Feachtas bailithe airgid tosaithe do mháthair Ghaeltachta a chaill a dhá cos gan choinne

Chaith Eilís Ní Chonghaile breis is sé mhí san ospidéal agus a dhá cos caillte aici de bharr breoiteacht fola neamhchoitianta

Feachtas bailithe airgid tosaithe do mháthair Ghaeltachta a chaill a dhá cos gan choinne

Tá feachtas bailithe airgid bunaithe chun teacht i gcabhair ar mháthair i gConamara ar baineadh an dá chos di gan choinne nuair a buaileadh tinn í.

Le gairid a tháinig Eilís Ní Chonghaile, arb as Indreabhán ó dhúchas di ach atá anois ag cur fúithi ar an Spidéal, abhaile as an ospidéal, áit ar chaith sí breis is sé mhí ag teacht chuici féin ón easláinte.

In agallamh ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Eilís gur tharla rudaí go han-tobann ar fad.

Ó ghortaigh sí a droim ceithre bliana ó shin, bhí sciaitíce ag gabháil di agus pian go minic ina cosa. D’éirigh cúrsaí i bhfad níos measa tús mhí Feabhra agus chlis an siúl ar Eilís, a bhíodh ag obair sa teach altranais ar an Spidéal.

Maidin Sathairn amháin d’airigh sí nach bhféadfadh sí siúl síos an staighre agus cé go raibh sí in ann píosa beag a dhéanamh ar an Domhnach, chaill sí an mothú sna cosa an oíche sin.

“Tharla sé chomh sciobtha sin. Bhí mé i mo sheasamh orthu an tráthnóna sin, ag dul isteach agus amach sa gcistineach, ach dhá uair an chloig théis dom a bheith ar mo chosa, ní raibh mé in ann meáchan ar bith a chur orthu,” a dúirt Eilís.

“Bhí faitíos orm ach fós fhéin cheap mé go m’fhéidir go raibh diosc i mo dhroim ag brú ar rud éigin agus go mbeadh sé alright nuair a ghabhfainn chuig an dochtúir nó an ospidéal…níor chuimhnigh mé riamh go mbeadh tada níos mó ná sin ann.”

Dúirt Eilís go raibh drogall uirthi dul isteach go dtí an t-ospidéal mar sin féin ach chuir an dochtúir otharcharr amach chuici ar an Luan agus tugadh isteach í.

Agus tástálacha déanta ag na dochtúirí, ba léir go raibh fadhb thromchúiseach ag cur as d’Eilís agus cinneadh í a chur faoi scian.

“Ní cuimhin liomsa uaidh sin céard a tharla. Sé an chéad rud eile a chuimhním ná breathnú ar mo Mham agus m’iníon ag seasamh os mo chionn. B’in cúpla lá ina dhiaidh sin agus bhí mé bailithe trí chúpla surgery an t-am sin. Ní raibh’s agamsa tada faoi.”

Bhí Eilís tar éis dul faoi scian cúig uaire idir an dá linn chun déileáil le téachtáin fola ina dhá cos. Rinneadh iarrachtaí iad a ghlanadh ach níor éirigh leo.

“Bhí siad in ann ó mo cheathrúna síos go dtí mo ghlúine a shábháil ach, ó mo chuid glúine síos, bhí suimint déanta ag na ‘blood clots’. Bhí an oiread acu ann nach raibh aon rogha acu ach an dá chos a bhaint díom.”

Dúirt Eilís gur ar éigean gur cuimhneach léi bheith ag caint leis an dochtúir comhairleach théis obráid amháin nuair a mhínigh sé di go raibh an baol ann go gcaillfeadh sí na cosa.

“Is cuimhin liom a rá leis, ‘Is cuma céard a chaithfidh tú a dhéanamh, ach déan cinnte go ndúiseoidh mé le haghaidh mo chuid gasúr’.”

Bhí súil ann ar dtús nach gcaillfeadh Eilís ach a cos chlé ón nglúin síos ach, faoi dheireadh, bhí orthu a cos dheas a bhaint di ón nglúin síos agus a cos chlé os cionn na glúine.

Dúirt Eilís nach bhfuil na dochtúirí cinnte go fóill céard go díreach is cúis lena cás ach go meastar gur breoiteacht fola an-neamhchoitianta a bhí i gceist. Dúirt sí go raibh tástálacha fós á ndéanamh ar a cuid fola ag iarraidh teacht ar dhiagnóis chinnte.

Mhínigh Eilís gur duine an-neamhspleách a bhí inti roimh an scéal seo uile agus go bhfuil sí fós ag dul i dtaithí ar na hathruithe uile a tharla si le sé mhí.

“Tá sé deacair. Tá an lá fada. Caithfidh tú a bheith ag brath ar dhaoine chun chuile rud a dhéanamh duit. Nuair atá cleachtadh agat a bheith ag déanamh chuile rud asat féin. Caithfidh tú cúnamh a iarraidh ar dhaoine le haghaidh rudaí beaga fánacha. Beidh cantal ort taobh istigh ach caithfidh tú fós cuma shona a chur ort.”

Tá Eilís ceaptha cúnamh a fháil ó chúramóir baile roinnt uaireanta an chloig gach seachtain ach deir sí go bhfágann ganntanas oibrithe cúraim nach bhfuil an cúnamh sin á fháil aici. Níl ardtosaíocht ag baint ag cás Eilís ach an oiread, de réir na seirbhísí sláinte. Fágann sin gurb iad a tuismitheoirí féin agus a beirt chlainne, Thomas agus Emily, atá ag tabhairt aire d’Eilís.

Chaith Eilís blianta ag obair mar chúramóir baile í féin agus deir sí go dtuigeann sí go maith cén fáth nach mbeadh fonn ar dhaoine an obair sin a dhéanamh agus gan aon ardú pá tugtha dóibh ó bhí sise ag obair, a deir sí.

Tá Eilís ar liosta feithimh do chos bhréige, agus í le dul suas go Dún Laoghaire faoi cheann cúpla mí chun ceann a fháil. Má éiríonn go maith léi leis an gcos dheas sin, d’fhéadfadh sí an dara ceann a fháil.

feachtas GoFundMe tosaithe ag clann Eilís chun cuidiú leis na costais a bheidh uirthi agus í ag teacht chuici féin.

Fág freagra ar 'Feachtas bailithe airgid tosaithe do mháthair Ghaeltachta a chaill a dhá cos gan choinne'