Gníomhaíocht 1 – Ag Tuar:
- Deochadh an Dorais an teideal atá ar an dán seo.
- Tá an teideal cosúil leis an nath cainte “deoch an dorais.” Cén bhrí a bhaineann tú as an nath sin?
- Déan an focal “deochadh” a chuardach ar teanglann.ie.
- Cén imeartas focal atá ar siúl i dteideal an dáin meas tú? Déan do chuid smaointe a roinnt le do pháirtí.
Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:
Gníomhaíocht 3 – Éisteacht
- Éist leis an taifeadadh den dán.
- Éist leis an gcéad chúig líne arís. Déan cúpla focal/frása a scríobh.
- Téigh obair le do pháirtí agus déan iarracht an chúig líne sin a scríobh ina n-iomláine.
Gníomhaíocht 4 – Léitheoireacht:
- Anois téigh chuid do théacsleabhar agus faigh an leagan scríofa don dán.
- Déan an dán a léamh tú féin, ansin déan é léamh os ard do do pháirtí.
- Éist leis ag aithris an dáin.
- Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
- Úsáid teanglann.ie (nó foclóir crua) le focail/frásaí nach dtuigeann sibh a chuardach.
Gníomhaíocht 5 – Deis Aithrise:
- Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
- Déantú féin a thaifeadadh ag léamh an dáin. Déan beagán aisteoireachta leis na mothúcháin/téamaí a chur in iúl.
- Éist siar leis.
- Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
Gníomhaíocht 6 – Cur in Ord
- Thíos tá achoimre/míniú gearr ar an dán.
- Ag obair le do pháirtí, agus gan féachaint ar an dán, déan iarracht é a chur san ord ceart.
-
- agus mise
- An oíche gur tháinig an chéad stoirm
- Bhí tú le himeacht
- scuabadh as an áit
- siar ó thuaidh
- go dtí go dtiocfaidh siad ar ais
- leis na fáinleoga
- stán mé
- ar do shúile gorma
- ach nuair a tháinig gusta géar
- fuaireas blas an tsamhraidh
- ar do bheola
- gach gealltanas
- soir ó dheas.
- Agus sinn seasta ar an droichead
- blas faobhraithe
- cosúil leis an ngaoth.
Gníomhaíocht 6 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta
- Céard é téama/scéal an dáin seo se, dar leat? Cuir cúiseanna le do fhreagra?
- Tá an dán seo lán le híomhánna. Déan cur síos i d’fhocail féin ar an íomhá sa chéad véarsa?
- Meas tú céard is brí leis an línte thíos
“d’ólas an braon ba mhilse
de ghorm do shúl” - Cén fáth a raibh an bheirt ag scarúint?
- Cén sórt caidrimh a bhí idir an bheirt roimh an dán seo meas tú?
- Céard a tharla ina dhiaidh seo meas tú?
- Téigh chuig teanglann.ie agus déan staidéar, agus scríobh trí nóta, ar dhá cheann de na focail seo a leanas:
Thuaidh, Theas, Siar, Soir
Gníomhaíocht 8 – Nascanna ábhartha eile
- Seo naisc chuig an ngearrscannán Céad Grá. An féidir leat aon chomparáidí a rianú idir an dán agus an gearrscannán?
- Seo nasc chuig amhrán grá Gaeilge.
- Seo nasc chuig mír físe faoi thaisí Naomh Vailintín atá ar taispeáint i mBaile Átha Cliath.
- Seo nasc chuig Cath – Scéal Grá in Aimsir Chogaidh, úrscéal d’fhoghlaimeoirí le Pól Ó Muirí á léamh ag Dara Ó Cinnéide.
- Seo nasc thíos tá an t-amhrán An Cailin Álainn a chanadh ag Sibéal Ní Chasaide.
- Ag obair le do pháirtí déan iarracht liricí a scríobh amach. Tá siad le fáil ag an nasc seo.
Gníomhaíocht 9 – Téigh i mBun Pinn – PUNANN
- Cúpla seachtain i ndiaidh eachtraí an dán seo seolann an bhean teachtaireacht téacs chuig an bhfear. Ag obair le do pháirtí déan an tsraith teachtaireachtaí a scríobh. Má tá gléas cuí agaibh d’fhéadfaí úsáid a bhaint as an aip Texting Story.
- Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie agus do Punann.
- Déan an comhrá a aithris os ard don rang nó do bheirt eile.
- Cuir ceisteanna ar dhaoine eile faoi na comhráití atá scríofa acu.
- Bí cinnte an saothar a chur sa Phunann Teanga.
Gníomhaíocht 10 – Cúpla Ceist Agam Ort!
D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo.
Fág freagra ar 'FILÍOCHT: Deochadh an Dorais le Ailbhe Ní Ghearbhuigh'