Faitíos rúnda an imircigh tar éis na paindéime

Tá na srianta ar an taisteal idir ilchríocha á scaoileadh. Ach idir athrú aeráide, phaindéimeanna agus ghéarchéimeanna eile, cén fhad eile a bheidh ar chumas inimirceach cuairteanna rialta a thabhairt ar a mbaile?

Faitíos rúnda an imircigh tar éis na paindéime

Ceithre mhí roimh thús na paindéime, bhog cara Brasaíleach de mo chuid go dtí mo thír dhúchais, an Ísiltír. An tseachtain seo, den chéad uair le dhá bhliain anuas, tá sí ar ais ar cuairt anseo i gcathair Salvador. Chuaigh muid ar shiúlóid ar an bpromanáid. Tionchar na paindéime ar shaol an imircigh a bhí ar bharr ár n-aigne, gan dabht.

Dhá bhliain gan do mhuintir a fheiceáil. Bheadh ár gcuid sinsear – agus sinsir mhórchuid Éireannach – ag gáire fúinn. Má chuaigh tú ar imirce go dtí an taobh eile den domhan céad bliain ó shin, drochsheans go bhfeicfeá gaolta agus cairde arís go deo. Má thóg tú an bád bán ort féin leathchéad bliain ó shin, seans go bhfaighfeá deis cuairt a thabhairt ar do thír dhúchais uair nó dhó ina dhiaidh sin.

Bhog an cara ab fhearr a bhí ag mo mháthair nuair a bhí sí óg go dtí an Nua-Shéalainn i lár na 1960idí. Uair amháin a tháinig sí abhaile. Bhíodh sí féin agus mo mháthair ag cur caiséad fuaime chuig a chéile tríd an bpost, rud a thógadh trí nó ceithre seachtaine. Bhínn féin agus mo dheartháir óg ag déanamh iontais den bhlas aisteach a bhí tagtha ar Ísiltíris na mná seo, ach bhí muid ag súil le cuairt a thabhairt uirthi in Mount Maunganui lá breá éigin. Níor tharla sé sin riamh; tháinig ailse dholeigheasta ar chara mo mháthar agus í i lár na gcaogaidí. Ceann de na rudaí nach ritheann leat nuair a bhogann tú go dtí an taobh eile den domhan agus tú óg ná gur ann a d’fhéadfá bás a fháil.

Ní go dtí an taobh eile den domhan a bhog mise nuair a bhí mé scór bliain d’aois, ceathrú céid ó shin. 24 uair an chloig a thóg an turas bus ó Amsterdam go Gaillimh. Ach bhí an ríomhphost agus an t-idirlíon tagtha ar an saol agus bhí ré na dticéad eitleáin saor ar tí tosú.

Ó bhog mé go dtí an Bhrasaíl, ag tarraingt ar 14 bliain ó shin anois, d’éirigh liom cuairt a thabhairt ar an Eoraip uair amháin in aghaidh na bliana, nach mór. Fiú le linn na paindéime. Bhí ticéid ar ceal, ticéid ar athló, coraintín, tástálacha agus go leor leor maorlathais i gceist – ach bhí práinn leis an gcuairt mar gheall ar chúrsaí teaghlaigh agus d’éirigh liom.

Agus mé féin agus mo chara ag siúl ar an bpromanáid, mhothaigh mé go raibh ceist ar aigne na beirte againn nach raibh sé de mhisneach againn a chur. Idir athrú aeráide, phaindéimeanna agus ghéarchéimeanna eile, cén fhad eile a bheidh ar ár gcumas – agus ar chumas na gcéadta milliún daoine cosúil linne – coinneáil orainn mar atá? Drochsheans go dtiocfaidh an caiséad fuaime sa phost ar ais i bhfaisean, ach tá tuairim agam gur i dtuilleamaí an fhísghlaoigh a bheidh muid níos minice ná riamh amach anseo, agus gur rud ‘annamh is iontach’ a bheidh sa chuairt fhisiciúil ar an mbaile.

Fág freagra ar 'Faitíos rúnda an imircigh tar éis na paindéime'