LÉAMHTHUISCINT: Rí Thoraí, Patsaí Dan Mac Ruaidhrí…

Léamhthuiscint 09 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Rí Thoraí, Patsaí Dan Mac Ruaidhrí…
  1. Bhásaigh Rí Thoraí, Patsaí Dan Mac Ruaidhrí, i mí Dheireadh Fómhair. Bhí sé 74 bliain d’aois. Bhí Rí Thoraí ar dhuine de mhórphearsana shaol na Gaeltachta agus na Gaeilge agus bhí aithne i bhfad agus i ngearr air mar ealaíontóir, mar cheoltóir, mar fheachtasóir agus mar ambasadóir don oileán Gaeltachta amach ó chósta Dhún nan Gall.
  2. Rugadh i mBaile Átha Cliath é i 1944 agus bhog sé go dtí an t-oileán nuair a d’uchtaigh teaghlach as Toraigh é agus é ceithre bliana d’aois. Bhí sé ina rí ar Thoraigh ó fuair sé an gradam sin sna 1990í agus is beag duine a thug cuairt ar an oileán ó shin nach raibh scéal acu faoin bhfáilte fhial a chuir an Rí rompu. B’fhear Gaeltachta go smior é a raibh a chroí agus a anam i dteanga, i gcultúr agus in oidhreacht Thoraí.
  3. Chuir sé féin go mór leis an gcultúr sin mar dhuine d’ealaíontóirí ‘scoil phéintéireachta Thoraí’, an grúpa as an oileán a raibh an t-ealaíontóir mór le rá Derek Hill ina phátrún orthu. Thug sé le fios i gclár faisnéise raidió a craoladh ar RTÉ le gairid go raibh comhfhreagras ar bun idir é féin agus Prionsa Charles na Breataine faoi chúrsaí ealaíne. Dúradh ar an gclár gur thug an Prionsa, a raibh Derek Hill mar mhúinteoir ealaíne aige chomh maith, le fios don Rí gurbh é mian a chroí cuairt a thabhairt ar oileán Thoraí.
  4. Fear gnímh ab ea é freisin a ghlac páirt i mórán feachtas ar son mhuintir Thoraí agus na n-oileán. Bhí sé ar dhuine de na daoine ba mhó a raibh baint acu leis an bhfeachtas i gcoinne athlonnú mhuintir Thoraí go dtí an mhórthír i 1974, tráth a raibh briseadh cumhachta ar an oileán ar feadh dhá mhí, agus is mó feachtas a ghlac sé páirt ann ó shin. Ba é an ceann deireanach ar ghlac sé páirt ann ná an feachtas i dtaobh cheist chonspóideach sheirbhís farantóireachta Thoraí.
  5. I mí Feabhra na bliana seo bhí Rí Thoraí ar dhuine de na ceoltóirí a thionlaic slua mór chomh fada le geataí na Dála mar chuid d’agóid faoin tseirbhís. Maireann a bhean Caitlín agus a gceathrar clainne.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cad deirtear faoi Phatsaí Dan Mac Ruaidhrí in alt 1?
  2. Cén fáth a luaitear Dún na nGall in alt 1?
  3. Cén bhaint a bhí ag Baile Átha Cliath le Patsaí Dan?
  4. Cén fáth a luaitear Derek Hill?
  5. Cad é an caidreamh a bhí ag Patsaí Dan le Prionsa Charles Shasana?
  6. Luaitear in alt 5 gur ‘fear gnímh’ a bhí ann. Cad atá i gceist leis an gcur síos sin?
  7. Céard a tharla in 1974?
  8. Cén sórt duine ab ea Patsaí, dar leis an alt. Scríobh cúig phointe i d’fhocail féin.

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo le do pháirtí agus déan na freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Cén fáth ar scríobhadh an t-alt seo?
  2. Cén fáth, meas tú, ar tugadh Rí Thoraí air?

Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:

Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí:

  1. Aimsigh sampla d’ainmfhocal firinscneach in alt 1.
  2. Aimsigh sampla de bhriathar saor san aimsir chaite in alt 2.
  3. Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 3.
  4. Aimsigh sampla d’aidiacht in alt 2.
  5. Sracfhéachaint ar inscne an ainmfhocail. Féach ar na hainmfhocail thíos agus abair an bhfuil siad firinscneach nó baininscneach. Ansin cuir ‘an’ rompu in abairt.
  • Feachtasóir
  • Ambasadóir
  • Ceoltóir
  • Ealaíontóir
  • Cainteoir

An dtugann tú aon rud faoi deara?

Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:

Meas tú an bhfuil sé níos deacra cónaí ar oileán seachas ar an mórthír?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna:
    • buntáistí/míbhuntáistí
    • má bhí tú féin riamh ar cheann d’oileáin na hÉireann tabhair cuntas air
    • áiseanna
    • cúrsaí taistil
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Rí Thoraí, Patsaí Dan Mac Ruaidhrí…'