FILÍOCHT: Sámhchodladh le Colm Breathnach

Gníomhaíochtaí bunaithe ar fhilíocht na Sraithe Sóisearaí

FILÍOCHT: Sámhchodladh le Colm Breathnach

Gníomhaíocht 1 – Ag Tuar:

  • Sámhchodladh an teideal atá ar an dán seo. Tá an focal “codladh” ar eolas agat. Céard faoin bhfocal “sámh”? Déan é a chuardach ar teanglann.ie. Comhfhocal é “Sámhchodladh.” Céard is brí leis?
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht ábhar an dáin a thuar. Nodanna: Bás, aithrí, athair, mac.

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Éisteacht

  • Éist leis an taifeadadh den dán.
  • Éist leis an gcéad chúig líne arís agus déan cúpla focal/frása a scríobh.
  • Téigh obair le do pháirtí agus déan iarracht an chúig líne sin a scríobh ina n-iomláine.

Gníomhaíocht 4 – Léitheoireacht:

  • Anois téigh chuid do théacsleabhar agus faigh an leagan scríofa don dán.
  • Déan an dán a léamh tú féin, ansin déan é léamh os ard do do pháirtí.
  • Éist leis ag aithris an dáin.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

  • Úsáid teanglann.ie (nó foclóir crua) le focail/frásaí nach dtuigeann sibh a chuardach.

Gníomhaíocht 5 – Deis Aithrise:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh an dáin. Déan beagán aisteoireachta leis na mothúcháin/téamaí a chur in iúl.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 6 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Céard é téama an dáin seo, meas tú?
  2. Cén fheidhm atá ag na pitseámaí, meas tú?
  3. Cén fáth a bhfuil comhartha ceiste sa teideal, meas tú?
  4. Cad é ról an pháiste sa dán seo, meas tú?
  5. Céard í an íomhá is fearr leat sa dán? Cén fáth?
  6. Déan cúpla líne de chúlra a chumadh faoi dhuine de na carachtair a bhí ar an mbus.
  7. Téigh cuig teanglann.ie agus foclóir.ie agus déan iarracht teacht ar leaganacha Gaeilge de na focail Bhéarla atá sa dán.

Gníomhaíocht 7 – Nascanna ábhartha eile

  • Féach ar an ngearrscannán Rúbaí ar TG4. Déan iniúchadh ar an ngearrscannán. Conas a léiríonn an t-udar téama an bháis sa gearrscannán seo? An bhfuil aon chosúlaíochtaí le feiscint idir an dán Sámhcholadh agus an gearrscannán?
  • Scríobh an file Colm Breathnach an dán seo i gcuimhne a athar.
    Déan píosa taighde ar ócáidí/gníomhaíochtaí a dhéanann daoine atá básaithe a chomóradh. Cén fáth a ndéantar comóradh ar an duine seo? Cad iad na scéalta a bhaineann leo? Tá sampla le fáil thíos.
    Nasc 1
    Nasc 2

Gníomhaíocht 8 – Taighde sa Phobal

  • Cuir ceist sa mbaile nó sa bpobal faoi dhuine éigin mór le rá sa phobal atá básaithe.
  • Déan an cuntas sin a thaifeadh. Beidh tú in ann é a chur os comhair an ranga ansin.

Gníomhaíocht 9 – Téigh i mBun Pinn – PUNANN

  • Léiríonn an file aiféala sa dán. Scríobh cuntas dialainne ar eachtra nó am faoi leith ina raibh aiféala ort. Conas ar bhraith tú? Cén fáth?
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nuair a thugann an múinteoir aiseolas duit ar an gcéad dréacht, déan an dara dréacht a scríobh.
  • Bain úsáid as abair.ie le héisteacht leis an saothar á léamh amach sna canúintí éagsúla.
  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé. Déan do chuntas a thaifead.
  • Léigh agus éist le saothair dhaoine eile sa rang.
  • Cuir ceisteanna orthu faoin méid a scríobh siad.
  • Bí cinnte an saothar a chur sa Phunann Teanga.

Gníomhaíocht 10 – Cúpla Ceist Agam Ort!

D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo.

Fág freagra ar 'FILÍOCHT: Sámhchodladh le Colm Breathnach'