Fear Gaeltachta le ceapadh ina bhainisteoir ar fhoireann faoi 20 na Gaillimhe

Tá dhá bhliain caite ag fear an Spidéil i gceannas ar fhoireann mhionúir peile an chontae

Fear Gaeltachta le ceapadh ina bhainisteoir ar fhoireann faoi 20 na Gaillimhe

Tá fear as Gaeltacht Chonamara le ceapadh ina bhainisteoir ar fhoireann peile faoi-20 na Gaillimhe agus é fógartha ag bord an chontae gurb é Dónal Ó Fátharta atá roghnaithe acu don ról sin.

Ceapfar Ó Fátharta, arb as an Spidéal ó dhúchas dó, ag cruinnithe de choistí bainistíochta agus contae an tseachtain seo chugainn.

Beidh aithne mhaith ag Ó Fátharta ar na himreoirí atá ag teacht in inmhe i nGaillimh agus dhá bhliain caite aige ina bhainisteoir ar fhoireann mhionúir na Gaillimhe le dhá bhliain anuas.

Shroich Gaillimh cluichí ceannais na hÉireann in 2019 agus in 2018 ach chlis orthu an dá lá.

Fuair Corcaigh an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais na bliana seo i ndiaidh coimhlinte ina raibh am breise ag teastáil chun na foirne a scaradh óna chéile. Bhuaigh Ciarraí ar Ghaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann tar éis d’fhoireann Uí Fhátharta Craobh Chonnacht a thabhairt leo níos luaithe sa bhliain.

Beidh Cosmos Gilmore, Enda Daly agus Paddy Moran mar chuid d’fhoireann bhainistíochta Uí Fhátharta.

Bhí post an bhainisteora ar fhoireann faoi 20 na Gaillimhe le líonadh nuair a ceapadh Pádraic Joyce a bhí i gceannas na foirne anuraidh ina bhainisteoir ar fhoireann shinsir an chontae.

Bhuaigh foireann faoi 20 na Gaillimhe Craobh Chonnacht i mbliana ach chaill siad i mbabhta leathcheannais na hÉireann i gcoinne Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Fear Gaeltachta le ceapadh ina bhainisteoir ar fhoireann faoi 20 na Gaillimhe'