na Nollag agus na hAthbhliana ó Uachtarán na hÉireann

Teachtaireacht Nollag speisialta ó Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn

FÍSEÁN: Teachtaireacht na Nollag agus na hAthbhliana ó Uachtarán na hÉireann

Mar Uachtarán na hÉireann, is cúis áthais dom mo bheannachtaí a chur chugaibh, agus guím Nollaig shona, shíochánta agus Bliain Nua mhaith daoibh.

Is tréimhse ar leith í an Nollaig, nuair is féidir linn sos a ghlacadh, agus machnamh a dhéanamh ar an mbliain atá caite. Is tréimhse í a bhfuil sé ceart agus oiriúnach dúinn scéal na Nollag a thabhairt chun cuimhne. Scéal faoi thuras fada anróiteach, agus breith linbh i dteach sealadach i mBeithil, dhá mhíle bliain ó shin. Cuimhnímis, freisin, ar cé chomh fada is atá an réigiún sin ón tsíocháin sa lá atá inniu ann, agus cé mar a léiríonn an easpa síochána sin go bhfuil teipthe orainn ar an leibhéal daonna agus polaitíochta, agus, faraor, go gcloisimid focail a chuireann leis an aighneas seachas cabhrú le réiteach a aimsiú don réigiún.

Cé go bhfuil go leor ama caite ón oíche a rugadh an leanbh Íosa agus gur tharla sé i bhfad uainn, is féidir linn macasamhlacha a fheiceáil inár sochaí féin inniu, faraor.

Agus sinn ag machnamh ar an scéal sin, ina bhfuil dídean tí agus suaimhneas á lorg, cuimhnímis, freisin, ar an iliomad aistear pearsanta, deacair, atá á thaisteal ag mná, fir agus leanaí ár linne, in Éirinn agus i gcéin.

Má aithnímid macalla scéal Bheithile i sochaí an lae inniu, b’fhéidir go spreagfar muid chun seasamh i ndlúthpháirtíocht leo siúd a mbeidh an Nollaig seo deacair agus dorcha orthu, ar chúiseanna éagsúla.

Arís, i mbliana, beidh scáil ar shéasúr na Nollag, dóibh siúd nach bhfuil dídean bhuan, shábháilte acu.

Caithfimid glacadh lenár ndúshlán, an séasúr ceiliúrtha seo a threorú ina ghealltanas leanúnach go mbeimid mar shochaí ag déanamh cúraim, agus ag tabhairt aire, dóibh siúd atá ag fulaingt de bharr easpa baile buan. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd a oibríonn chomh díograiseach chun tacú leis na daoine sin inár sochaí atá leochaileach.

Bhí an t-ádh orm bualadh leis an iliomad grúpaí agus daoine a thugann cúis dóchais do na daoine is imeallaithe inár sochaí. Molaim iad. Tá a gcuid oibre inspioráideach agus croíúil agus cuireann sé i gcuimhne dúinn na féidearthachtaí atá ar fáil ag muintir na hÉireann chun ár sochaí a fheabhsú agus poblacht a bhaint amach a fheidhmíonn ar mhaithe le gach uile shaoránach.

Agus sinn ag teacht chun deireadh na bliana dhá mhíle agus a seacht déag agus ag tabhairt aghaidh ar an mbliain nua, déanaimis ár n-aistear ar aghaidh, le chéile, ag cuidiú lena chéile, agus ag díriú ár n-aird orthu siúd atá i ngéarghá.

Le hoícheanta fada an gheimhridh á fhágáil inár ndiaidh againn, is féidir linn an deis a thapú chun tuar geal dóchais agus misnigh a thabhairt do gach aon duine agus gach aon chlann sa bhliain atá romhainn.

Arís an bhliain seo chugainn, iarraim orainn ar fad machnamh a dhéanamh ar chruachás leanúnach na dteifeach, agus na ndaoine díláithrithe; ar na milliúin páistí, bean agus fear ar fud an domhain atá i bhfad ó chompord agus ó dínit a gcuid teaghlach.

Le linn na bliana dhá mhíle agus a seacht déag, fógraíodh go ndéantar fiche duine a dhíláithriú gach nóiméad, agus go gcuirtear iallach orthu a mbaile a fhágáil agus dídean a lorg. Tá cogaí, coimhlintí, géarleanúint agus tubaistí nádúrtha ag brú níos mó daoine i dtreo an teite ná mar a tharla riamh, roinnt díobh siúd a theith á ndíol mar sclábhaithe fiú.

Cuireann an ghéarchéim dhaonnúil, atá ag tarlú i Stát Rakhine i Maenmar agus a bhfuil na céadta mílte de chine an Rohingya ag teitheadh uaidh go dtí an Bhanglaidéis, i gcuimhne dúinn go rí-shoiléir go bhfuil bóthar fada anróiteach roimh phobail áirithe agus iad ag iarraidh a n-áit a bhaint amach i sochaí shíochánta.

Mar phobal agus mar shaoránaigh dhomhanda caithfimid a bheith freagrach agus glacadh lenár ndualgais. Ní mór dúinn freagairt le daonnacht, go báúil, agus le meas ar an gceart atá ag gach éinne maireachtáil go sábháilte agus le dínit.

Tá mé dóchasach go seasfaidh saoránaigh Éireannacha ar fud an domhain leo siúd atá ag fulaingt, agus leo siúd atá ag dul i ngleic leis na géarchéimeanna seo le comhbhá, agus i ndlúthpháirtíocht leis na daoine is leochailí.

I rith na bliana seo, bhain Saidhbhín agus mé féin an-sásamh as bualadh leis an oiread sin de mhuintir na hÉireann atá ina gcónaí thar lear, go háirithe san Astráil agus sa Nua-Shéalainn.

Cuirim mo bheannacht chucu siúd agus chuig muintir na hÉireann uile atá thar lear, pé cúinsí faoina bhfuil siad. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom, mar Uachtarán na hÉireann, buíochas a ghabháil le gach uile dhuine díbh a bhfuil cúram á dhéanamh agaibh dár bpobail thar an Nollaig agus, go deimhin, ar feadh na bliana. Ina measc tá baill den Gharda Síochána, an tSeirbhís Príosún, foirne na n-ospidéal, na seirbhísí éigeandála agus baill na bhForsaí Cosanta atá thar lear ag obair ar son na síochána.

Guím Nollaig shona shíochánta ar gach aon duine díbh, agus gach rath oraibh don Bhliain Nua, cuma cá bhfuil sibh.

Beir Beannacht.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Teachtaireacht na Nollag agus na hAthbhliana ó Uachtarán na hÉireann'

  • Tomas

    Ráiteas láidir líofa eile ón Uachtarán. Buaileann sé a mhéar ar an eithne athuair .i. an daonnacht a bheith ag dul i ndísc. Sáiteán á thabhairt aige faoi pholaiteoirí áirithe a léirìonn neamhuíochas dòibh siúd a chuidíonn le lucht an ghátair. Is géar a theastaíonn guth mar é ar na saolta seo. Go raibh maith agat a Uacharáin.