Faoiseamh le fáil ó Four in a Bed, Demi Moore agus Seán Mac an tSíthigh

AN CULTÚR FAOIN gCUIBHRIÚ: Sa mhír seo insíonn daoine éagsúla dúinn faoi na leabhair, scannáin, albaim, podchraoltaí agus eile atá ag tabhairt faoiseamh, spreagadh nó lón machnaimh dóibh

Faoiseamh le fáil ó Four in a Bed, Demi Moore agus Seán Mac an tSíthigh

Braithim go mór ar struchtúr agus an t-ádh liom go bhfuil rian de sin fós i mo shaol in aimsir seo an choróinvíris.

Táim fós in ann dul isteach chun na hoifige; ach mar sin féin, tá na tráthnóntaí agus na deirí seachtaine fada agus braithim mé féin ag brath ar nithe  éagsúla chun an t-am a chaitheamh.

Nuair a bhím gafa le scéalta nuachta ó Luan go hAoine, is breá an rud bheith in ann suí os comhair na teilifíse agus tabhairt faoi chúig eagrán den tsraith Four in a Bed, ceann i ndiaidh a chéile.

Clár nach mbíonn orm mórán smaoinimh a dhéanamh faoi  – comhluadar sa chúlra – ainneoin na n-argóintí a bhíonn minic ag na hiomaitheoirí!

Nuair a chuala le déanaí go raibh sraith a dó den After Life eisithe, bheartaíos go raibh sé in am aghaidh a thabhairt air.

Bhíos riamh tógtha le Ricky Gervais agus meas agam ar a shaothar, go háirithe The Office; ach ní ró-thógtha a bhíos le Extras ná cuid eile dá chláracha le blianta beaga anuas.

Is go drogallach, más ea, a chuireas ar siúl é, ach laistigh de chúpla neomat, bhíos gafa.

Tá Gervais breá in ann an dá thrá a fhreastal – idir shúgradh is dáiríre – agus é a dhéanamh go paiteanta. Níl na léirmheasanna ró-mholtach do shraith a dó, cífimid conas a bheidh aige…nuair a thiocfaidh mé chomh fada leis.

Tá iarracht á déanamh agam Twitter a sheachaint agus scíth á ligean agam, ach bím meallta ina threo níos minice ná a mhalairt. Chonac físeáin ó Cúla4 ar Scoil le déanaí, dhá cheann a chuaigh go mór i bhfeidhm orm.

D’fhoghlaimíos féin ó Sheán Mac an tSíthigh agus cur síos aige ar a chuid oibre, agus mar a thugann sé faoi scéalta don Nuacht, céim ar chéim. Thugas chomh maith, níosa mhó de cheann do liricí an amhráin Páidín Ó Raifeartaigh ná mar a dheineas riamh cheana agus Orla Ní Fhinneadha á mhúineadh, cois cladaigh.

Táim ag iarraidh dialann a choimeád faoi láthair, go mbeidh cuntas agam ar an tréimhse seo agus ar mo chuid smaointe. Táim ag tabhairt faoi chúrsa journaling ar-líne, faoi stiúir Kate O’Dwyer, cóitseálaí saoil. Bím leisciúil áfach agus bíonn orm brú a chur orm féin chun díriú air. Bíonn brú ag teastáil chomh maith nuair a thagann sé chuig an léitheoireacht. Is é an sórt duine mé a léann cúpla leathanach, sara gcaithim uaim an leabhar, cúinne an leathanaigh lúbtha, go bhfillfidh mé air arís.

Inside Out, dírbheathaisnéis an aisteora Demi Moore, cois na leapan. Ní fada go mbeidh sé curtha díom agam, má bhíonn mo chur chuige ceart.

Tá faoiseamh san aclaíocht agus tá níos mó siúlóide déanta agam le tamall anuas ná mar a dheineas le fada.

Ó thaobh an cheoil, tá Van the Man mar chomhluadar agam, go leanúnach i mo chluasáin. An líne sin ón amhrán ‘And the healing has begun’, le clos arís is arís eile – ‘And we’ll walk down the avenue again’ – mo mhana i láthair na huaire.

Sin atá do mo choimeád ag imeacht.

Fág freagra ar 'Faoiseamh le fáil ó Four in a Bed, Demi Moore agus Seán Mac an tSíthigh'