FILÍOCHT: Stadeolaíocht le Marcus Mac Conghail

Gníomhaíochtaí bunaithe ar fhilíocht na Sraithe Sóisearaí

FILÍOCHT: Stadeolaíocht le Marcus Mac Conghail

Gníomhaíocht 1 – Fíor nó Bréagach:

Pléigh na ráitis thíos le do pháirtí agus abair an bhfuil siad fíor nó bréagach.

  1. Tháinig an chéad iFón amach sa bhliain 1980
  2. Is féidir scannán a fheiceáil ar Walkman
  3. Úsáideann níos mó ná 5 billiún duine an t-idirlíon gach lá.
  4. Is é an t-arm a d’úsáid an t-idirlíon ar dtús sna 1960aidí

Gníomhaíocht 2 – Suirbhé sa Rang:

  • Tarraing greille i chóipleabhar (nó ar chlár bán beag)cosúil leis an gceann sa phictiúr thíos.
  • Ansin téigh chun cainte le triúr sa rang agus faigh freagraí uathu.

Gníomhaíocht 3 – Éisteacht:

  • Éist leis an taifeadadh den dán.
  • Éist leis an gcéad chúig líne arís. Déan cúpla focal/frása a scríobh.
  • Téigh obair le do pháirtí agus déan iarracht an chúig líne sin a scríobh ina n-iomláine.

Gníomhaíocht 4 – Léitheoireacht:

  • Anois téigh chuid do théacsleabhar agus faigh an leagan scríofa don dán.
  • Déan an dán a léamh tú féin, ansin déan é léamh os ard do do pháirtí.
  • Éist leis/léi ag aithris an dáin.

  • Úsáid teanglann.ie (nó foclóir crua) le focail/frásaí nach dtuigeann sibh a chuardach.

Gníomhaíocht 5 – Deis Aithrise:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh an dáin. Déan beagán aisteoireachta leis na mothúcháin/téamaí a chur in iúl.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 6 – Cur in Ord

  • Thíos tá achoimre/míniú gearr ar an dán.
  • Ag obair le do pháirtí, agus gan féachaint ar an dán, déan iarracht é a chur san ord ceart.
    1. Ach níor oibrigh sé sin mar a cheap an file.
    2. D’fhéach sé/sí ar an bhfón le hamchlár an bhus a fháil.
    3. Feiceann sé an tiománaí bus ag breathnú air
    4. fad is atá an bus ag dul thar bráid.
    5. Bhí an duine seo ina sheasamh ag stad an bhus.
    6. Bhí sé mífhoighneach mar nach raibh an bus ag teacht.

Gníomhaíocht 7 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Céard é téama an dáin seo, meas tú?
  2. Cén tábhacht a bhaineann leis an bhfón póca i saol an duine óig seo?
  3. An raibh tú in ann ionannú a dhéanamh leis an duine sa dán seo? Cén fáth?
  4. An gcuirfeá an locht ar thiománaí an bhus?
  5. Cén tábhacht a bhaineann leis an téarma ‘fíor-ama’ sa dán seo?
  6. Tá rithim le sonrú sa chéad abairt den dán, déan iarracht abairtí eile a chumadh ag úsáid rithime nó uama?

Gníomhaíocht 8 – Téigh i mBun Pinn – PUNANN

  • Is tusa an duine a bhí ag fanacht ar an mbus. Bhí cara leat ar an mbus, scríobh na teachtaireachtaí téacs bheadh eadraibh faoin eachtra.
  • Is féidir úsáid a bhaint as an aip Texting Story más mian libh.
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar teanglann.ie agus www.focloir.ie
  • Téigh ag obair le do pháirtí agus déan na teachtaireachtaí a léamh amach os ard.
  • Cuir ceisteanna orthu faoin méid a scríobh siad.
  • Bí cinnte an saothar a chur sa Phunann Teanga.

Gníomhaíocht 9 – Nascanna ábhartha eile

  • Sa chéad ghníomhaíocht eile beidh díospóireacht á scríobh agat. Seo nasc chuig gníomhaíochtaí chun alt/díospóireacht a scríobh faoin dteicneolaíocht
  • Tá alt faoin teicneolaíocht le fáil anseo. Déan é a léamh.
  • Seo mír faoin teicneolaíocht ar scoil
  • An teicneolaíocht agus bulaíocht: Éist leis an duine óig seo ag caint faoi bhulaíocht ar líne.
  • Déan an t-ábhar a phlé le do pháirtí. A bhfuil a fhios agaibh cén chaoi le fanacht sábhailte ar líne.Tá eolas le fáil ag an suíomh seo.

Gníomhaíocht 10 – Téigh i mBunn Pinn agus i mBun Díospóireachta – PUNANN

  • Roinnfidh an múinteoir sibh i bhfoirne de bheirteanna. Beidh cuid agaibh ag caint faoi bhuntáistí na teicneolaíochta agus beidh an chuid eile ag caint faoi mhíbhuntáistí na teicneolaíochta.
  • Déan an díospóireacht a scríobh. Úsáid an t-ábhar a bhí sa ghníomhaíocht roimhe seo.
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar teanglann.ie agus www.focloir.ie
  • Nuair a thugann an múinteoir aiseolas duit ar an gcéad dréacht, déan an dara dréacht a scríobh.
  • Bain úsáid as abair.ie le héisteacht leis an saothar á léamh amach sna canúintí éagsúla.
  • Is féidir féachaint ar an díospóireacht seo chun an leagan amach a fheiceáil.
  • Ansin beidh díospóireacht agaibh sa rang.
  • I ndeireadh thiar, bí cinnte an saothar a chur sa Phunann Teanga.

Gníomhaíocht 11 – Taighde ar Líne

  • Úsáid amchlár le Bus Éireann le hiniúchadh a dhéanamh ar thuras i do cheantar féin.
  • Cuir Gaeilge ar na háiteanna a stopann an bus. Bain úsáid as logainm.ie chun teacht ar an leagan Ghaeilge do na bailte/sráidbhailte sin.
  • Ansin scríobh cuntas ar aistear an bhus:
    • An t-am a fhágann an bus
    • Na bailte/sráidbháilte a ngabhann sé tríd
    • Cén am a shroichfidh sé ceann scríbe.
    • Cén fáth, dar leat, a dtabharfadh daoine faoin turas seo
  • Nascanna:

Gníomhaíocht 12 – Cúpla Ceist Agam Ort!

Fág freagra ar 'FILÍOCHT: Stadeolaíocht le Marcus Mac Conghail'