Feisteas aclaíochta nua don tráth seo bliana

Tá  an ‘séasúr’ don éadach aclaíochta linn i ndiaidh féastaí na Nollag agus rúin na hathbhliana

Feisteas aclaíochta nua don tráth seo bliana

Ar thug tú faoi deara an bhéim i siopaí éadaí áirithe le roinnt seachtainí anuas ar fheistis aclaíochta? Is cosúil go gcreideann na siopadóirí éagsúla go bhfuil séasúr ar leith ann gur féidir an cineál seo éadaigh a chur chun cinn ar an gcaoi chéanna a mbíonn bicínithe le feiceáil ar díol go coitianta ó mhí Bealtaine ar aghaidh nó cótaí geimhridh i dtús an fhómhair.

Seans maith go dtuigeann an lucht gnó sin go maith má tá aon seans le muid a mhealladh i dtreo éadaí aclaíochta gur sa mbliain nua é tar éis féastaí móra na Nollag agus na dea-rúin a lean iad i dtús na hathbhliana.

Chuaigh mé féin ag tóraíocht éadach aclaíochta nua agus is cinnte go bhfuil roghanna maithe ar fáil ar phraghsanna réasúnta. Níor mhaith an rud é an iomarca airgid a chaitheamh go háirithe má tá duine idir dhá chomhairle an mbainfear oiread leasa agus ba cheart as an bhfeisteas nua. Agus d’aimsigh mé cúpla ball atá níos costasaí ach a thaitin go mór liom agus a bheadh oiriúnach don duine a thuigeann go mbeidh siad dáiríre faoin aclaíocht. 

 

Péire luiteog an-deas ar a dtugtar ‘Megan’ ó Boohoo ar €19.00

 

Húdaí breá té ar phraghas iontach, €9.00,  ó New Look

 

Geansaí bog bándearg ó Penneys a chuirfidh beocht in aon fheisteas aclaíochta ar €6.00

 

T-Léine nó Veist ar a dtugtar ‘Saskia’ ó Boohoo leis an mana Yoga & Chill ar €6.00

 

Tarraingeoidh na luiteoga ildaite seo ó New Look ar €19.99 amharc na súl ort go cinnte

 

Geansaí gorm ó Regatta chun thú a choinneáil té teolaí – le fáil ar littlewoodsireland.ie ar €25.00

 

Treabhsar ar dhath burgúnach ar a dtugtar ‘Linear’ ó Adidas ar €35.00

 

‘Pintuck’ atá ar na luiteoga faiseanta seo ón mbranda Ivy Park ar €76.00 – branda Beyoncé

 

Húdaí le zip ó Nike ar €80.00 – dath neamhghnách, saghas gorm-liath nach bhfeictear go minic

 

Tá rogha de dheich gcinn de dhathanna éagsúla faoin teideal ‘Align’ ar fáil ó Lululemon ar €108.00 an ceann don té atá lándáiríre faoin aclaíocht

 

Agus fearas gruaige don mhála gym ó Dunnes ar €5.00 – an-úsáideach fiú don té a sheachnóidh an aclaíocht ar fad

Fág freagra ar 'Feisteas aclaíochta nua don tráth seo bliana'