Gníomhaíocht 1:
Gníomhaíocht 2:
- Déan iarracht na focail/frásaí thuas a chur in abairt de do chuid féin.
Gníomhaíocht 3: Ceisteanna Ginearálta:
- Féach/Éist leis an mír físe faoi dhó agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.
- Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine in aice leat.
- Cén bhaint atá ag Jimmy Norman leis an scéal seo?
- Luaigh rud amháin atá le rá ag Tara Ní Loingsigh?
- Cé mhéad dalta a thug faoin scrúdú Gaeilge T1 ardleibhéal?
- Cad dó a thagraíonn an figiúr 3.6%?
- Cén post atá ag Tríona Uí Mhurchú?
- Luaigh dhá rud atá le rá ag Tríona.
- Cén fáth a raibh moill ar na torthaí?
- Déan na fíricí sa phictiúr a thíos a chur in dhá nó trí abairt iomlána.
Gníomhaíocht 4: Líon na Bearnaí:
Féach/Éist leis an mír físe arís agus déan iarracht na bearnaí seo a líonadh.
- De réir na bhfigiúirí atá foilsithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit inniu ní dhearna 10,123 dalta aon scrúdú Gaeilge don tsraith shóisearach i mbliana.
- Seo an chéad uair ó 2019 a reáchtáladh scrúduithe na sraithe sóisearaí a cuireadh ar ceal in 2020 agus 2021 mar gheall ar an bpaindéim. Tá ardú 4.4% ar líon na ndaltaí a rinne na scrúduithe i mbliana i gcomparáid le 2019.
Gníomhaíocht 5: Ábhar plé le do pháirtí:
- Cad a cheapann tú féin do chúrsa Gaeilge na sraithe sóisearaí. Déan roinnt moltaí chun feabhais.
- Scríobh 7 n-abairt san iomlán.
- Déan an méid atá scríofa agat a thaifeadadh. Is féidir úsáid a bhaint as áis amhail vocaroo.com.
Fág freagra ar 'FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Oireachtas na Gaeilge'