‘Fan socair, go gcuirfidh mé é seo ar d’éadan!’ – tá séasúr an uachtair ghréine linn

Déanaim dearmad go bhfuil a leithéid de rud ann agus lá breá go dtí go mbreathnaím amach maidin amháin agus an tonn teasa tagtha

‘Fan socair, go gcuirfidh mé é seo ar d’éadan!’ – tá séasúr an uachtair ghréine linn

‘Níl aon uachtar gréine ag teastáil uaim, Mamaí!’  a bhéic an Babaí agus é ag imeacht ó chos go cos ag iarraidh éalú uaim.

Breathnaím ar a chloiginnín rua is a éadainín beag bricíneach. ‘Tá sé uait!’  a deirim go neamhbhalbh. 

Ní chuimhním uachtar gréine nua a cheannacht ag tús an tsamhraidh is chomh luath is a thagann an lá breá, bíonn muid ag cartadh an tí ag cuartú an tiúb a leag muid uainn go brónach ag deireadh an tsamhraidh anuraidh. 

Is dóigh gurb é an fáth atá leis ná go dtagann an aimsir bhreá aniar aduaidh orm. Déanaim dearmad go bhfuil a leithéid de rud ann agus lá breá go dtí go mbreathnaím amach maidin amháin agus an teas mór tagtha. 

Seasaim sa doras ag breathnú amach, braoiníní allais ag sileadh anuas ar mo bhaithis. ‘An bhfuil sibh cinnte nach mbeidh aon seaicéad ag teastáil?’  

Ní thugann éinne aon aird orm agus an ceart acu, is dóigh. Is léir go bhfuil sé ina lá breá agus an té a mbeadh ciall aici, bheadh sí amuigh cheana féin ag sú na gréine seachas a bheith ag iarraidh cinneadh a dhéanamh maidir le seaicéad. 

‘Meas tú cár leag mé mo bhrístí gearra anuraidh?’  a deir mé ansin agus mé tosaithe ag bruith. 

Bíonn na gasúir rite amach romham is feicim iad ag pramsáil síos an bóthar, lán d’áthas an tsaoil.

‘Seo leat!’  a deir Fear an Tí, ‘níl aon bháisteach air!’  

Braithim go gcaithim sé mhí den bhliain ag iarraidh cótaí a chur orthu is na sé mhí eile ag iarraidh uachtar gréine a chur orthu. Athraíonn téama na hargóna leis an séasúr.

Agus, is dóigh, a déarfá, go bhfágann sibh an teach corrlá gan aon argóint…

‘Fan socair, go gcuirfidh mé é seo ar d’éadan, as ucht Dé ort!’  a deir mé leis an mBabaí agus tiús an uachtair ghréine ag dul i mo choinne is mé ag iarraidh é a phlástráil trasna ar a phluca. 

‘Tá tú á chur isteach i mo shúile!’  a bhéic sé agus é ag lúbarnaíl ag iarraidh imeacht uaim. ‘Níl mé in ann tada a fheiceáil. Tá sé do mo stingeáil!’

‘Ok, ok, tá brón orm, díreach tabhair dom soicind is beidh tú in ann imeacht,’  a d’impigh mé air is mé ar mo mhíle dícheall guaim a choinneáil orm féin. 

Ní chuirfinn aon mhilleán air a bheith ag iarraidh éalú uaim. Ba gheall le suimint an fuílleach beag suarach uachtar gréine a bhí scríobtha amach as íochtar na tiúibe agam le spúnóg. Rith sé liom, meas tú an oibreodh sé dá ndéanfainn tanú air le bainne nó uisce? 

An chéad rud eile ná na buicéid agus na spáda.

Cuimhním go soiléir gur cheannaigh mé buicéid agus spáda anuraidh. Tá a fhios agam gur cheannaigh. Ní hamháin gur cheannaigh mé iad, ach sílim gur cheannaigh mé faoi dhó iad nuair a chuaigh an chéad seit ar iarraidh orainn. Mura bhfuil dul amú orm, cheannaigh mé liathróidí beaga freisin.

Níl aon amharc orthu sin ach an oiread. 

Tá mé cinnte go bhfuil siad sáite isteach i mála in áit éicint againn.

Tosaím ag cartadh an tí arís á dtóraíocht. 

Cloisim gráig an doras isteach. An Babaí atá ann.

‘Déan deifir, Mamaí!’  

Fág freagra ar '‘Fan socair, go gcuirfidh mé é seo ar d’éadan!’ – tá séasúr an uachtair ghréine linn'