‘Ná fágtar ró-ualach ar an bpobal’ – an chéad oifigeach pleanála teanga ceaptha sa Ghaeltacht

Is é Micheál Mac Aoidh, a bheas freagrach as Plean Teanga Chloich Chionnaola, an chéad oifigeach pleanála teanga atá ceaptha sna 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht

‘Ná fágtar ró-ualach ar an bpobal’ – an chéad oifigeach pleanála teanga ceaptha sa Ghaeltacht

Micheál Mac Aoidh, Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Chionnaola

Tá ráite ag an chéad oifigeach pleanála teanga atá ceaptha sa Ghaeltacht mar chuid den phróiseas pleanála teanga go bhfuil sé tábhachtach a chinntiú nach bhfágtar “ró-ualach ar an bpobal” de réir mar atá struchtúr an phróisis á thógáil.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt Micheál Mac Aoidh, a bheas freagrach as Plean Teanga Chloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh go bhfuil sé ag tnúth le “rudaí suntasachta praiticiúla” a bhaint amach ina phost nua ach gur “próiseas fada” a bheas i bhfeidhmiú phlean an cheantair. Bheadh go leor “constaicí, conspóidí agus dúshlán” ag baint leis an obair chomh maith, a dúirt sé.

“Dá dtiocfadh borradh faoin díospóireacht sna scoileanna i gCloich Chionnaola, dá mbeadh athbheochan ar an drámaíocht agus club óige nua sa cheantar, bheadh toradh maith le feiceáil ar an phleanáil teanga,” ar sé.

Dúirt Mac Aoidh, a bhí ina Oifigeach Ealaíon le hEalaín na Gaeltachta sular ceapadh é sa phost nua, gurb é “bun agus barr” na pleanála teanga ná “go mbeadh úinéireacht ag an bpobal ar an bplean” ach gur gá freisin go mbeadh na heagraíochtaí stáit ag tacú go láidir le feidhmiú na bpleananna.

Maidir leis an tuairim atá ann nach leor an maoiniú – €100,000 i gcás Chloich Chionnaola – atá á chur ar fáil do chur i bhfeidhm na bpleananna teanga sa chéad bhliain, dúirt Mac Aoidh gur rud maith é go raibh “an oiread sin ar fáil” agus go bhfeadfaí cás a dhéanamh amach anseo  le haghaidh acmhainní breise dá mbeadh “toradh maith ar an obair”.

“Tagaim ó chúlra ealaíne, réimse a bhíonn ag iarraidh rudaí móra a bhaint amach ar acmhainní beaga. Má éiríonn leis an bpróiseas, beidh muid in ann troid lá eile níos faide anonn ar son níos mó acmhainní. Seo tús an phróisis agus bheadh muid ag súil go mbeadh duine eile ag obair ar an bpleanáil teanga i gCloich Chionnaola amach anseo,” a dúirt sé.

Is é Feargal Mac Thréinfhir a chuir plean teanga Chloich Chionnaola i dtoll a chéile i gcomhar le coiste pleanála teanga an cheantair.

Baineann an plean le ceantar Chloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh.

Faoin gcóras pleanála teanga a tugadh isteach faoi Acht na Gaeltachta 2012 tá plean teanga le cur i bhfeidhm i  26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht. Ocht bplean teanga atá faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go dtí seo, agus cead faighte ag na coistí pleanála teanga sna ceantair sin duine amháin a fhostú mar oifigeach pleanála teanga.

Is é Micheál Mac Aoidh an chéad duine a ceapadh sa ról sin sa Ghaeltacht go léir.

Tá €940,000 ar fad ceadaithe don ocht bplean eile a bhfuil glactha leo go dtí seo – Ciarraí Thiar, Múscraí, Cois Fharraige, Na Déise, Cloich Chionnaola, Ciarraí Theas, Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh agus Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire, Loch an lúir.

Ceithre cinn eile de phleananna teanga atá curtha faoi bhráid Aire Stáit na Gaeltachta ag Údarás na Gaeltachta le faomhadh, ina measc plean na Ceathrún Rua agus plean Mhaigh Eo Thuaidh.

Tá lucht Roinn na Gaeltachta ag súil go mbeidh seacht bplean eile faofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh na bliana.

Bhí sé ina raic ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge níos túisce an mhí seo nuair a d’éirigh idir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív agus Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh faoi mhaoiniú chóras na pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Mhaígh an tAire Stáit go mbeadh €2.65 milliún ar fáil in 2018 “fá choinne plean a ullmhú agus a chur i bhfeidhm”, ach dar le Ó Cuív gur léir nach gcaithfear in 2018 ach “roinnt céadta míle” ar fheidhmiú na bpleananna teanga féin.

Mhaígh Ó Cuív go bhfuil “faitíos” ar an Aire Stáit an méid sin a admháil.

Fág freagra ar '‘Ná fágtar ró-ualach ar an bpobal’ – an chéad oifigeach pleanála teanga ceaptha sa Ghaeltacht'

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Gach ádh le Micheál ina phost úr, suil agam go dtacóidh an pobal ar fad leis an plean a chur i bhfeidhm.

  • Áine An Lab

    Comhghairdeas a Mhichíl is gach rath ort sa chúram nua! Ag treabhadh linn le PT Daingean Uí Chúis!