Faisean na n-ainmhithe éalaithe ón zú! Ocht earra deas faisin a bhfuil priontaí ainmnithe orthu…

Tá an liopard, an séabra agus an toirtís i ngach áit faoi láthair, dar lenár gcomhfhreagraí

Faisean na n-ainmhithe éalaithe ón zú! Ocht earra deas faisin a bhfuil priontaí ainmnithe orthu…

Ní féidir iad a sheachaint faoi láthair i bhformhór na siopaí éadaigh nó ar na suíomhanna díolachán ar líne – earraí faisin a bhfuil priontaí ainmnithe orthu. 

Is cuma ar barréide, gúna, sciorta, treabhsar, bróga nó beilt atá uait ach tá cuma an ainmhí ar an éadach agus an liopard, an séabra nó an toirtís le feiceáil go coitianta. Tá an stíl nua seo chomh tréan anois go bhfuil rannóga ar leith faoin teideal ‘prionta ainmhithe’ ar chuid de na suíomhanna faisin le freastal ar an éileamh atá ar an dearadh seo.

Caithfidh mé a admháil nach rómhór a thaitin priontaí ainmhithe liom féin riamh, ach admhaím go bhfuil cuid acu níos deise ná a chéile. Ar ndóigh is ceart an riail faoin ‘deinim dúbailte’ a leanúint fad is a bhaineann sé le priontaí ainmhithe agus ba mhisniúil í an bhean a thriailfeadh dhá phrionta éagsúil a chaitheamh le chéile!

Seo rogha de na cinn is mó a mheall mo shúil le gairid:  

Gúna meánfhada ó ASOS ar €48.39

Thaitin an gúna go colpa seo liom, go háirithe an gearradh atá air. Measaim go mbeadh seo feiliúnach do chuid mhaith ban.

Blús cídeoige ó H&M ar €39.99

Ní féidir dul amú leis an stíl seo de bhlús seo ó H&M. Bheadh seo go hálainn le jíons dubha.

Barr le prionta Séabra ó River Island ar €33

Is cinnte go meallfadh an dath deas dearg seo duine agus sin an phríomhchúis gur roghnaigh mé an ceann seo. Seans go dtaitneodh an ceann seo le daoine nach maith leo prionta liopaird. 

Seaicéad gluaisrothaí ó Missguided ar €27

Cuireann seaicéad gluaisrothaí barr maise ar bheagnach gach culaith. Cuirfidh an ceann seo spleodar ar leith i gculaith shimplí.

Treabhsar le p

rionta liopaird ó & Other Stories ar €79

Má tú misniúil agus dúil agat sa dearadh faisin seo, bheadh an treabhsar seo ar liosta de na cinn sin gurbh fhiú féachaint orthu.

Sciorta meánfhada ó ASOS ar €48.39

Tá an cineál seo sciorta go mór sa bhfaisean an séasúr seo agus breathnaíonn sé go deas le t-léine dhubh agus cuaráin. Agus é á chaitheamh ar an mbealach sin ní bheidh sé ag dul thar fóir ar bhealach ar bith.

Sála arda ar a ‘Gainor’ ó Topshop ar €89

Don té ar mo nós féin a bheadh beagán amhrasach faoi choincheap na bpriontaí ainmhithe bheadh na bróga seo go deas mar do chéad chéim ar lorg na n-ainmhithe allta. D’oibreoidís go maith le culaith shimplí.

Mála blaosc toirtíse ó Zara ar €39.95

Seo an rogha is fearr ar fad liom féin d’earraí a bhfuil prionta ainmhithe in úsáid orthu. Déarfainn go bhféadfaí an ceann seo a chaitheamh le feisteas deas simplí agus go bhfanfadh sé sa bhfaisean fada go leor.

Fág freagra ar 'Faisean na n-ainmhithe éalaithe ón zú! Ocht earra deas faisin a bhfuil priontaí ainmnithe orthu…'