FÍSEÁN: ‘Sláinte!’ a deir James Comey agus iarstiúrthóir an FBI faoi agallamh mar gheall ar Trump

Is de shliocht na hÉireann James Comey, iarstiúrthóir an FBI a bhfuil sé féin agus Donald Trump in adharca a chéile faoi láthair

FÍSEÁN: ‘Sláinte!’ a deir James Comey agus iarstiúrthóir an FBI faoi agallamh mar gheall ar Trump

Ní fios an bhfuil an ‘cúpla focal’ ag iarstiúrthóir an FBI James Comey, ach tá ar a laghad focal Gaeilge amháin aige.
‘Sláinte!’ a dúirt Comey agus é faoi agallamh ar chlár teilifíse mór-ráchairte i Meiriceá an tseachtain seo.
Tá Comey, ar thug Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump bata agus agus bóthar dó anuraidh, go mór i mbéal an phobail arís ó foilsíodh leabhar leis,  A Higher Loyalty: Truth, Lies and Leadership.

Ag tús an agallaimh ar The Late Show with Stephen Colbert ar CBS tharraing láithreoir an chláir amach buidéal fíona agus dhá chupán plaisteach toisc gurbh é an deoch agus an soitheach sin a roghnaigh Comey féin an uair a briseadh as a phost é.

Níos déanaí sa chlár ba i nGaeilge a d’fhreagair Comey nuair a d’ól an láithreoir sláinte a aoi.
Is de shliocht na hÉireann Comey ar an dá thaobh dá mhuintir. Ba as Éirinn a shin-seanmháthair agus a shin-seanathair ar thaobh a athar, James Comey agus Ellen Trehey, arbh as Port Láirge di.
Ba de shliocht na hÉireann muintir a mháthar chomh maith agus Ceallaigh, Loingsigh, Bruadair agus Rianaigh ar a cine.

Dúirt Comey an tseachtain seo nach duine “ceart” é Donald Trump le bheith ina uachtarán ar bhonn a chuid “moráltachta” de. Dúirt sé chomh maith nach gcloíonn Trump leis an “meas agus na luachanna” is dual do Mheiriceá.

Tá íde na muc agus na madraí tugtha ag Trump dó ar Twitter ó shin agus “slimeball” i measc na maslaí atá caite ag an Uachtarán le hiarstiúrthóir an FBI.

Ag labhairt dó faoi tvuíteanna Trump, dúirt Comey le Stephen Colbert nach raibh aon oidhre ar an Uachtarán ach duine “a bhí tar éis briseadh suas lena chéile agus gan é ábalta dul thairis”.

I léacht a thug sé in Ollscoil Georgetown in Washington roinnt blianta ó shin, thagair James Comey dá chúlra Éireannach agus é ag fás aníos in Yonkers i Nua-Eabhrac. Dúirt sé chomh maith gurbh é an dearcadh a bhí ag lucht dlí agus pobal Mheiriceá ar na Gaeil 100 bliain ó shin nach raibh iontu “meisceoirí, ruifínigh agus coirpigh”.

“Maireann dearcadh claonta na bpóilíní sin go fóill san ainm a thugtar ar na feithiclí ina n-iompraítear príosúnaigh. Tar éis an tsaoil, is é an ‘Paddywagon’ é.

“Ní raibh an saol éasca i gcónaí ag na hÉireannaigh ach is fada go bhféadfaí aon rud a chur i gcomparáid le saol na Meiriceánach dubh ar fhód ár dtíre,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Sláinte!’ a deir James Comey agus iarstiúrthóir an FBI faoi agallamh mar gheall ar Trump'

  • Siobhán

    James Comey ar a bhealach go hOideas Gael !! Sláinte y’all!