Fear óg as Gaeltacht Chonamara ag dul leis an dornálaíocht ar bhonn gairmiúil

Agus an scéal á fhógairt aige, rinne Thomas O’Toole tagairt do Sheán Ó Mainnín, Rocky Ros Muc, a d’imigh go Bostún agus a throid do Chraobh an Domhain in Madison Square Garden

Fear óg as Gaeltacht Chonamara ag dul leis an dornálaíocht ar bhonn gairmiúil

Thomas O’Toole. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Beidh trodaí óg ó Ghaeltacht Chonamara ag iarraidh lorg Rocky Ros Muc a leanúint agus cinneadh déanta aige dul leis an dornálaíocht ar bhonn gairmiúil.

D’fhógair Thomas O’Toole, ó Bhaile na Cille i Leitir Mealláin, go bhfuil conradh sínithe aige leis an gcomhlacht bainistíochta Meiriceánach Fighter Locker.

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Bhuaigh O’Toole, atá 23 bliain d’aois, Craobhchomórtas Náisiúnta Dornálaíochta Scothaicme na hÉireann sa rannóg trom-mheáchain in 2019. Chaill sé sa bhabhta ceannais den chomórtas céanna in 2020, rud a d’fhág nach mbeadh sé in ann áit a bhaint amach ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo.

Bhí O’Toole ina bhall de chumann dornálaíochta Celtic Eagles i gcathair na Gaillimhe.

Níor fógraíodh a chéad throid ghairmiúil go fóill ach tuigtear go mbeidh O’Toole lonnaithe i gceantar Bhostúin agus é le cumann Fighter Locker. Beidh Ryan Roach mar bhainisteoir aige. Is nia é leis an traenálaí mór le rá Freddie, a raibh leithéidí Manny Pacquiao, Miguel Cotto, agus Julio César Chávez Jr. faoina chúram.

Agus an scéal á fhógairt aige, rinne O’Toole tagairt do Sheán Ó Mainnín, fear eile de bhunadh Chonamara a d’imigh go Bostún ag troid. Throid Ó Mainnín, nó Rocky Ros Muc mar a tugadh air, do Chraobh Mheánmheáchain WBA an Domhain in Madison Square Garden, cath a chaill sé in aghaidh Mike McCallum.

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Fág freagra ar 'Fear óg as Gaeltacht Chonamara ag dul leis an dornálaíocht ar bhonn gairmiúil'