‘Ná tabhair ainm ainmhí ar aon duine inniu’ agus 30 piseog eile Lá Bealtaine

Féile mhór a bhí sa mBealtaine ag na Gaeil agus a bhuíochas dá tábhacht, is iontach go deo an lear seanchais agus pisreog atá fúithi. Seo blaiseadh beag as Bailiúchán na Scol a rinneadh ar fud na tíre sna 1930idí.

‘Ná tabhair ainm ainmhí ar aon duine inniu’ agus 30 piseog eile Lá Bealtaine

Ná lig splanc ná tine amach as an teach inniu.

Ná cuir amach an luaith mar bíonn anamacha na marbh sa ngríosach.

Ná tabhair deoir bhainne d’aon duine inniu.

Ná bíodh do shimléar ar an gcéad cheann a mbeidh deatach as.

Ná déan maistreadh inniu murar mian leat go mbeadh an t-im ag an slua sí.

Ná téigh ag iascach.

Ná cart aon chréafóg.

Ná leag aon chrann nó beidh feiceáil agat go deo ar an slua sí.

Nigh d’éadan sa drúcht le héirí gréine agus ní dhófaidh grian an tsamhraidh thú.

Buail amach le breacadh an lae agus nigh do lámha sa drúcht agus beidh tú in ann gach rud atá in aimhréidh a réiteach.

Ná codail amuigh oíche Bhealtaine.

Ná pós mí na Bealtaine.

Fág plaic le n-ithe le hais do leapa san oíche mar má chloiseann tú an chuach ar do chéalacan, an mí-ádh a leanfaidh thú.

Má bhíonn an chuach agus na fáinleoga sa tír seo Lá Bealtaine beidh barraí maithe ann an bhliain sin. (Tá an chuach thart anseo le coicís).

Ná hathraigh aon bheithíoch go dtí buaile eile inniu.

Ná caith amach aon uisce ar an tsráid.

Ná caith amach uisce na gcos le titim na hoíche.

Ná tabhair bláth na sceiche gile isteach sa teach más leat an t-ádh a bheith ort.

Ba cheart cró na mba a bheith faoi ghlas agat aréir ar eagla go mblífí na beithígh i rith na hoíche.

Ná bain aon luachair inniu.

Má chasann tor aitinn ort sa mbearna las é agus seol na beithígh tríd an tine (seachain dóiteáin).

Má theastaíonn leigheas uait ar easpa, rua, tinneas cinn nó tinneas fiacla inniu an lá le dul go dtí an bhean leighis.

Oíche Bhealtaine an tráth is fearr le luibheanna a bhailiú.

Cuir gad féithleoige ar lámh cheaintín na leamhnachta inniu.

Síol ar bith nach bhfuil sa gcré agat faoi seo, ‘síol cuaiche’ é agus ní aibeoidh sé.

Inniu do sheans le plandaí cabáiste agus cál a chur in ainm na Maighdine.

Ná tabhair ainm ainmhí ar aon duine inniu.

Ar ndóigh tá an drochbhraon ann freisin:

Más fút im do chomharsan a ghoid, éirigh roimh lá agus gabh amach agus tú ag rá ‘im an bhaile seo i mo channa’

Bí ag faire ar an gcéad deatach as simléar le him agus ádh an tí sin a sciobadh

Croch leat buarach as cró na gcomharsan an mhaidin seo agus beidh a gcuid bainne agat féin

Gabh amach leis an maidneachan agus tabhair leat smeachóid i mblaosc uibhe agus cuir é i ngarraí na comharsan agus is agatsa a bheidh a bharr sa bhfómhar.

Fág freagra ar '‘Ná tabhair ainm ainmhí ar aon duine inniu’ agus 30 piseog eile Lá Bealtaine'