Féile Bhaile na Lobhar: réidh le dul chun rása

Beidh cuid de na capaill is fearr ó Éire agus ó Shasana ag iomaíocht ag Féile Bhaile na Lobhar an Nollaig seo.

Horses clear the first fence in the first race of the day 26/12/2008

Tá duaischiste €1.2 milliún á thairiscint ag an bhFéile Ceithre Lá Rásaíochta Capall a thosóidh i mBaile na Lobhar Lá Fhéile Stiofáin.

Beidh seacht rásaí Grád 1 ar an gclár ansiúd agus is iad an Paddy Power Chase ar an Satharn (€190,000) agus an Lexus Chase (€150,000) ar an Domhnach na cinn is luachmhaire acu.

Ní nach ionadh, ní amháin go mbeidh na seilg-chapaill is fearr in Éirinn le feiceáil, ach tá gach seans ann go mbeidh cuid de na cinn is fearr atá i Sasana faoi láthair ag taisteal freisin.

Orthu sin tá Lord Windemere, a bhuaigh an Corn Óir i Cheltenham don traenálaí Jim Culloty agus don úinéir, an Dr. Ronan Lambe, sa Márta seo caite agus Bobs Worth a rinne amhlaidh dhá mhí dhéag roimhe sin.

Ar na capaill Éireannacha a d’fhéadfadh a bheith ar cheann na hiomaíochta leo sa Lexus, tá Boston Bob a bhuaigh don traenálaí Willie Mullins ag Féilte Rásaíochta Aintree agus Bhaile Phúinse níos luaithe sa bhliain agus First Lieutenant (Michael Morris) a bhí sa dara háit sa rása céanna eo i mBaile na Lobhar anuraidh agus arú anuraidh.

Faoi mar a bheifeá ag súil leis, beidh capaill a thraenálann Willie Mullins i mbeagnach gach ceann de na rásaí móra agus i gcuid mhaith de na cinn eile freisin.

Ceann acu sin is ea Vautour a rithfidh sa Racing Post Novice Chase Lá Fhéile Stiofáin, capall a bhuaigh 5 chliathrás as a chéile don Mhaolánach tar éis dósan é a thabhairt as an bhFrainc agus a bhuaigh an chéad rása a rith sé thar na léimeanna móra ar an Uaimh an mhí seo caite.

Tá súil go ndéanfaidh os cionn 50,000 duine freastal ar na rásaí agus beidh suim ollmhór san iomaíocht sa Ryanair Hurdle ar an lá deireanach idir Jezki, a bhuaigh an Champion Hurdle i Cheltenham i mbliana do Jessica Harrington agus Barry Geraghty agus Hurricane Fly a rinne amhlaidh do Willie Mullins agus do Ruby Walsh an bhliain roimhe agus i 2011.

Beidh Mullins ag iarradh an dá thrá a fhreastal Lá Fhéile Stiofáin mar ní amháin go mbeidh capaill dá chuid ag rith anseo in Éirinn ach beidh Champagne Fever ag rith i rás mór na Nollag i Sasana, an King George VI Chase i Kempton as a bhfaighfidh an buaiteoir £114,000 ($145,000).

Níor bhuaigh aon chapall atá á thraenáil in Éirinn an rás seo ó rinne Kicking King é do Tom Taaffe i 2005. Roimhe sin i 2001 thug Mullins an duais mhór abhaile leis nuair a bhuaigh Florida Pearl agus Adrian Maguire sa diallait.

Faoi dhó atá rásai buaite ag Champagne Fever i Cheltenham agus cé go bhfuil an cúrsa 3 mhíle sa King George, níos faide ná aon cheann de rásaí Cheltenham, tá an capall ar cheann de roghanna na coitiantachta ag na geallghlacadóirí.

Measann an traenálaí go bhfágann a mhianach nach gcuirfidh an bhreis achair isteach ar an gcapall, cé gur dhúirt sé freisin nár éirigh leis go fóill in aon rása a rith sé ag an am seo den bhliain.

Cuirfear tús le Féile Ceithre Lá Rásaíochta Capall ar thraic Luimnigh freisin Lá Fhéile Stiofáin agus den chéad uair riamh, beidh cuid de na rásaí sin á gcraoladh beo ar theilifís RTÉ.