Tá ciall leis an aidhm a mhol an tAire nua Sláinte nuair a ceapadh é. Teastaíonn fís deich mbliana, a dúirt Simon Harris, agus comhthuiscint fhadtéarmach leis an gcóras sláinte a chur ina cheart.
Thug an Dáil an chéad chéim i dtreo na haislinge seo Dé Céadaoin agus coiste nua sláinte le cur ar bun, mar a mhol Róisín Shortall i dtosach. An dá phríomhaidhm ar an gclár oibre:
1. Teacht ar chomhthuiscint idirpháirtí faoin gcineál seirbhís sláinte a ba chóir a bheith ar fáil sa tír i gceann deich mbliana
2. Teacht ar chomhthuiscint freisin faoi na beartais bhunúsacha a theastóidh san idirlinn, agus faoin gcaiteachas a bheidh riachtanach.
Beidh 14 Teachta Dála ar an gcoiste nua, agus gan ach ceathrar ó Fhine Gael ina measc. Mar is léir ó na figiúirí mar sin, ní dhéanfaidh an coiste dul chun cinn ar bith cheal comhthuisceana.
Má bhíonn rath ar a gcuid oibre, dréachtófar plean cinnte a chuirfear i bhfeidhm, is cuma cé a bheas i gcumhacht idir seo agus 2026. D’admhaigh Harris nach ndearnadh iarracht fiú amháin teacht ar chomhaontú faoi chur chuige dá leithéid.
Agus b’in críoch na haislinge. Anois, an fhírinne shuarach.
D’fhógair Fianna Fáil plean cuimsitheach sláinte in 2001, nuair a bhí Micheál Martin ina aire sláinte. Caitheadh i leataobh é cheal airgid ar an toirt beagnach.
Fógraíodh plean sláinte eile in 2011, nuair a gheall rialtas Enda Kenny go mbeadh cóir dhochtúra teaghlaigh ar fáil do chách saor in aisce in 2016, agus cóir leighis iomlán ar fáil go cothrom do chách in 2021.
Chuir an rialtas deireanach moill ar fheidhmiú na mbeartas ar feadh dhá bhliain sular caitheadh i leataobh iad.
Níl tagairt do cheachtar aidhm i gclár oibre an rialtais nua. Go deimhin, níl sa chuid is mó den chuid sin den cháipéis a bhaineann le cúrsaí sláinte ach aidhmeanna ginearálta, agus fíorbheagán spriocanna luaite maidir leis na fadhbanna is géire atá ag cur isteach ar an tseirbhís.
Mar shampla, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d’eisigh an HSE, tá 490,500 othar ag feitheamh le coinne nó le cóireáil ospidéil. Gealltar i gclár an rialtais go gcaithfear €50 milliún ar chiorrú na liostaí seo, agus €15 milliún ar chóireáil in ospidéil phríobháideacha san áireamh. Ach níl sprioc ama ná eile luaite.
Níl sprioc shoiléir ann ach oiread, mar shampla, maidir le tógáil ionaid nua práinne in Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh, in ainneoin admháil Enda Kenny dhá bhliain ó shin nach raibh cuma ná caoi oiriúnach air. Deir an cháipéis:
“A new ED for Galway Hospital is currently being designed with a view to funding for construction being provided as part of the 2017 Capital Plan Review.”
Tabhair faoi deara nach bhfuil geallúint ar bith san abairt thuas fiú amháin maidir leis an mbliain ina gcuirfear tús leis an obair i nGaillimh.
Ach féach, ná bímis ró-éadóchasach agus tús á chur le hiarracht eile leis an tseirbhís sláinte a leigheas nó ar a laghad í a chur ar bhóthar a leasa sa bhfadtéarma.
Ní léir fós an toil pholaitiúil a bheidh riachtanach chun íoc as an bhfeabhas a theastaíonn, ach tá an fhírinne soiléir: i bhfianaise gach teip do dtí seo, teastaíonn cur chuige nua.
Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille
Daniel Carry
Sé an fadhb is mó ná na comhleais leighis agus na ceardchumann cosúil leis an IMO agus INMO. Ba cheart go mbeadh seribhís sláinte againn atá saor in iomlán mar atá sé sa Tuaisceart leis an NHS.
Ach, faraor, más rud é go mbíonn na dochtúirí compóirdeach le €50 a fháil do gach chuairt ón cuid is mó den othair, níl aon fáth acu a bheith toilteanach seirbhís saoir in aisce a cur i bhfáil!
I Sasana, bíonn píonós curtha ar ospidéail má bhíonn othair ag fanacht níos mó na 4 UAIR in A&E! 4 UAIR! Agus bíonn daoine ag gearán fiú más rud é go bhfuil sí ag fanacht an am sin. Bíonn cuid is mó den ospidéal in ann coimeád feitheamh i seirbhísí práinne níos lú na 4 uaire. Cuirtear an NHS níos mó acmhainní isteach ar cúraim príomhúil – potigéir, altraí phobal etc. caithfimid an rud céanna a dhéanamh anseo, ach ar ndóigh, ní dhéannan na dhaoine sin aon iarracht a bheith cabhrach ar phraghas beag!