Hey Jude, ná bíodh eagla ort
Tá an scéal mór a rinneadh don NFL teacht go hÉirinn an mhí seo caite luaite againn sa gcolún seo ach bíonn rudaí ag dul sa dá threo agus Éireannaigh imithe sall le cúpla bliain anuas chun tabhairt faoin bpeil Mheiriceánach.
Scéal mór sna meáin a bhí in iarrachtaí Rory Beggan, cúl báire Mhuineacháin, áit a bhaint amach ar fhoireann anuraidh agus é imithe sall le grúpa imreoirí CLG. Níor éirigh le Beggan an beart a dhéanamh ach d’éirigh le Charlie Smyth áit a fháil mar chiceálaí ar scuad traenála na New Orleans Saints.
Ní bhfuair aistear Jude McAtamney, fear a bhuaigh bonn uile-Éireann le foireann faoi 20 Dhoire, an clúdach céanna sna meáin nuair a chuaigh seisean anonn in 2021 chun imirt sa gcoláiste. D’éirigh thar barr leis, áfach, agus é imithe céim níos faide ná na hÉireannaigh uile eile agus áit bainte amach ag McAtamney ar fhoireann na New York Giants. Nuair a scóráil McAtamney cic slánaithe do na Giants mí na Samhna anuraidh, ba é an chéad Éireannach a scóráil pointe san NFL ó bhí Neil O’Donoghue ag imirt do na St. Louis Cardinals beagnach scór bliain roimhe sin.
Fuair McAtamney deis cheart an mhí seo caite nuair a gortaíodh príomhchiceálaí na Giants agus bhí trí chluiche imeartha aige roimh an Domhnach seo caite nuair a thug a fhoireann aghaidh ar na Denver Broncos.
Cé gur chuir McAtamney cic slánaithe amú níos luaithe sa gcluiche, bhí cuma na maitheasa ar na Giants agus iad 18 pointe chun tosaigh agus gan ach sé nóiméad fágtha. Chlis go hiomlán ar an bhfoireann san am a bhí fágtha, áfach. Agus 37 soicind fágtha, bhí deis ag McAtamney bearna chinniúnach trí phointe a chur idir na foirne, rud a d’fhágfadh go mbeadh talmhú ag teastáil ó na Broncos chun an cluiche a bhaint ach arís chuir sé an iarracht amú.
Botún ollmhór a bhí ann, aimsítear thart ar 95% de na ciceanna slánaithe san NFL agus bhí péire in aon chluiche amháin anois curtha amú ag fear Dhoire. Mar bharr ar an donas, chuaigh na Broncos suas an pháirc, agus an t- am caite, scóráil siad cúl trí phointe ón imirt chun an cluiche a bhaint, 32-33.
Gan trua ná taise a chaitear le ciceálaithe san NFL agus thug na Giants bata agus bóthar do McAtamney Dé Céadaoin, cé gur fhill sé ar an scuad traenála inné.
Ní gá don Éireannach óg dul i bhfad ó bhaile chun ábhar misnigh a fháil, áfach. Chuir ár gcara Neil O’Donoghue féin dhá chic slánaithe amú in aon chluiche amháin i 1979 ach tháinig sé ar ais agus chaith sé sé bliana eile ag imirt san NFL.
Cineál creideamh í an pheil Ghaelach i dTír Eoghain…
Tabharfaidh Loch Mhic Ruairí aghaidh ar Thrileac i gCluiche Ceannais Chraobh Shinsir Peile Thír Eoghain an Domhnach beag seo.
Agus an dá fhoireann ag súil leis an chorn a thabhairt na bhaile leo, beidh ar mhuintir Loch Mhic Ruairí a gcuid paidreacha a rá ag an Aifreann tráthnóna Dé Sathairn, mar go bhfuil Aifreann an Domhnaigh curtha ar ceal.
D’fhógair sagart paróiste Loch Mhic Ruairí, an tAthair Peter McAnenly an scéala ar an ardán X.
