Is comhghuaillíocht atá anseo idir Scoil an Oideachais in Ollscoil na Gaillimhe agus Tuairisc.ie le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).
Is iad Breandán Mac Gearailt agus Emer Davitt, léachtóirí ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) in OÉ Gaillimh, stiúrthóirí an tionscnaimh agus earcaíodh scoláirí ón Máistir Gairmiúil san Oideachas in Ollscoil na Gaillimh le dul i mbun oibre ar na hacmhainní.
Tá an t-ábhar dírithe ar dhaltaí i scoileanna T1 agus scoileanna T2 araon.
Tá tascanna digiteacha idirghníomhacha, físeáin, taifead fuaime srl. le fáil sna hacmhainní seo. Tá na cúig scil teanga, an obair bheirte/ghrúpa, an fhoghlaim ghníomhach agus saibhreas/cruinneas na teanga ag éirí thiar as na míreanna ar fad. Gné uathúil de chuid an tionscnaimh go bhfuil taifeadadh déanta de na filí ag aithris a gcuid dánta féin.
Is féidir le scoláirí féin taifeadadh a dhéanamh orthu féin trí úsáid a bhaint as cnaipe ar bharr an scáileáin ar chlé. San áit chéanna tá cnaipe foclóra a ligfidh dóibh míniú a fháil ar fhocal.
Daingnítear an nasc idir na míreanna nua seo agus sonraíocht na Sraithe Sóisearaí sna tagairtí de réimsí éagsúla di atá ar fáil sna míreanna éagsúla.
Beidh gach múinteoir in ann na míreanna seo a shníomh isteach ina n-aonaid phleanála féin agus a chur in oiriúint dá scoláirí féin.
Go n-éirí libh.
Rannóg Oideachais Tuairisc.ie
Breandán Mac Gearailt Meitheal Oibre Rhianne Breathnach
Emer Davitt
Niamh Morley
Ciara Ní Phuirséil
Michelle Healy
Meabh Uí Náraigh
Bheadh siad seo go hiontach! GRMA