Faobhar á chur ag na Leoin ar an ngoile i mBaile Átha Cliath 

I Staid Aviva i mBaile Átha Cliath anocht, i gcluiche stairiúil, beidh deis ag lucht leanúna rugbaí na tíre seo na Leoin a fheiceáil agus i gcoinne na hAirgintíne 

Faobhar á chur ag na Leoin ar an ngoile i mBaile Átha Cliath 

Fin Smith. Pictiúr: ©INPHO/Dan Sheridan

Cé gur chuir bua cuimsitheach Chúige Laighean ar na Bulls ón Afraic Theas i gcluiche ceannais an URC deireadh le gnáthshéasúr an rugbaí, níl mórán scíthe ag na himreoirí atá ar phainéal idirnáisiúnta na hÉireann ná ar phainéal Leoin na Breataine agus na hÉireann ach oiread. 

Beidh na himreoirí idirnáisiúnta nár roghnaíodh do phainéal na Leon ag tabhairt aghaidh ar dhá chluiche thábhachtacha, ceann i gcoinne na Rómáine ar an 5 Iúil, agus an dara ceann i gcoinne na Portaingéile ar an 12 Iúil.  

I gcás na Leon féin, tabharfaidh an seisear déag atá roghnaithe don phainéal camchuairt trí mhórchluiche idirnáisiúnta ar an Astráil, ag tosú le cluiche cleachtaidh i gcoinne an Western Force ar an 28 Meitheamh. 

Roimh a dturas ó dheas, agus den chéad uair i stair 137 bliain na Leon, imreoidh siad cluiche rugbaí sa tír seo. 

Chuile cheithre bliana tugann na himreoirí is fearr as Éirinn, as Sasana, as Albain agus as an mBreatain Bheag, faoi bhratach Leoin na Breataine agus na hÉireann, cuairt dhá nó trí mhórchluiche idirnáisiúnta ar thrí thír sa limistéar theas, An Nua-Shéalainn, An Afraic Theas nó mar atá ag tarlú an samhradh seo, ar an Astráil. Roimh an dara cogadh domhanda bhíodh sé de nós acu turas a thabhairt ar an Airgintín freisin. 

Le blianta beaga anuas, tá sé de nós ag na Leoin cluiche réamhthurais a imirt sa limistéar seo. In 2005, d’imir siad i gcoinne na hAirgintíne i gCaerdydd roimh dul chuig an Nua-Shéalainn. In 2021, d’imir siad i gcoinne na Seapáine i nDún Éideann sular thug siad a n-aghaidh ar an Afraic Theas. 

I Staid Aviva i mBaile Átha Cliath anocht, i gcluiche stairiúil, beidh deis ag lucht leanúna rugbaí na tíre seo na Leoin a fheiceáil agus iad i gcoinne fhoireann idirnáisiúnta rugbaí na hAirgintíne. Tá moladh tuillte ag TG4 gur éirigh leo na cearta craolacháin don tír seo a fháil. 

Is fiú a mheabhrú go bhfuil nasc láidir ag an tír seo leis na Leoin. In 1888, bhí Éireannach, Arthur Paul, ar an phainéal beirt imreoirí is fiche a thaistil ar an gcéad turas Leon chuig an Nua-Shéalainn agus an Astráil. Dála an scéil, chaith na Leoin sin 249 lá as baile, 46 acu ar farraige agus d’imir siad 62 cluiche sa dá thír! 

Is ag méadú agus ag treisiú atá cáil na Leon ó shin i leith.  

Tá cúpla curiarracht ag na hÉireannaigh a d’imir leis na Leoin. Seacht gcluiche dhéag a d’imir Willie John McBride. Níor sháraigh aon imreoir an líon sin cluichí ó shin. D’éirigh le Tony O’Reilly an líon is mó úd a aimsiú i mórchluichí na Leon, thar aon imreoir eile, sé cinn ar fad. Maidir leis an líon is mó pointí atá aimsithe ag aon imreoir i mórchluiche Leon, tá Tony Ward cothrom le beirt eile ar ocht bpointe dhéag. Roghnaíodh Mike Gibson faoi chúig do thurais na Leon. 

Cé nach curiarracht í, is fiú a lua go raibh deichniúr imreoirí ón tír seo mar chaptaein ar na Leoin. Go deimhin, murach gortuithe, bhí an-seans ann gurb é Caelan Doris a bheadh ina chaptaen ar na Leoin an babhta seo. 

Ní bréag a rá go bhfuil dúshlán ollmhór roimh Andy Farrell agus a phainéal imreoirí. Seo í an deichiú camchuairt Leon chun na hAstráile. Bhí an lámh in uachtar acu seacht mbabhta agus chaill siad faoi dhó. De bhrí go bhfuil an Astráil ag tógáil foireann nua faoi stiúir Joe Schmidt faoi láthair, tá na geallghlacadóirí ag tuar bua do na Leoin. D’aontóinn leo. Cuireann seo brú ar Farrell. Má theipeann ar na Leoin cuirfear milleán air de bharr an líon imreoirí ón tír seo a roghnaigh sé don phainéal. Feicfidh muid linn.  

Is cuma ar bhealach cé aige a bheas an lámh in uachtar anocht. Is tástáil ar imreoirí a bheas againn agus iad ar thóir áit dóibh féin i measc an triúr fichead a bheas ag dul chun páirce don chéad mhórchluiche i gcoinne na Wallabies ar an 19 Iúil. 

Tá an t-ádh ort má tá ticéad agat! Is fiú breathnú ar TG4 mura bhfuil, sa gcaoi go mbeidh sé le rá agat go deo go bhfaca tú na Leoin agus iad ag imirt in Éirinn den chéad uair ariamh. 

Fág freagra ar 'Faobhar á chur ag na Leoin ar an ngoile i mBaile Átha Cliath '