Feidhmeannaigh RTÉ le ceistiú i dTeach Laighean faoi íocaíochtaí conspóideacha 

Deir RTÉ gurb í an t-iar-ardstiúrthóir Dee Forbes an t-aon bhall d’fheidhmeannas RTÉ a raibh dóthain eolais aici le go mbeadh a fhios aici go raibh na sonraí faoi phá Ryan Tubridy a tuairiscíodh go poiblí míchruinn 

Feidhmeannaigh RTÉ le ceistiú i dTeach Laighean faoi íocaíochtaí conspóideacha 

Beidh feidhmeannaigh ó RTÉ os comhair Choiste Oireachtais na Meán inniu chun ceisteanna a fhreagairt faoi scannal na n-íocaíochtaí faoi cheilt a rinneadh leis an gcraoltóir aitheanta Ryan Tubridy. 

Ní bheidh Dee Forbes, a d’fhógair Dé Luain go raibh sí ag éirí as mar Ardstiúrthóir RTÉ i bhfianaise na conspóide i láthair ag an gcruinniú.  

Dúirt Forbes inné nach mbeadh sé ábalta a bheith i láthair mar nach raibh an tsláinte go maith aici. 

Dúirt RTÉ tráthnóna inné gur thug an t-iar-ardstiúrthóir a beannacht do na híocaíochtaí conspóideacha a rinneadh leis an gcraoltóir Ryan Tubridy. 

Chuir RTÉ ráiteas naoi leathanach amach tráthnóna inné faoin gconspóid mhór a bhfuil siad buailte go dona aici ó d’admhaigh bord na heagraíochta an tseachtain seo caite go bhfuair Ryan Tubridy €345,000 níos mó ná mar a tuairiscíodh go poiblí idir 2017-2022. 

Sa ráiteas, dúirt Adrian Lynch, ardstiúrthóir eatramhach RTÉ, gurb í Dee Forbes an t-aon bhall d’fheidhmeannas RTÉ a raibh dóthain eolais aici le go mbeadh a fhios aici go raibh na sonraí faoi phá Ryan Tubridy a tuairiscíodh go poiblí míchruinn. 

Dúirt Adrian Lynch go raibh “baint dhíreach” ag Forbes le gnéithe den idirbheartaíocht faoi phá Ryan Tubridy.  

Dúradh sa ráiteas go raibh comhairle dlí faighte ag RTÉ a thug le fios nach raibh aon rud mídhleathach faoin socrú maidir le pá an chraoltóra.  

Mar sin féin ghabh Adrian Lynch leithscéal gan agús as an scéal. 

Dúradh gur chinn an comhlacht a rinne athbhreithniú ar na híocaíochtaí, Grant Thornton, nach raibh aon fhianaise ann go ndearna Ryan Tubridy aon rud mícheart. 

Iar-ardstiúrthóir RTÉ Dee Forbes, iar-phríomhoifigeach airgeadais RTÉ, Breda O’Keefe, agus dlíodóir de chuid RTÉ a rinne an idirbheartaíocht faoi shocruithe pá agus conradh Ryan Tubridy don tréimhse 2020-2025.  

Thug an t-iar-ardstiúrthóir a beannacht do na socruithe agus d’aontaigh sí ó bhéal i gcruinniú físe go seasfadh RTÉ an costas a bhainfeadh leis na híocaíochtaí breise a bhí le déanamh ag an gcomhlacht tráchtála agus urraitheoir, Renault. 

Gníomhaire Ryan Tubridy a lorg an socrú sin mar chuid den idirbheartaíocht agus ní raibh aon chur ina choinne mór ag RTÉ, a dúradh sa ráiteas a cuireadh amach tráthnóna.  

Deir an Stiúrthóir Tráchtála nach raibh aon eolas aici faoi na híocaíochtaí seachas na treoracha a fuair sí ón ard-stiúrthóir. 

Cuireadh an Ceannasaí Ábhar ar an eolas faoin idirbheartaíocht agus bhí sé ar an eolas faoi ghnéithe den socrú tráchtála. Ní raibh sé ar an eolas faoin ghealltanas go seasfadh RTÉ na costais. Bhí feidhmeannaigh shinsearacha eile ar an eolas faoi ghnéithe den socrú chomh maith ach ní raibh an t-eolas go léir ag aon duine acu, de réir an ráitis. 

Ní raibh Ryan Tubridy féin ar an eolas faoin nóta creidmheasa a chuir RTÉ ar fáil don chomhlacht tráchtála. 

Dúradh sa ráiteas nach raibh deis ag Dee Forbes freagra a thabhairt ar an méid atá ráite fúithi ann. 

Is é cruinniú Choiste na Meán tráthnóna an chéad cheann de dhá chruinniú faoin gconspóid a mbeidh ionadaithe ó RTÉ ag freastal orthu i dTeach Laighean an tseachtain seo. 

Beidh feidhmeannaigh de chuid an chraoltóra os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí amárach. 

Bhí agóid ag baill foirne de chuid RTÉ inné faoi scéal na n-íocaíochtaí rúnda, ina measc baill foirne de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4. Bhí comharthaí a raibh ‘Inis an fhírinne!’ scríofa orthu ag cuid den lucht agóide lasmuigh de cheannáras RnaG i gCasla i nGaeltacht Chonamara. 

Dúirt an Taoiseach go raibh sé ríthábhachtach go mbeadh na fíricí go léir a bhain le híocaíochtaí rúnda a rinneadh le Ryan Tubridy ar eolas ag daoine. 

Chaithfí daoine a chur ar an eolas “faoi cé a rinne an cinneadh seo agus an cinneadh siúd agus cathain agus cén fáth a ndearnadh iad.” 

Tá RTÉ sáinnithe i gconspóid mhór ó d’admhaigh siad gur íocadh leis an gcraoltóir aitheanta Ryan Tubridy na céadta míle euro níos mó ná mar a tugadh le fios don phobal agus don Oireachtas. 

Dúirt an Taoiseach go ndíreodh an t-athbhreithniú ar RTÉ atá fógartha ag an Rialtas ar “rialachas agus cultúr” na heagraíochta. 

Thógfadh sé roinnt míonna an t-athbhreithniú neamhspleách a chur i gcrích, a dúirt sé. 

Tá ráitis déanta ag cuid de na craoltóirí is cáiliúla ag RTÉ – Ray D’Arcy, Miriam O’Callaghan, Joe Duffy agus Claire Byrne – faoin gconspóid agus faoin bpá a fhaigheann siad féin. Dúirt siad go léir gur mar a chéile an pá a fhaigheann siad agus an méid a tuairiscíodh faoin bpá sin. 

Idir 2017-2022, fuair Ryan Tubridy €345,000 níos mó ná mar a thuairiscigh RTÉ. 

Tháinig na híocaíochtaí chun solais nuair a deineadh gnáthiniúchadh ar chuntais RTÉ. 

Dúirt Bord RTÉ go raibh socrú speisialta ann faoinar íocadh €75,000 sa bhreis le Tubridy sa bhliain, airgead a bhí le teacht ó urraíocht tráchtála. 

Tháinig an íocaíocht €75,000 ó Renault, an t-urraitheoir, in 2020 ach nuair nár deineadh an socrú sin a athnuachan d’íoc RTÉ féin an tsuim chéanna airgid le Tubridy faoi dhó ina dhiaidh sin. 

Fág freagra ar 'Feidhmeannaigh RTÉ le ceistiú i dTeach Laighean faoi íocaíochtaí conspóideacha '