Gníomhaíocht 1 – Ag Tuar:
- Sámhchodladh an teideal atá ar an dán seo. Tá an focal “codladh” ar eolas agat. Céard faoin bhfocal “sámh”? Déan é a chuardach ar teanglann.ie. Comhfhocal é “Sámhchodladh.” Céard is brí leis?
- Ag obair le do pháirtí déan iarracht ábhar an dáin a thuar. Nodanna: Bás, aithrí, athair, mac.
Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:
Gníomhaíocht 3 – Éisteacht
- Éist leis an taifeadadh den dán.
- Éist leis an gcéad chúig líne arís agus déan cúpla focal/frása a scríobh.
- Téigh obair le do pháirtí agus déan iarracht an chúig líne sin a scríobh ina n-iomláine.
Gníomhaíocht 4 – Léitheoireacht:
- Anois téigh chuid do théacsleabhar agus faigh an leagan scríofa don dán.
- Déan an dán a léamh tú féin, ansin déan é léamh os ard do do pháirtí.
- Éist leis ag aithris an dáin.
- Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
- Úsáid teanglann.ie (nó foclóir crua) le focail/frásaí nach dtuigeann sibh a chuardach.
Gníomhaíocht 5 – Deis Aithrise:
- Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
- Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh an dáin. Déan beagán aisteoireachta leis na mothúcháin/téamaí a chur in iúl.
- Éist siar leis.
- Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
Gníomhaíocht 6 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta
- Céard é téama an dáin seo, meas tú?
- Cén fheidhm atá ag na pitseámaí, meas tú?
- Cén fáth a bhfuil comhartha ceiste sa teideal, meas tú?
- Cad é ról an pháiste sa dán seo, meas tú?
- Céard í an íomhá is fearr leat sa dán? Cén fáth?
- Déan cúpla líne de chúlra a chumadh faoi dhuine de na carachtair a bhí ar an mbus.
- Téigh cuig teanglann.ie agus foclóir.ie agus déan iarracht teacht ar leaganacha Gaeilge de na focail Bhéarla atá sa dán.
Gníomhaíocht 7 – Nascanna ábhartha eile
- Féach ar an ngearrscannán Rúbaí ar TG4. Déan iniúchadh ar an ngearrscannán. Conas a léiríonn an t-udar téama an bháis sa gearrscannán seo? An bhfuil aon chosúlaíochtaí le feiscint idir an dán Sámhcholadh agus an gearrscannán?
- Scríobh an file Colm Breathnach an dán seo i gcuimhne a athar.
Déan píosa taighde ar ócáidí/gníomhaíochtaí a dhéanann daoine atá básaithe a chomóradh. Cén fáth a ndéantar comóradh ar an duine seo? Cad iad na scéalta a bhaineann leo? Tá sampla le fáil thíos.
Nasc 1
Nasc 2
Gníomhaíocht 8 – Taighde sa Phobal
- Cuir ceist sa mbaile nó sa bpobal faoi dhuine éigin mór le rá sa phobal atá básaithe.
- Déan an cuntas sin a thaifeadh. Beidh tú in ann é a chur os comhair an ranga ansin.
Gníomhaíocht 9 – Téigh i mBun Pinn – PUNANN
- Léiríonn an file aiféala sa dán. Scríobh cuntas dialainne ar eachtra nó am faoi leith ina raibh aiféala ort. Conas ar bhraith tú? Cén fáth?
- Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar teanglann.ie agus www.focloir.ie.
- Nuair a thugann an múinteoir aiseolas duit ar an gcéad dréacht, déan an dara dréacht a scríobh.
- Bain úsáid as abair.ie le héisteacht leis an saothar á léamh amach sna canúintí éagsúla.
- Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé. Déan do chuntas a thaifead.
- Léigh agus éist le saothair dhaoine eile sa rang.
- Cuir ceisteanna orthu faoin méid a scríobh siad.
- Bí cinnte an saothar a chur sa Phunann Teanga.
Gníomhaíocht 10 – Cúpla Ceist Agam Ort!
D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo.
Fág freagra ar 'FILÍOCHT: Sámhchodladh le Colm Breathnach'