FÍSEÁN: Agallamh le ‘Miss Kerry’ Máiréad Breathnach ó Bhaile na nGall

Agallamh le Máiréad Breathnach a bheidh san iomaíocht sa chomórtas 'Miss Ireland'

Ba í Máiréad Breathnach as Baile na nGall i gCorca Dhuibhne a bhuaigh an comórtas Miss Kerry in óstán an Killarney Plaza Dé Luain seo caite. Rachaidh sí ar aghaidh go comórtas na hÉireann anois, áit a mbeidh deis aici a háit a bhaint amach sa chomórtas domhanda Miss World. Labhair Tuairisc.ie le Máiréad ag baile i nGaeltacht Chiarraí.

Miss Kerry grianghraf