FÍSEÁN DON RANG: Seoladh dlúthdhiosca de bhailiúchán scéalta agus seanchais

Féach ar an bpíosa físe seo ó TG4 agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Seo é an Standard

Gníomhaíocht 1:

Gníomhaíocht 2:

  • Déan iarracht na focail/frásaí thuas a chur in abairt de do chuid féin. 

Gníomhaíocht 3 – Ceisteanna Ginearálta:

  • Féach/Éist leis an mír físe faoi dhó agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt. 
  • Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine in aice leat.
  1. Cad é bunús na míre seo, dar leat?
  2. Déan cur síos ar cad atá le feiceáil sa chéad chúpla soicind?
  3. Céard a tharla i 1981?
  4. Cén tragóid a tharla do Bhrídanna nuair a bhí sí an-óg.
  5. Cén gaol a bhí aici le Micí Sheáin Néill? 
  6. Cén bhaint atá aici leis an dlúthdhiosca seo?
  7. Déan iarracht ainm dhá cheann de an scéalta a luaitear a scríobh síos. 
  8. Cad leis atá muintir Sheáin Néill ag súil maidir leis an dlúthdhiosca seo? 

Gníomhaíocht 4 – Líon na Bearnaí:

Féach/Éist leis an mír físe arís agus déan iarracht na bearnaí seo a líonadh.

  1. I 1981 a fuair an seanchaí iomráiteach Micí Sheáin Néill as Rann na Feirste bás. Tá cur síos ar scéal a bheatha agus a chuid scéalta bailithe i dtrí leabhar ó 1965 i leith. Ach anois den chéad uair tá na scéalta á n-aithris i bhfoirm dlúthdhiosca ag sliocht an scéalaí. 
  2. Tá saibhreas millteanach scéalaíochta aici agus shíl mé go mbeadh sé deas seo uilig a chur le chéile, cnuasach a chur le chéile, dlúthdhiosca a dhéanamh agus é bheith ar fáil fá choinne na nglúinte atá le teacht. 
  3. Lainseálfar an dlúthdhiosca seo in Óstán an Chaisleáin Óir in Anagaire san oíche amárach. 

Gníomhaíocht 5 – Obair duit féin:

  • Faigh scéal gearr ó dhuine éigin sa mbaile nó sa chomharsanacht faoi eachtra éigin a tharla blianta ó shin. 
  • Mura bhfuil sé as Gaeilge déan é a aistriú go Gaeilge.
  • Déan an scéal a roinnt leis an rang.  

Fág freagra ar 'FÍSEÁN DON RANG: Seoladh dlúthdhiosca de bhailiúchán scéalta agus seanchais'