Féile na bhFilí agus na Scríbhneoirí i gceantar na nOileán

Beidh scríbhneoirí agus filí an cheantair á gceiliúradh i gCeantar na nOileán i gConamara agus carnán imeachtaí ar siúl an deireadh seachtaine seo

Féile na bhFilí agus na Scríbhneoirí i gceantar na nOileán

An deireadh seachtaine beag seo beidh scríbhneoirí agus filí an cheantair á gceiliúradh i gCeantar na nOileán i gConamara agus carnán imeachtaí ar siúl.

Uachtarán an Oireachtais, an peannadóir cruthanta Gearóid Denvir a osclóidh an fhéile.

Maidin Dé Sathairn beidh ceardlann scríbhneoireachta á stiúradh ag an bhfile agus an craoltóir Ciarán Ó Fatharta in oifig na Comhairle Ceantair agus fáilte ansin roimh dhaoine as chuile aoisghrúpa. Is maith ó Chiarán féin dán is amhrán a chumadh.

Ina dhiaidh sin beidh caint an-suimiúil leis an Ollamh Micheál Ó Flaithearta ar thriúr de scríbhneoirí Leitir Mealláin san Ionad Oidhreachta.

Am lóin Tigh Phlunkett a bheidh an cruinniú mar a dtabharfaidh Síle Denvir caint faoi fhilíocht Tom a’tSeoige agus Chiaráin Uí Fhatharta. Seolfar leabhar nua ó pheann Andreas Vogel ag an ócáid sin chomh maith.

Beidh léacht ag Andreas níos deireanaí tráthnóna faoi Shlí na bhFilí.

In Eanach Mheáin i dTeach Ósta an Hooker a bheidh Máirtín Tom Sheáinín ag caint faoin bhfile mór le rá Colm de Bhailís a d’fhág amhráin bhreátha mar oidhreacht againn.

Gan dabht beidh ceol sa Hooker agus beidh damhsa mór na féile ar siúl an oíche sin.

An té a mbeidh fonn siúil air tar éis an damhsa agus an cheoil ar fad, beidh siúlóid thart ar an gceantar álainn sin maidin Dé Domhnaigh sula dtabharfaidh Áine Durkin caint ar mhná an cheantair a chuir peann le pár.

Beidh ceardlann ag an Ollamh Micheál Ó Flaithearta ar bheirt eile de scríbhneoirí Leitir Mealláin – John Beag Ó Flatharta agus Peadar Ó Direáin.

Más aon chomhartha an raidhse filíochta is seanchais a tháinig as Ceantar na nOileán b’fhiú don té lenar spéis an scríbhneoireacht agus saothar na scríbhneoirí aghaidh a thabhairt thar droichead siar an deireadh seachtaine seo. Misneach agus inspioráid le sú ón dream thiar!

Beidh táille ar na ceardlanna ach is féidir pas lae nó deireadh seachtaine a cheannach. Ní bheidh aon bhlas le n-íoc ag daoine óga faoi 18.

Gach eolas ó Ghlór na nOileán anseo.

Fág freagra ar 'Féile na bhFilí agus na Scríbhneoirí i gceantar na nOileán'