Fiontraithe óga Gaeltachta ag dul san iomaíocht i gcomórtas gnó

Glacfaidh fiontraithe ó ocht scoil Ghaeltachta páirt i mbabhta ceannais na bliana seo de Chlár na gComhlachtaí

Fiontraithe óga Gaeltachta ag dul san iomaíocht i gcomórtas gnó

Cluiche cláir Gaeilge, scairdscí leictreach agus portráidí lámhdhéanta ar aip.
Sin cuid de na tograí a chuirfidh fiontraithe óga na Gaeltachta i láthair na moltóirí an tseachtain seo agus iad san iomaíocht lena chéile i gcomórtas gnó.

Reáchtálann Údarás na Gaeltachta ‘Clár na gComhlachtaí’ do dhaltaí idirbhliana gach bliain agus tá babhta ceannais 2020 ar siúl amárach, Déardaoin, an 7 Meitheamh.

De bharr na srianta a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas, is ar an ardán Zoom a reáchtálfar na hagallaimh.

Glacfaidh fiontraithe ó ocht scoil Ghaeltachta páirt i mbabhta ceannais na bliana seo tar éis dóibh teacht tríd na comórtais réigiúnacha.

Daltaí ó Choláiste Ghobnait, Inis Oírr agus ó Choláiste na Coiribe a tháinig tríd ón mbabhta cáilithe i nGaillimh. San iomaíocht leo beidh foirne as Dún na nGall – as Gairmscoil Chú Uladh agus Gairmscoil Mhic Dhiarmada, Árainn Mhór.

Coláiste Bhreandáin Naofa, Béal an Mhuirthead agus Coláiste Pobail Acla na scoileanna as Maigh Eo a cháiligh don bhabhta ceannais agus déanfaidh Coláiste Ghobnatan agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne ionadaíocht ar Chúige Mumhan.

Tá sé mar aidhm ag Clár na gComhlachtaí taithí phraiticiúil sa ghnó a thabhairt do dhaltaí Gaeltactha trí dheis a thabhairt dóibh a ngnó féin a fhorbairt agus a bhainistiú.
Cuireann lucht gnó áitiúil comhairle ar fáil go deonach do na daltaí agus iad ag iarraidh a gcuid tograí a fhorbairt ón mbunsmaoineamh go dtí an margadh.

Bhuaigh Sábháil Ár nAigéan, comhlacht as Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe an Chraobh Náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí in 2019.

Féidhlim Ó Cualáin agus Stephen Ó Conghaile a bhunaigh Sábháil Ár nAigéan. Chruthaigh siad siopa gnó miondíola ar líne ag díol réimse táirgí a bhain le téama na farraige.

Na Foirne

Coláiste Ghobnatan, Béal Átha an Ghaorthaidh (Corcaigh)
Foireann: Eimear Ní Luasa, Sarah Kate Sweeney, Méabh Ní Chonaill, Lucy De hÍde agus Avril Ní Chriodáin.
Togra: Coinnle do Chromghlinn – Spreagadh na daltaí chun Coinnle do Chromghlinn, coinnle leighis nuálacha, a chruthú nuair a chuaigh dalta ón scoil faoi obráid in Ospidéal Chromghlinne.

Coláiste Ghobnait, Inis Oírr (Gaillimh)
Foireann: Ruairí Dack, Ruth Sampson, Aoibhínn Ní Chonghaile agus Patrick Ó Domhnaill.
Togra: Focal eile – Aip nuálach inar féidir an cluiche ‘Crochadóir’ a imirt ar d’fhón póca trí Ghaeilge.

Gairmscoil Mhic Dhiarmada, Árainn Mhór (Dún na nGall)
Foireann: Conor Houston, Michael Bonner, Daire Conlon, Paddy Joe Boyle agus Cormac Proctor.
Togra: Eir Adhmad – Déanann Eir Adhmad bosca litreacha adhmaid lámhdhéanta ar a bhfuil Éirchód greanta air. Le linn an chur i láthair sa bhabhta cáilithe léirigh na daltaí an tábhacht a bhaineann le teacht sciobtha ar Éirchód sa chás go mbeadh éigeandáil leighis i gceantar tuaithe

Coláiste Bhreandáin Naofa, Béal an Mhuirthead (Maigh Eo)
Foireann: Ailish Lally, Ellie Kilker agus Ella Doherty.
Togra: An Glantóir Cliste – Táirge nuálach a ghlanann do chuid bróga peile, buataisí báistí agus bróga salacha.

Pobalscoil Chorca Dhuibhne (Ciarraí)
Foireann: Liam Ó hÓgáin, Finn Daibhéis agus Patrick Saunders.
Togra: Rí na bhFocal – Is Cluiche Cláir Gaeilge idirghníomhach atá i Rí na bhFocal ar féidir le hidir 2-6 imreoir, idir ghasúir agus daoine fásta, é a imirt.

Coláiste na Coiribe (Gaillimh)
Foireann: Miriam Nic an Úcaire, Rachel Ní Earchaí agus Éabha Ní Chonghaile.
Togra: Photraits – Is seirbhís an-speisialta Photraits mar ar féidir le custaiméir grianghraif a sheoladh ar rphost nó ar na meáin shóisialta. Tarraingeofar portráid lámhdhéanta bunaithe ar do phictiúr agus seolfar ar ais chugat é.

Gairmscoil Chú Uladh (Dún na nGall)
Foireann: Niall Ó Dochartaigh, Luke Mag Fhlionn, Caoimhín Ó Gallachóir, Ciara Ní Mhúighe, Sorcha Ní Mhurchú, Jamie Ó Domhnaill agus Maitiú Wooton.
Togra: ‘Páistí go 1k’. Is leabhrán daite, lán le heolas é ‘Páistí go 1km’ do leanaí chun cabhrú leo plean seacht lá a leanacht le ciliméadar a rith. Is é aidhm an leabhráin ná cúnamh a thabhairt do leanaí ó thaobh aclaíochta agus meabhairshláinte.

Coláiste Pobail Acla (Maigh Eo)
Foireann: Thomas McNamara, Declan Foley agus Lucy Cafferkey.
Togra: ‘Farraige Ghlas’ – An aidhm a bhí ag ‘Farraige Ghlas’ ná bealach le tabhairt faoin spórt uisce ar ardluas ar bhealach nach ndéanfaidh dochar don timpeallacht. Tá sé i gceist acu mótar leictreach a chur i scairdscí breosla le nach ndéanfaidh sé dochar don timpeallacht.

Fág freagra ar 'Fiontraithe óga Gaeltachta ag dul san iomaíocht i gcomórtas gnó'