Fear 96 bliain a tháinig slán ó champaí géibhinn na Naitsithe maraithe san Úcráin

Maraíodh Boris Romantschenko in ionsaí de chuid na Rúise agus é sa bhaile in Kharkiv.

Fear 96 bliain a tháinig slán ó champaí géibhinn na Naitsithe maraithe san Úcráin

Boris Romantschenko ag ócáid chuimneacháin ar uafás na gcampaí géibhinn. Pictiúr: @Buchenwald_Dora/Twitter

Maraíodh in ionsaí sliogán san Úcráin fear 96 bliain a tháinig slán ó champaí géibhinn de chuid na Naitsithe.

Maraíodh Boris Romantschenko in ionsaí de chuid na Rúise agus é sa bhaile in Kharkiv.

Tháinig Boris Romantschenko slán ó na tréimhsí a chaith sé le linn an dara cogadh domhanda i gcampaí géibhinn Buchenwald, Peenemünde, Dora agus Bergen-Belsen. Trí bliana ar fad a thug sé sna campaí géibhinn.

Dúirt Fondúireacht Chuimhneacháin Buchenwald agus Mittelbau-Dora gur maraíodh é in ionsaí sliogán de chuid na Rúise.

Thug a ghariníon le fios don fhondúireacht gur maraíodh é nuair a buaileadh an bloc árasán ina raibh cónaí air.

Dúradh gur oibrigh Boris Romantschenko go dúthrachtach chun nach ndéanfaí dearmad ar choireanna na Naitsithe agus bhí sé ina leas-uachtarán ar Choiste Idirnáisiúnta Buchenwald-Dora.

Tá Kharkiv, atá in oirdheisceart na hÚcráine, ar an dara cathair is mó sa tír agus ar na cathracha is mó atá á mbombardú ag an Rúis ó thús an ionraidh an mhí seo caite. Deir údaráis na hÚcráine gur maraíodh 500 sibhialtach ar a laghad sa chathair le linn na n-ionsaithe le trí seachtaine anuas.

Inniu an 26ú lá den chogadh san Eoraip a thosaigh nuair a chuir an Rúis tús lena n-ionradh ar an Úcráin ar an 24 Feabhra.

Maraíodh nó gortaíodh na mílte ó thús an ionraidh agus tá níos mó ná 10 milliún duine teite óna mbailte.

Tá scrios déanta ar fud na tíre ag an mbombardú atá ar bun ag fórsaí na Rúise.

Fág freagra ar 'Fear 96 bliain a tháinig slán ó champaí géibhinn na Naitsithe maraithe san Úcráin'