FÍSEÁN: ‘Do you have Irish?’ – ardmholadh d’iriseoir ó Nuacht TG4 as dul i ngleic le lucht agóide

Tá ardmholadh tugtha do Chaoimhe Ní Laighin, iriseoir de chuid Nuacht TG4, as an tslí ar láimhseáil sí grúpa náisiúnaithe antoisceacha a thosaigh ag cur isteach ar a cuid oibre

FÍSEÁN: ‘Do you have Irish?’ – ardmholadh d’iriseoir ó Nuacht TG4 as dul i ngleic le lucht agóide

Tá ardmholadh faighte ag iriseoir de chuid Nuacht TG4 as an tslí ar láimhseáil sí eachtra inar thosaigh lucht agóide ag béicigh uirthi agus í i mbun oibre lasmuigh de Theach Laighean.

Thosaigh an lucht agóide ag béicigh ‘Fake news RTÉ’ agus ag cur isteach ar Chaoimhe Ní Laighin agus an fear ceamara Ken Fogarty agus iad i mbun agallamh a thaifeadadh leis an Teachta Dála de chuid Fhine Gael, Fergus O’Dowd.

Nuair a dúirt an t-iriseoir leis an lucht agóide gur do Nuacht TG4 a bhí sí ag obair, dúradh léi “You’re an Irish speaker, you should be for the Irish people, let the people talk’.

Dúirt Caoimhe Ní Laighin gur seirbhís Ghaeilge a bhí i Nuacht TG4 agus go labhródh sí le haon duine de na náisiúnaithe antoisceacha a mbeadh Gaeilge acu.

“None of us speak Irish,” a dúirt duine den lucht agóide.

D’imigh an t-iriseoir léi agus chuaigh na náisiúnaithe antoisceacha i mbun cuardaigh féachaint an raibh aon Ghaeilgeoir ina measc.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie dúirt Caoimhe Ní Laighin gur tharla an eachtra breis is seachtain ó shin agus nár smaoinigh sí arís fúithi nó gur scaipeadh an físeán inné.

“Is gnáthrud é go mbíonn daoine ag cur isteach ar iriseoirí nuair atá siad amuigh mar sin agus déanaim neamhaird de de ghnáth, ach ar chúis éigin, is dócha mar gheall ar an mbrú a bhí á chur acu orainn, shocraigh mé deis chainte a thabhairt dóibh sa chás seo.

“Bíonn ardán againne ar Nuacht TG4 do gach saghas tuairimí ach ní gá do dhaoine, is cuma cén taobh a mbíonn siad air, a bheith maslach agus trodach,” arsa Caoimhe Ní Laighin.

Tugadh ardmholadh don iriseoir de chuid Nuacht TG4 as an tslí ar láimhseáil sí an scéal agus fuair an físeán a scaipeadh den eachtra na mílte ‘like’.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Do you have Irish?’ – ardmholadh d’iriseoir ó Nuacht TG4 as dul i ngleic le lucht agóide'

  • Margo Jackson

    Ard mholadh tuilte ag caoimhe ní laighin…..mo cheol thú

  • Justin Scannell

    Céard ba chúis leis an agóid a bhí ar bun ag an dream seo?