Féile nuálaithe á reáchtáil sa Ghaeltacht ag ceann de na hollscoileanna is mó cáil ar domhan 

Tá an Fhéile Nuálaithe Faoi 35 á reáchtáil i nGaeltacht Dhún na nGall an tseachtain seo i gcomhar leis an Massachusetts Institute of Technology

Féile nuálaithe á reáchtáil sa Ghaeltacht ag ceann de na hollscoileanna is mó cáil ar domhan 

Beidh aird shaol na teicneolaíochta ar cheantar Ghaoth Dobhair inniu agus cuid de na nuálaithe óga is mó le rá san Eoraip tagtha chuig an nGaeltacht d’Fhéile Nuálaithe Faoi 35 An Eoraip.

Ag an ócáid, atá á reáchtáil i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Massachusetts (MIT) a bhfuil cáil na teicneolaíochta ar fud an domhain uirthi, roghnóidh eagarthóirí an MIT Technology Review 35 de shárnuálaithe na hEorpa faoi 35 bliain d’aois ó réimsí amhail an Intleacht Shaorga, Biteicneolaíocht, Bogearraí, Fuinneamh agus Ábhair.

Le linn na féile, a bheidh ar siúl go dtí Dé Domhnaigh, reáchtálfar díospóireachtaí ar chúrsaí nuálaíochta agus cainteanna ar chúrsaí teicneolaíochta. I measc na n-aíonna a bheidh láthair, beidh Dmytro Shymkiv, Cathaoirleach Ghrúpa Darnista as Cív, a labhróidh faoin mbealach a bhfuil pobal teic na hEorpa ag seasamh leis an Úcráin.

Dar le Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh, go ndíreoidh an fhéile seo aird ar an méid atá á dhéanamh ag ceantair Ghaeltachta na tíre seo ó thaobh na nuálaíochta agus go spreagfaidh an fhéile glúin nuálaithe óga sa gceantar.

Dúirt Ó hÉanaigh go raibh “ríméad” ar an Údarás go raibh an ócáid á reáchtáil i gceantar Gaeltachta mar go bhfuil sé soiléir le roinnt blianta “gurb í an Ghaeltacht ceann de na ceantair thuaithe is nuálaí san Eoraip féin”. 

Dúirt sé go raibh “sár-obair” á déanamh sa Ghaeltacht ó thaobh na nuálaíochta.

I measc na nuálaithe is aitheanta a fuair gradaim ag an bhféile le blianta beaga anuas tá JB Straubel, duine de bhunaitheoirí TESLA, Cynthia Breazeal, bunaitheoir Jibo, agus Feng Zhang, bunaitheoir CRISPR Technology. Ar an Satharn cuirfidh nuálaithe na bliana seo a gcuid smaointe faoi bhráid painéal saineolaithe ó saol an teic ag ócáid ar stíl ‘Dragon’s Den’.

Osclóidh Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, an fhéile go hoifigiúil inniu, an 19 Bealtaine, in Óstán na Cúirte i nGaoth Dobhair. Díreoidh imeachtaí na hAoine ar chúrsaí timpeallachta agus ar chúrsaí sláinte. Ar cheantar Ghaoth Dobhair féin a bheidh imeachtaí an tSathairn ag díriú airde.  

Aisling Events atá ag eagrú na hócáide seo, agus is é Údarás na Gaeltachta an príomh-urraitheoir.

Fág freagra ar 'Féile nuálaithe á reáchtáil sa Ghaeltacht ag ceann de na hollscoileanna is mó cáil ar domhan '