Fiosrú á lorg faoi líomhaintí maidir le bulaíocht, stácáil agus botúin aistriúcháin i Rannóg an Aistriúcháin

Tá líomhaintí éagsúla déanta ag baill foirne i Rannóg an Aistriúcháin i gcoinne baill foirne eile sa rannóg i dTithe an Oireachtais

Fiosrú á lorg faoi líomhaintí maidir le bulaíocht, stácáil agus botúin aistriúcháin i Rannóg an Aistriúcháin

Tá iarrtha ag lucht ceardchumainn ar Thithe an Oireachtais go mbunófaí fiosrúchán neamhspleách chun déileáil le líomhaintí maidir le bulaíocht, ciapadh, stácáil, botúin aistriúcháin agus ceilt eolais i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais.

Tuairiscítear ar an Irish Times inniu go bhfuil gearáin éagsúla déanta ag baill foirne i Rannóg an Aistriúcháin i gcoinne baill foirne eile sa rannóg.

Tuairiscítear chomh maith gur cuireadh líomhaintí mar gheall ar an Rannóg Aistriúcháin faoi bhráid Chléireach na Dála anuraidh.

Maítear gur deineadh na líomhaintí sin faoi scáth na reachtaíochta nochtuithe cosanta a tugadh isteach mar chosaint do sceithirí agus gur bhain siad le cultúr rúndachta, easpa freagrachta agus arduithe céime éagóracha.

Idir an dá linn, tuairiscítear inniu gur iarr 11 den 21 duine atá ag obair sa rannóg go n-aistreofaí iad agus go bhfuil beirt atá ag obair ann ar shaoire bhreoiteachta fhadtéarmach.

De réir cáipéisí a fuair an Irish Times faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise líomhnaítear chomh maith go mbíonn botúin i gcuid den reachtaíocht a bhíonn á haistriú ó Bhéarla go Gaeilge sa Rannóg.

De réir na gcáipéisí maíodh go raibh tuairim is 100 botún sa leagan Gaeilge de phíosa reachtaíochta amháin.

Léiríonn comhfhreagras eile a cuireadh ar fáil faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise gur mhaígh ball foirne amháin sa rannóg go raibh daoine os a chionn ag ceilt eolais air a bhain le cúrsaí oibre agus gur úsáideadh teanga a bhí bagrach nuair a iarradh an t-eolas sin.

De réir an chomhfhreagrais, líomhnaítear gur bagraíodh gníomh smachtaithe ar an mball foirne as a bheith ag lorg eolais ó bhaill foirne os a chionn.

I ríomhphost eile, a seoladh ar an 26 Iúil anuraidh, líomhain ball foirne go raibh stácáil á déanamh ag baill foirne eile air agus go raibh monatóireacht á déanamh ar a ghlaonna gutháin.

Tá Rannóg an Aistriúcháin freagrach as aistriúchán ar Achtanna an Oireachtais a sholáthar agus as ábhar a aistriú le haghaidh Riar na hOibre sa Dáil agus sa Seanad. I measc na gcúraimí eile atá uirthi tá freagracht as An Caighdeán Oifigiúil 2016.

Fág freagra ar 'Fiosrú á lorg faoi líomhaintí maidir le bulaíocht, stácáil agus botúin aistriúcháin i Rannóg an Aistriúcháin'

  • Una Ni C

    Bíonn dhá leagan ar gach scéal