FILÍOCHT: Gealt le Áine Ní Ghlinn

Gníomhaíochtaí bunaithe ar fhilíocht na Sraithe Sóisearaí

FILÍOCHT: Gealt le Áine Ní Ghlinn

Gníomhaíocht 1 – Ag Tuar:

  • Gealt an teideal atá ar an dán seo. Mura dtuigeann tú an focal déan é a chuardach ar teanglann.ie.
  • Déan iarracht a thuar cad é téama/scéal an dáin.
  • Nodanna – Tá na nithe/daoine seo i gceist: pitseámaí, bus, Gardaí, fir dóiteáin, veist cheangail.

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Éisteacht

  • Éist leis an taifeadadh seo den dán.
  • Éist leis an gcéad chúig líne arís agus déan cúpla focal/frása a scríobh.
  • Téigh obair le do pháirtí agus déan iarracht an chúig líne sin a scríobh ina n-iomláine.

Gníomhaíocht 4 – Léitheoireacht:

  • Anois téigh chuid do théacsleabhar agus faigh an leagan scríofa don dán.
  • Déan an dán a léamh tú féin, ansin déan é léamh os ard do do pháirtí.
  • Éist leis ag aithris an dáin.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

  • Úsáid teanglann.ie (nó foclóir crua) le focail/frásaí nach dtuigeann sibh a chuardach.

Gníomhaíocht 5 – Deis Aithrise:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh an dáin. Déan beagán aisteoireachta leis na mothúcháin/téamaí a chur in iúl.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 6 – Cur in Ord

  • Thíos tá achoimre/míniú gearr ar an dán.
  • Ag obair le do pháirtí, agus gan féachaint ar an dán, déan iarracht é a chur san ord ceart.
    1. Tagann an t-arm agus ansin na dochtúirí.
    2. Bhí an rúnaí déanach don obair.
    3. Bhí an páiste ag stánadh ar an ngealt.
    4. Tá daoine eile ar an mbus.
    5. Cuireann an páiste ceist ar a mháthair faoi cén fáth nach bhfuil cead aige a chulaith oíche a chaitheamh.
    6. Stopann an bus agus ritheann an fear isteach sa veist cheangail.
    7. Bhí faoiseamh ar gach duine sa bhus.
    8. Tá an-scanradh ar na daoine ar an mbus.
    9. Téann fear a bhfuil pitseámaí air in airde ar bhus.
    10. Suíonn sé in aice le fear a bhfuil mála cáipéisí aige. Tá eagla ar an bhfear.
    11. Déanann an gealt gáire.
    12. Labhraíonn an tiománaí leis an stáisiún. Labhraíonn siad sin le dreamanna eile.
    13. Glaoitear ar na Gardaí agus tagann siad.

Gníomhaíocht 7 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Céard é téama an dáin seo, meas tú?
  2. Cén fheidhm atá ag na pitseámaí, meas tú?
  3. Cén fáth a bhfuil comhartha ceiste sa teideal, meas tú?
  4. Cad é ról an pháiste sa dán seo, meas tú?
  5. Céard í an íomhá is fearr leat sa dán? Cén fáth?
  6. Déan cúpla líne de chúlra a chumadh faoi dhuine de na carachtair a bhí ar an mbus.
  7. Téigh cuig teanglann.ie agus foclóir.ie agus déan iarracht teacht ar leaganacha Gaeilge de na focail Bhéarla atá sa dán.

Gníomhaíocht 8 – Nascanna ábhartha eile

Gníomhaíocht 9 – Téigh i mBun Pinn – PUNANN

  • Lig ort go raibh tú féin ar an mbus. Déan cuntas a scríobh do do leathanach Facebook.
  • Má tá gléas digiteach agaibh téigh chuig https://breakyourownnews.com/ agus déan ceannlíne agus fo-cheannteideal a scríobh.
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar teanglann.ie agus www.focloir.ie
  • Nuair a thugann an múinteoir aiseolas duit ar an gcéad dréacht, déan an dara dréacht a scríobh.
  • Bain úsáid as abair.ie le héisteacht leis an saothar á léamh amach sna canúintí éagsúla.
  • Táteacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé. Déan do chuntas a thaifead.
  • Léigh agus éist le saothair dhaoine eile sa rang.
  • Cuir ceisteanna orthu faoin méid a scríobh siad.

Bí cinnte an saothar a chur sa Phunann Teanga.

Gníomhaíocht 10 – Cúpla Ceist Agam Ort!

D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo.

Fág freagra ar 'FILÍOCHT: Gealt le Áine Ní Ghlinn'