FILÍOCHT: Piseoga le Louis de Paor

Gníomhaíochtaí bunaithe ar fhilíocht na Sraithe Sóisearaí

FILÍOCHT: Piseoga le Louis de Paor

Gníomhaíocht 1 – Ag Plé:

Pléigh na ráitis thíos le do pháirtí agus abair an bhfuil siad fíor nó bréagach.

  • Piseoga an teideal atá ar an dán seo.
  • Mura dtuigeann tú an focal déan é a chuardach ar teanglann.ie.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht sainmhíniú a thabhairt ar cad is piseog ann.
  • Déan iarracht cur síos a scríobh ar chúpla piseog.

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Éisteacht:

  • Éist leis an taifeadadh den dán.
  • Éist leis an gcéad chúig líne arís. Déan cúpla focal/frása a scríobh.
  • Téigh obair le do pháirtí agus déan iarracht an chúig líne sin a scríobh ina n-iomláine.

Gníomhaíocht 4 – Léitheoireacht:

  • Anois téigh chuid do théacsleabhar agus faigh an leagan scríofa don dán.
  • Déan an dán a léamh tú féin, ansin déan é léamh os ard do do pháirtí.
  • Éist leis/léi ag aithris an dáin.

  • Úsáid teanglann.ie (nó foclóir crua) le focail/frásaí nach dtuigeann sibh a chuardach.

Gníomhaíocht 5 – Deis Aithrise:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh an dáin. Déan beagán aisteoireachta leis na mothúcháin/téamaí a chur in iúl.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 6 – Cur in Ord

  • Thíos tá achoimre/míniú gearr ar an dán.
  • Ag obair le do pháirtí, agus gan féachaint ar an dán, déan iarracht é a chur san ord ceart.
    1. slán ó na nithe dainséaracha atá faoi cheilt in aigne an fhir.
    2. “Tarlaíonn sé go mbáitear daoine,”
    3. le teacht slán ó dhrochaimsir athraitheach,
    4. agus ó aigne chorraithe na farraige.
    5. ach táimid chomh lán le haineolas, eagla agus piseoga le mná an Bhlascaoid.
    6. agus iad ag fanacht go sollúnta leis na fir teacht ar ais
    7. thar carraigeach agus farraigí dainséaracha,
    8. Sin mar atá,” a deirimid agus an-mhiotal ionainn,
    9. dar le mná an Bhlascaoid,
    10. agus sin seasta ar an trá,
    11. agus sin ag tnúth go dtiocfaidh na leanaí soineanta, soghonta
    12. “Sin mar atá,” a deirimid go hoilte,
    13. Ní chreidimid sna piseoga áiféiseacha seo.

Gníomhaíocht 7 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Céard í teachtaireacht/scéal an dáin seo, dar leat?
  2. “Beidh a cuid féin ag an bhfarraige,” a deirtear sa chéad líne. Cén bhrí a bhaineann tú as an líne seo?
  3. Cén fheidhm atá mná an Bhlascaoid sa dán seo, dar leat?
  4. I do thuairim cad í an difríocht/comparáid idir meon/dearcadh na mban ar an mBlascaod agus dearcadh/meon thuismitheoirí an lae inniu?
  5. Luaitear “na fochaisí atá faoi cheilte i nguairneán aigne fire” sa dán. Cén bhrí a bhaineann tú as an líne seo?

Gníomhaíocht 8 – Nascanna ábhartha eile

  • Seo naisc chuig ailt ar tuairisc.ie atá bunaithe ar ábhar faoi phiseoga ar dúchas.ie. Déan iad a phlé le do pháirtí.
    Nasc 1
    Nasc 2
  • Seo píosa físe ina bhfuil Dara Ó Cinnéide ag caint faoi na piseoga agus na deasghnátha a bhíonn ag imreoirí roimh chluiche ceannais na hÉireann.
    Déan achoimre cúig phointe a scríobh ar a bhfuil le rá aige.
  • Nasc chuig mír bheag ar Raidió na Gaeltachta ina bhfuil cur síos ar phiseoga a bhaineann le pósadh.
  • Seo nasc chuig físeán ar an suíomh Meon Eile faoi phiseoga Oíche Shamhna.
  • Seo nasc chuige mír nuachta ar TG4 faoi phiseoga Lá Bealtaine.
  • Seo nasc chuig Ionad an Bhlascaoid Mhóir. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi stair, faoi shaol agus faoi mhuintir an oileáin.
  • Nasc chuig leathanach ar dúchas.ie mar a bhfuil cur síos ar phiseoga ar an mBlascaod mór. Ag obair leis an duine in aice leat deán iarracht an t-ábhar a scríobh i nGaeilge an lae inniu.

Gníomhaíocht 9 – Téigh i mBun Pinn – PUNANN

  • Samhlaigh go mbuaileann duine de mhná an oileáin le tuismitheoir ó lá atá inniu. Ag obair le do pháirtí déan an comhrá a bheadh eatarthu a scríobh.
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar teanglann.ie agus www.focloir.ie agus do Punann.
  • Nuair a thugann an múinteoir aiseolas daoibh ar an gcéad dréacht, déan an dara dréacht a scríobh.
  • Bain úsáid as abair.ie le héisteacht leis an saothar á léamh amach sna canúintí éagsúla.
  • Déan an comhrá a aithris os ard don rang nó do bheirt eile.
  • Cuir ceisteanna ar dhaoine eile faoi na comhráití atá scríofa acu.
  • Bí cinnte an saothar a chur sa Phunann Teanga.

Gníomhaíocht 10 – Cúpla Ceist Agam Ort!

Fág freagra ar 'FILÍOCHT: Piseoga le Louis de Paor'