Fear ‘Guth na Gaeltachta’ ceaptha ina oifigeach pleanála teanga i nGaoth Dobhair

Tá Dónall Ó Cnáimhsí, as an Ghlaisigh i nGaoth Dobhair, ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga do Limistéar Pleanála Ghaoth Dobhair

Fear ‘Guth na Gaeltachta’ ceaptha ina oifigeach pleanála teanga i nGaoth Dobhair

Tá fear ar bhagair Roinn na Gaeltachta é a bhriseadh as a phost mar gharraíodóir nuair a labhair sé amach faoi chás na Gaeltachta, ceaptha ina oifigeach pleanála teanga i nGaoth Dobhair.

Is é Dónall Ó Cnáimhsí, a bhfuil ardmheas air ina cheantar dúchais mar ghníomhaí pobail agus teanga, an dara duine atá ceaptha mar oifigeach pleanála teanga sa Ghaeltacht faoi chóras na 26 limistéar pleanála teanga.

Bhí Dónall Ó Cnáimhsí, as an Ghlaisigh i nGaoth Dobhair, a bhfuil cáilíochtaí sa phleanáil teanga aige, ar dhuine de na daoine ba ghníomhaí a bhí san eagraíocht pobail Guth na Gaeltachta, nach ann di a thuilleadh.

Bhí sé ina cause célèbre in 2012 nuair a chuir a fhostóir Roinn na Galetachta litir chuige ag bagairt air go mbrisfí as a phost mar gharraíodóir i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha é toisc é a bheith ag labhairt amach faoi bhille na Gaeltachta mar urlabhraí de chuid na heagraíochta deonaí Gaeltachta.

Rinneadh cáineadh géar ar Roinn na Gaeltachta mar gheall ar an litir ó rannóg acmhainní daonna na Roinne inar dúradh go bhféadfadh go raibh a chonradh leis an Roinn sáraithe ag Ó Cnáimhsí agus pléadh a chás sa Dáil agus sna meáin.

Cáineadh chomh maith iar-aire stáit na Gaeltachta Dinny McGinley, a dúirt nár bhain cúrsaí foirne sa Roinn leis agus nach bhféadfadh sé aon ní a dhéanamh faoin scéal.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Pearse Doherty ag an am go raibh “blas na deachtóireachta” ar litir na Roinne agus gurbh amhlaidh go raibh iarracht ar bun “fear pobail” a chur ina thost.

Beidh Dónall Ó Cnáimhsí ag obair do Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, ceanneagraíocht pleanála teanga Ghaoth Dobhair agus íochtar na Rosann atá faoi stiúir Mheitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt. Beidh sé mar dhualgas air ina phost nua, atá maoinithe ag Roinn na Gaeltachta agus ag Údarás na Gaeltachta, plean teanga an cheantair a chur i bhfeidhm.

Rachaidh sé i mbun oibre ar an 24 Meán Fómhair.

Faoin gcóras pleanála teanga a tugadh isteach faoi Acht na Gaeltachta 2012 tá plean teanga le cur i bhfeidhm i 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tá beirt oifigeach pleanála teanga ceaptha anois. Ba é Micheál Mac Aoidh – atá freagrach as Plean Teanga Chloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh – an chéad duine a ceapadh sa ról sin sa Ghaeltacht go léir.

Naoi bplean teanga atá faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go dtí seo – Múscraí, Cois Fharraige, na Déise, Ciarraí Theas, Ciarraí Thiar, Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh, Cloich Chionnaola, Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire, Loch an lúir agus Iorras i dtuaisceart Mhaigh Eo.

De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie an mhí seo caite, ní raibh oiread is pingin amháin caite ar fheidhmiú ocht gcinn de na naoi bplean teanga atá aontaithe go dtí seo ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh.

Fág freagra ar 'Fear ‘Guth na Gaeltachta’ ceaptha ina oifigeach pleanála teanga i nGaoth Dobhair'

  • Áine Nic Niallais

    Rath do cheirde ort, a Dhónaill. Is tú atá ábalta an síol a chur le go dtiocfar faoi bhláth agus faoi thoradh!

  • Pádaí Rua Ó Baoill

    Guím gach rath ort a Dhónaill, go n-éirí leat!

  • Seán Mac Cearáin

    Bulaí fir a Dhónaill gach rath ar an obair.

  • Máiread

    Go n-éirí go gheal leat, a Dhónaill.

  • Marcas

    Nár thé súiche ar do loine, a Dhónaill.

  • Ruairí Ó Bléine

    Tá an t-ádh dearg orainn, a Dhónaill, duine mar thú féin a fháil leis an Ghaeilge a chur chun tosaigh. Ráth Dé ort agus ar do chuid oibre.