Faisnéis faoi choireanna dílseoirí ceilte – de thuaiplis nó d’aon turas?

Tá athrú ar chur chuige an PSNI riachtanach má tá muinín le bheith ag daoine as an nuaphóilíneacht

Faisnéis faoi choireanna dílseoirí ceilte – de thuaiplis nó d’aon turas?

Dúnmharuithe a raibh an UDA freagrach astu sna 80dí agus sna 90idí atá i gceist. Os cionn scór ar fad. Ba cheart go mbeadh sé doshamhlaithe go dteipfeadh ar phóilíní a theacht ar fhianaise atá ina gcomhaid féin. Fianaise í a bhfuil ceangal dlí orthu í a sholáthar d’Ombudsman na bPóilíní.

Sin é a tharla, áfach. Ní bhfuair an tOmbudsman “fianaise íogair, thábhachtach”.

I measc na n-eachtraí atá i gceist bhí marú cúigir san ionsaí lámhaigh a rinne an UDA ar shiopa geallghlacadóra Sean Graham ar Bhóthar Ormeau i mBéal Feirste seacht mbliana fichead agus an t-am seo. Ionsaí eile ar an liosta ab ea marú an déagóra Damian Walsh,17, in iarthar Bhéal Feirste sa Mhárta 1993. Bhí lear mór eachtraí taobh thiar den Bhanna idir 1988 agus 1994 á scrúdú ag foireann an Ombudsman freisin, ina measc marú an Chomhairleora Contae de chuid Shinn Féin, Eddie Fullerton, i mBun Cranncha i 1991 agus an sléacht inar maraíodh ochtar i nGlas-stiall i gcontae Dhoire oíche Shamhna 1993.

Tháinig an scannal chun solais nuair a d’fhógair an Dochtúir Michael Maguire, Ombudsman na bPóilíní go raibh moill á cur ar a thuairiscí faoi na heachtraí sin, breis is 20 dúnmharú, ionsaithe frith-Chaitliceacha. Bhí bailchríoch á cur ag an Ombudsman ar a thuairiscí agus é den bharúil go raibh gach eolas curtha ar fáil ag an PSNI. Fuair sé amach ansin go raibh fianaise sa bhreis ag na póilíní a bhí le húsáid i gcás sibhialta ina n-aghaidh. Bhain cuid den eolas sin le hoibríochtaí rúnda de chuid na bpóilíní.

Ghabh an PSNI a leithscéal. Níor deineadh é d’aon turas, ar siad. Teip ar chóras, botún, easpa scileanna nó brú mór oibre faoi ndear é. De sheans a tháinig taighdeoir ar an ábhar breise, a dúirt an Leas Phríomh-Chonstábla Stephen Martin. Leithscéal in aisce ab ea é do chuid de ghaolta na marbh a d’éiligh go n-éireodh an Príomh-Chonstábla as oifig ar an toirt. D’éiligh siad fiosrú neamhspleách faoi iompar an PSNI freisin.

Cruthúnas é seo arís eile ar an damáiste a eascraíonn as easpa córais chun a dhul i ngleic go héifeachtach le hoidhreacht na dtrioblóidí. Dúirt cuid de ghaolta na marbh gur claonpháirtíocht na bpóilíní leis an UDA ba chionsiocair le ceilt an eolais. Buille trom don PSNI é sin, go háirithe tráth á bhfuil an tseirbhís ag dul i ngleic le ganntanas Caitliceach ina measc.

Bhí cothú muiníne sna póilíní i measc an phobail trí chéile agus i measc na gCaitliceach go háirithe mar threoir bhunaidh ag an PSNI nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar an RUC. Bhí an claochlú sin luachmhar, sméar mhullaigh ar an tsochaí nua i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Tubaiste a bheadh ann dá gcaillfí iontaoibh san PSNI agus ba cheart go mbeadh imní mhór orthu faoin gcor is deireanaí. Ceistíodh a gcumas agus a ndiongbháilteacht don oscailteacht cheana i dtaca le moill ar sholáthar eolais le haghaidh ionchoisní. I bhfianaise na tuaiplise seo tá daoine eile – muintir na hÓmaí cuir i gcás, chomh maith le gaolta na ndaoine a maraíodh i siopa an gheallghlacadóra ag ceistiú chur chuige an PSNI. Tá go leor ag cur rúndacht agus easpa trédhearcachta ina leith.

Ní raibh an tOmbudsman chomh dian sin. Ba léir go raibh fearg air nár tugadh eolas dá oifig agus go mb’éigean dó daoine a bhí ag tnúth lena thuairiscí a ligean síos. Dúirt sé áfach gur ghlac sé leis nár deineadh é d’aon turas. Dá gcreidfeadh sé gur d’aon ghnó a ceileadh fianaise air bheadh sé ag éileamh go gcúiseofaí an PSNI, a dúirt sé – mar sárú ar an dlí a bheadh ann. D’iarr sé ar an Roinn Cirt in Stormont imscrúdú a dhéanamh ar an gceist.

Níl sé soiléir cén t-údarás a bheadh ag an Roinn chun an t-ábhar a scrúdú fiú dá mbeadh Aire in oifig nó cén stádas a bheadh ag tuairisc an scrúdaithe sin. Tá Bord na bPóilíní gníomhach arís le mí anuas de bharr beartais éigeandála in Westminster agus fios curtha acu ar an bPríomh-Chonstábla chun míniú a sholáthar. D’éiligh an DUP, Sinn Féin agus an SDLP an cuntas don Bhord. Ar ndóigh tá sé fógartha cheana féin ag George Hamilton go n-éireoidh sé as mar Phríomh-Chonstábla sa Mheitheamh agus tá sé á rá le seacht mbliana gur ualach róthrom don PSNI é déileáil le hoidhreacht na dtrioblóidí chomh maith le hobair phóilíneachta an lae inniu.

Caithfear an fhianaise atá ar chomhaid ag na póilíní a chur ar fáil do chibé daoine a fhiosróidh coireanna stairiúla áfach agus ní chuirfidh athrú ceannaireachta ar an PSNI an riachtanas sin ar ceal. Tá an Dr Maguire deimhin de nach bhfuil na bealaí atá ar fáil anois chun oidhreacht na dtrioblóidí a fhiosrú oiriúnach don fheidhm. Beidh tréimhse an Dr Maguire mar Ombudsman ag teacht chun deiridh i mbliana freisin, athrú eile a chothaíonn imní i measc na n-íobartach atá ag fanacht i bhfad rófhada ar fhreagraí.

Seanscéal agus meirg air é teip na bpolaiteoirí modh a aontú chun déileáil le hoidhreacht na dtrioblóidí ach ní leithscéal é sin a cheadaíonn don PSNI a bheith ag méiseáil, nó níos measa. Tá athrú ar a gcur chuige riachtanach mar ábhar práinne má táthar chun inchreidteacht agus iontaofacht na nuaphóilíneachta a chothú agus a chaomhnú.

Fág freagra ar 'Faisnéis faoi choireanna dílseoirí ceilte – de thuaiplis nó d’aon turas?'