Pingin ar bith caite go fóill ar fheidhmiú ocht gcinn de naoi bplean teanga Gaeltachta – suirbhé

Deir an tAire Stáit Joe McHugh gur €1.7m a bheidh ar fáil i mbliana le tacú le heagraíochtaí Gaeltachta feidhm a thabhairt don phróiseas pleanála teanga

Pingin ar bith caite go fóill ar fheidhmiú ocht gcinn de naoi bplean teanga Gaeltachta – suirbhé

Níl oiread is pingin amháin caite ar fheidhmiú ocht gcinn de na naoi bplean teanga atá aontaithe go dtí seo ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh.

De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie i measc na naoi gceanneagraíocht a bhfuil glactha lena bpleananna, níl aon mhaoiniú faighte fós ach ag eagraíocht amháin, meitheal pleanála teanga Chloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh in iarthuaisceart Dhún na nGall.

Dheimhnigh na hocht n-eagraíocht eile do Tuairisc.ie nach bhfuil airgead ar bith faighte nó caite acu go fóill ar fheidhmiú a bpleananna.

I ráitis éagsúla a rinne sé le nach mór bliain anuas, d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta go raibh €940,000 san iomlán á chur ar fáil do chur i bhfeidhm na naoi bplean teanga seo.

De réir suirbhé Tuairisc.ie, níl íoctha go fóill leis na naoi n-eagraíocht a bhfuil a bpleananna faofa, ach an chéad sciar den allúntas €100,000 atá ceadaithe do phlean teanga Chloich Chionnaola.

Dúirt an tAire Stáit níos túisce i mbliana sa Dáil gur €2.65 milliún a bheadh ar fáil in 2018 “fá choinne pleananna a ullmhú agus a chur i bhfeidhm”, ach dúirt sé an mhí seo caite gur €1.7m a bheadh ar fáil i mbliana d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge le tacú leis na coistí pleanála teanga feidhm a thabhairt don phróiseas.

Tá ráite cheana ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, gur léir nach gcaithfear in 2018 ach “roinnt céadta míle” ar fheidhmiú na bpleananna teanga féin.

Níl ach oifigeach pleanála teanga amháin ceaptha sa Ghaeltacht go dtí seo faoin chóras pleanála teanga, Micheál Mac Aoidh, a rachaidh i mbun a chúraim nua i gceantar Chloich Cheann Fhaola inniu.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil imní ar roinnt coistí pleanála teanga eile faoi na deacrachtaí a bhaineann le teacht ar dhuine oilte sa phleanáil teanga.

Faoin gcóras pleanála teanga, a tugadh isteach faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá plean teanga le cur i bhfeidhm i  26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht. Naoi bplean teanga atá faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go dtí seo – Múscraí, Cois Fharraige, na Déise, Ciarraí Theas, Ciarraí Thiar, Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh, Cloich Chionnaola, Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire, Loch an lúir agus Iorras i dtuaisceart Mhaigh Eo.

Trí cinn eile de phleananna teanga atá curtha faoi bhráid Aire Stáit na Gaeltachta ag Údarás na Gaeltachta le faomhadh, ina measc plean na Ceathrún Rua.

Tá lucht Roinn na Gaeltachta ag súil go mbeidh sé phlean eile faofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh na bliana.

Tá tús curtha leis an phróiseas pleanála teanga i ngach ceann de na 26 Limistéar Pleanála Teanga a bhfuil plean le hullmhú dóibh, ach tá ráite cheana ag Aire Stáit na Gaeltachta go mbeidh 2020 caite sula mbeidh tús curtha le gach plean teanga sa Ghaeltacht

Fág freagra ar 'Pingin ar bith caite go fóill ar fheidhmiú ocht gcinn de naoi bplean teanga Gaeltachta – suirbhé'

  • Pádraig

    Chaitheas cúpla lá ó dheas i gCorca Dhuibhne an deireadh seachtaine seo chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht,Bhí fonn orm mo chuid Gaelainne a chleachtadh agus a úsáidh sa dúiche ach faraor bhí dul amú orm.Chuaigh mé isteach san Ostán i mBaile an Fheirtéaraigh dom lón agus thosaigh mé ag labhairt na Gaeluinne le fear óg ag obair ansin.Ach dhiúltaigh sé an Ghaeluinn a labhairt liom.Leanas ar aghaidh leis an nGaeluinn ach fós ní raibh sé toilteannach,Ansin dfhiafraigh mé de cén fáth nach raibh sé sásta an Ghaeluinn a úsáidh agus thug sé leithscéal nach raibh mé sásta leis.Faoi dheireadh mhinigh mé dó go bhfuil ár dTeanga dhúchais i mbaol cheana féin agus muna bhfuil muintir na Gaeltacha sásta an Teanga a labhairt le lucht na Gaeilge taobh amuigh des na Gaeltachtaí beidh an bás i ndán dí.Luaim an eachtra sin mar i mo thuairimse ní fiú airgead an Stáit a chaitheamh ar shlánú na Gaeilge nuair a bhíonn dearcadh mar sin i measc phobal na Gaeltachta,Bainfidh mé triail as Gaeltacht eile féachaint an bhfuil cúrsaí níos fearr sna ceantracha sin.Ar dTeanga abú Pádraig

  • Mairéad

    Comh fada siar le 2010 leagadh síos na limistéir oifigiúla pleanála teanga in Acht na Gaeltachta 2010 agus anois deireann Aire Stáit na Gaeltachta go mbeidh 2020 caite sula mbeidh tús curtha le gach plean teanga sa Ghaeltacht.
    Tá ceist bhunúsach nach mór a chur. An é feidhm an phróiséis pleanála teanga i ndáiríre, ná na gníomhaithe teanga agus na ceannairí pobail sna Gaeltachtaí a choinneáil gnóthach leis an bpleanáil teanga fhuarbhruite seo agus iad a bheith sáinnithe ag an Státchóras fad is atá an ghéarchéim teanga sa nGaeltacht ag bailiú nirt bliain i ndiaidh bliana?

  • Brenda

    Is oth liom taithí Liam ins an Óstán i mBaile an Fhirtéaraigh. Bím féin go minic ann, bhí béile agam ann faoi dhó an samhradh seo, agus lón go minic. Níor labhair aon duine Béarla liom, nuair a thosnaíos as Gaeilge. Aon duine. Is oth liom go mór gur lig duine éigin dá lucht freastail síos iad nuair a thug Liam a chuairt.

  • Seán Mac Gearailt

    Tá Joe (mair , a chapaill) McHugh le moladh as an nGaeilge a athfhoghlaim. Sin ráite… Caitheann sé roinnt airgid ina dháilcheantar féin. Tugann sé le tuiscint go bhfuil sé chun airgead a chaitheamh ar seo , siúd agus eile, ach is annamh a dhéanann sé beart de réir a bhriathair. Briathra milse folamha uaidh ar nós Shane Ross.

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Tá sé de nós agam féin anois labhairt i nGaeilge ar dtús, le gach aon freastalaí a gcastar orm, dtugann an nós seo deis an comhartha a thoseacht i nGaeilge agus de gnáth fiú iad sin ar bheagán Gaeilge déanann siad iarracht. Tugann sé an deis dhíofa an teanga a chleachtadh chomh maith. Beatha teanga í a labhairt.