FÍSEÁN: Gasúir naíonra na Ceathrún Rua i mbun léirmheas leabhair ar TG4 anocht

Beidh cur chuige nua le feiceáil sa tsraith nua de Léirmheas Leabhar a gcuirfear tús léi anocht ar TG4

FÍSEÁN: Gasúir naíonra na Ceathrún Rua i mbun léirmheas leabhair ar TG4 anocht

Is é an láithreoir agus craoltóir Tristan Rosenstock a bheas le feiceáil sa tsraith nua de Léirmheas Leabhar, a mbeidh an chéad chlár di ar siúl anocht ar TG4.

Anuraidh ba i gceannáras TG4 i mBaile na hAbhann a taifeadadh na cláir ar fad ach tabharfaidh an tsraith nua Rosenstock agus tuairisceoirí eile ar fud na tíre chuig clubanna leabhar, féilte litríochta agus áiteanna eile nach iad.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Tristan Rosenstock, go gcreideann sé go bhfuil “beocht nua” sa chlár tharla nach mbeidh aon chuid de á thaifeadadh sa stiúideo feasta.

“Tá an clár míle uair níos fearr gan a bheith ag brath ar stiúideo. Beidh muid amuigh i lár an aonaigh, ag tabhairt cuairt ar chlubanna leabhar, ar scríbhneoirí agus ar shuíomhanna atá feiliúnach don ábhar a bheidh á phlé againn,” a dúirt Rosenstock.

Anocht, beidh mír ómóis le feiceáil faoi Liam Ó Muirthile, duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge a bhásaigh i mbliana, ina gcuirfidh na filí Nuala Ní Dhomhnaill agus Louis de Paor síos ar a shaol agus a shaothar.

Déanfaidh Caitríona Ní Chléirchín léirmheas chomh maith ar Camino de Santiago: Dánta, poems, poemas, an cnuasach filíochta deiridh ó pheann an scríbhneora a foilsíodh i mbliana.

Is in Eaglais San Séamas, atá ar cheann de na seacht séipéal ar ‘Camino Bhaile Átha Cliath’, a dhéanfar an mhír sin den chlár a thaifeadadh.

Sa Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair, cloisfimid tuairimí á nochtadh faoin chinneadh a rinne an comhlacht foilsitheoireachta Gaeilge Cois Life an comhlacht a scor agus beidh an láithreoir Séamus Ó Scanláin ag labhairt le léitheoirí óga as an Cheathrú Rua faoi dhá leabhar a d’fhoilsigh An Gúm le déanaí, ‘Bláithín ar an bPota‘ agus ‘Oisín ar an bPota’.

Is clár míosúil é Léirmheas Leabhar, a chraolfar gach céad Déardaoin den mhí ag 7.30in ar TG4.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Gasúir naíonra na Ceathrún Rua i mbun léirmheas leabhair ar TG4 anocht'