FÍSEÁN: Rabhadh tugtha faoi ché Inis Oírr agus gan bád farantóireachta in ann dul i dtír

Ní raibh an bád farantóireachta ‘Banríon na Farraige’ de chuid Aran Island Ferries in ann teacht le cé Inis Oírr ar maidin de bharr na dtonnta a bhí ag briseadh ar chúl na céibhe

FÍSEÁN: Rabhadh tugtha faoi ché Inis Oírr agus gan bád farantóireachta in ann dul i dtír

Tá imní léirithe arís faoin gcontúirt a bhaineann le cé Inis Oírr ó chinn ar bhád farantóireachta dul i dtír ansin ar maidin.

Ní raibh an bád farantóireachta ‘Banríon na Farraige’ de chuid Aran Island Ferries in ann teacht le cé Inis Oírr thart ar 8am maidin inniu agus tonnta ag briseadh ar chúl na céibhe.


Is fada é á mhaíomh go bhfuil athfhorbairt ag teastáil go géar ar ché an oileáin agus tá sé ráite anois arís go bhféadfadh daoine a bheith i mbaol mura dtabharfar faoin obair sin go luath.

Tá iarrtha ag an gcomharchumann áitiúil, Comhar Caomhán Inis Oírr go ngabhfadh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humpheys, i ngleic leis an bhfadhb “láithreach bonn”.

“Tá sláinte agus sábháilteacht na bpaisinéirí agus fhoireann an bháid go mór i mbaol,” arsa an comharchumann.

“Theastódh ón Aire Humphreys gníomhú láithreach bonn, mar tá daoine ag cur a mbeatha i mbaol agus gan aiféala a bheith orainn amach anseo má tharlaíonn aon timpiste thragóideach.”

Tá na hoibreacha atá beartaithe ar chéanna Inis Oírr agus Inis Meáin ina gcnámh spairne le fada.

Tugadh cead pleanála d’fhorbairt ché Inis Oírr in 2008 agus cé go raibh sé beartaithe tús a chur leis an obair in 2020, níl tús curtha léi go fóill.

D’ardaigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív scéal na cé sa Dáil anuraidh agus dúirt go “marófar duine éigin lá éigin’ mura ndéanfar forbairt uirthi.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Rabhadh tugtha faoi ché Inis Oírr agus gan bád farantóireachta in ann dul i dtír'

  • Cathleen Ní Chonghaile

    “Fiche Bliain ag Fás ” go dtí seo atá na pleananna le céibh shábháilte a fhorbairt d’Inis Oírr.

  • Frieda Máire Ní Chatháin

    Tá géar gá Ché Inis Oirr a fhorbairt sar a gcuirfir saol muinntir an tOileán i mbaol.
    An ranníochaíocht a thugann na hOileáin agus go háirithe na hOileánaigh d’ár gCultúr ní féidir bheith tomhaiste, Tugann siad saibhreas níos breise ná ór d’ár dTír.
    Ná cuir cás práinneach forbairt Ché Inis Oirr ar an méar fhada.

  • S. Mac Muirí

    Thig le blaisín stroighne agus cur chuige i ngnóthaí bonneagair tubaiste a sheachaint ach oibriú in am. Ní hé nár scuabadh daoine i bhfarraige cheana. Scuabadh, faraor. Céard a bhí ar bun ag dreamanna na polaitíochta 7 an riaracháin le 10 mbliain anuas?
    Bád cnagaosta i mbun farrtha ar Thoraigh agus céibheanna faoi uisce ar oileáin eile. As ucht Dé! Céard atá as alt linn mar dhream daoine? An gceadófaí an neamart so le taobh BÁC nó i gCúige Laighean fiú? An bhfuil nimh éicint sa bhfeoil ag muintir an oirthir 7 na cumhachta in éadan na muintire thiar 7 má tá, cén fáth? Cuimhnigh nár thosaigh dream an rnli ag feistiú bádaí tarrthála thiar go dtí tubaiste na Carraige Aonair. Is cuimhin le cuid againn tráth nach raibh ach 3 bhád acu ar feadh an chósta sin ar fad.