Fir na gCéad Cluiche – Rory Best i measc na laochra is fearr agus an céad slánaithe aige

Imreoidh Rory Best d’Éirinn don 100ú huair anocht in aghaidh na hAstráile, rud nach bhfuil déanta ach ag scoth na n-imreoirí Éireannacha roimhe seo

Fir na gCéad Cluiche – Rory Best i measc na laochra is fearr agus an céad slánaithe aige

Tá éacht ar leith déanta ag Rory Best agus é ag imirt tráthnóna d’fhoireann rugbaí na hÉireann don chéadú huair. Is gaisce é sin nach ndearna ach thart ar dhaichead imreoir idirnáisiúnta riamh agus nach ndearna ach ceathrar Éireannach roimhe.

Ní gá ach féachaint ar liosta na nÉireannach eile a rinne amhlaidh – John Hayes, Brian O’Driscoll, Ronan O’Gara agus Paul O’Connell – chun tuiscint a fháil ar éacht Best.

Bhí fear Uladh ina chaptaen ar an gcéad fhoireann ón tír seo a fuair an ceann is fearr ar an Nua-Shéalainn agus is i gcoinne na All Blacks a chaith Best geansaí na hÉireann den chéad uair, i mí na Samhna 2005.

Bhí air foighne a bheith aige nuair a thosaigh sé ag imirt d’Éirinn ar dtús agus é san iomaíocht le Jerry Flannery do gheansaí an húcála, ach tá áit bhuan bainte amach aige ar an bhfoireann le roinnt blianta anuas.

Níor chaill sé in aon chluiche a d’imir sé i gCraobh na Sé Náisiún le sé bliana anuas agus roghnaíodh é mar chaptaen ar Éirinn tar éis do Paul O’Connell éirí as i ndiaidh Chorn an Domhain 2015.

Fir na gCéad Cluiche:

John Hayes roimh an chluiche in aghaidh Shasana. INPHO/Dan Sheridan
John Hayes roimh an chluiche in aghaidh Shasana. INPHO/Dan Sheridan

John Hayes – Sasana 16-20 Éire – 27 Feabhra, 2010

Chuir Éire tús den scoth leis an gcluiche seo agus úd á aimsiú ag Tommy Bowe taobh istigh den chéad cheithre nóiméad. Fuair Keith Earls ceann eile ag tús an dara leath agus cé gur tháinig na Sasanaigh ar ais, ba é Bowe a rinne an beart arís nuair a fuair sé scór an bhua agus gan ach sé nóiméad fágtha i Twickenham.

Brian O'Driscoll ag imirt in aghaidh na Breataine Bige i 2010. INPHO/Billy Stickland
Brian O’Driscoll ag imirt in aghaidh na Breataine Bige i 2010. INPHO/Billy Stickland

Brian O’Driscoll – Éire 27-12 An Bhreatain Bheag – 13 Márta, 2010

Sa chéad chluiche tar éis don ‘Bull’ Hayes an céad a bhaint amach, d’éirigh le Brian O’Driscoll an t-éacht céanna a dhéanamh. Bhí Éire 16-6 chun cinn ag leath ama a bhuíochas d’úd Keith Earls, scór a chruthaigh O’Driscoll agus Tomás O’Leary, agus mhéadaigh siad an bhearna sin sa dara leath nuair a fuair Earls úd eile.

Ronan O'Gara ag tabhairt faoi na postaí i 2010. INPHO/Dan Sheridan
Ronan O’Gara ag tabhairt faoi na postaí i 2010. INPHO/Dan Sheridan

Ronan O’Gara – Éire 21-23 An Afraic Theas – 8 Samhain, 2010

Is i measc na n-ionadaithe a thosaigh O’Gara an cluiche seo agus níor tugadh isteach san imirt é go dtí go raibh Éire 14 pointe chun deiridh agus gan fágtha ach ceathrú huaire. Bhí tionchar O’Gara soiléir láithreach nuair a chruthaigh sé úd Tommy Bowe le cic trasna na páirce. Bhí an deis ag O’Gara laoch a dhéanamh de féin nuair a scóráil Rob Kearney úd eile ach bhuail cic O’Gara an cuaille.

Paul O'Connell ag éalú ó Luke Charteris is 2015. INPHO/Dan Sheridan
Paul O’Connell ag éalú ó Luke Charteris is 2015. INPHO/Dan Sheridan

Paul O’Connell – An Bhreatain Bheag 23-16 Éire – 14 Márta, 2015

Níorbh é an chéad uair ag O’Connell a bheith ar an imreoir is fearr ar an bpáirc, ach faraor ní raibh a chuid comhghleacaithe inchurtha leis agus chlis orthu in aghaidh na Breataine Bige. D’fhág ciceanna éirice Leigh Halfpenny An Bhreatain Bheag 15-9 chun cinn ag leath ama agus cé gur bronnadh úd pionóis ar Éirinn sa dara leath, bhí ceann aimsithe cheana féin ag Scott Williams do na Breatnaigh agus bhí leo as sin go deireadh.

Fág freagra ar 'Fir na gCéad Cluiche – Rory Best i measc na laochra is fearr agus an céad slánaithe aige'