Is é seo an chéad uair riamh do Loch Mhic Ruairí áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an chontae. Ar an taobh eile den scéal, thug Trileac Corn Uí Néill leo in 2023 agus is é seo an tríú bliain as a chéile go bhfuil siad páirteach i gcluiche ceannais an chontae.
Beidh an cluiche ar siúl i bPáirc Uí hÉilí ar an Ómaigh ag 4pm tráthnóna Dé Domhnaigh agus ag Dia amháin atá a fhios cén fhoireann a bheas ag ceiliúradh ag deireadh an lae.
Darren Ó Dubhgáin
Ár gcaptaen éirithe as
“Thug Declan tús áite i gcónaí don bhfoireann. Lena shampla a thug sé ceannaireacht, é ar a shuaimhneas i lár an ruaille buaille go léir a bhaineann leis an gcraobh iománaíochta.”
B’in cuid den mholadh a bhí ag lucht bainistíochta agus bord chontae Luimnigh do Declan Hannon nuair a d’fhógair sé an tseachtain seo go raibh sé ag éirí as an imirt idirchontae.
Bhí gach aon mholadh a fuair fear Áth Dara, an captaen iománaíochta is mó rath riamh, tuillte aige. Cúig uaire a d’ardaigh sé Corn Liam Mhic Cárthaigh agus sé huaire a bhí sé ina chaptaen ar a chontae nuair a bhuadar craobh na Mumhan.
Deir an tráchtaire géarchúiseach Jamie Wall gurb é Hannon an leathchúlaí láir is fearr a d’imir riamh, agus ní bheimis á áiteamh air.
Samhlófar go deo le Declan Hannon bua sin na staidéarthachta agus an cumas sin fanacht socair i lár an áir lá craoibhe.
Ach ní hamhlaidh a bhí i gcónaí agus a mhalairt de theist a bhí air, mar shampla, in 2013 nuair a bhí drochlá ceart aige i gcluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh chontae an Chláir. 19 bliain d’aois a bhí Hannon, a d’imir mar leath-thosach láir an lá sin agus an stádas mar dhuine de na hógánaigh ba chumasaí riamh a chuir geansaí Luimnigh air á iompar aige. Chuir sé poc saor éasca amú i dtosach na himeartha agus chuir sé trí iarracht eile amú roimh leath-am.
Nuair a bhuaigh Luimneach cluiche ceannais na hÉireann den chéad uair le 45 bliain in 2018, dúirt Hannon gurb é sin an chéad uair go bhféadfadh sé a dhrochthaispeántas cúig bliana roimhe a dhíbirt as a cheann.
“Bhí mé á iompar sin ar feadh tamaill,” a dúirt sé faoin gcluiche leathcheannais sin.
“Is cuimhin liom, bhí cluiche craoibhe ag an gclub coicís ina dhiaidh sin agus ní raibh fonn orm dul chun páirce in aon chor.
“Bhí náire orm ag dul amach i ndiaidh an méid a tharla cúpla seachtain roimhe sin, mar gheall gur ligeas daoine síos agus stuif mar sin.”
Léiriú iontach ab ea é ar an ualach a bhíonn á iompar i ngan fhios dúinn ag an imreoir. Agus léiriú is ea gach ar bhain sé amach ó shin ar an teacht aniar millteach sin nach mbíonn ach sna laochra is mó ar fad.
Sa deireadh ‘Ár gCaptaen’ a thugadh muintir Luimnigh air le hurraim. Agus sin a tugadh air sa teachtaireacht i ngrúpa WhatsApp chairde an bhaile nuair a fuaireamar an drochscéal.
‘Tá ár gcaptaen éirithe as…’
B’in uile a dúradh agus, beir leat ár bhfocal, ní deoir bheag sa tsúil a bhí ansin agus an scéal faighte againn…
Seán Tadhg Ó Gairbhí
Fág freagra ar 'Fear Dhoire san NFL, creideamh na peile i dTír Eoghain, teacht aniar iontach Declan Hannon'