Fáilte roimh thuarascáil Oireachtais a thugann aghaidh ar ‘míchothromaíochtaí’ i gcás scoileanna na n-oileán

D’fhoilsigh an Comhchoiste Oireachtais um Oideachas agus Scileanna tuarascáil ar maidin maidir le scoileanna oileáin agus ocht moladh déanta ag an gcoiste ina dtaobh

Fáilte roimh thuarascáil Oireachtais a thugann aghaidh ar ‘míchothromaíochtaí’ i gcás scoileanna na n-oileán

Tá fáilte curtha ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin roimh mholtaí choiste Oideachais an Oireachtais maidir le scoileanna oileáin. D’fhoilsigh an Comhchoiste Oireachtais um Oideachas agus Scileanna tuarascáil ar maidin maidir le scoileanna oileáin agus tá ocht moladh déanta ag an gcoiste ina dtaobh.

I ráiteas a chuir Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin amach inniu, dúradh go raibh siad “ag súil go ngníomhóidh an tAire Oideachais agus Scileanna ar mholtaí na tuarascála seo, féachaint le míchothromaíochtaí sa chóras reatha a chur ar ceal agus bonn níos fearr a chur faoi thodhchaí scoileanna oileáin amach ón gcósta, agus pobail oileáin dá réir”.

Moltar sa tuarascáil go dtabharfaí ar ais an liúntas oileáin a d’íoctaí le múinteoirí a bhíonn ag teagasc i scoileanna oileáin, go dtabharfaí €20,000 sa bhliain do gach iarbhunscoil oileáin agus go dtabharfaí breis foirne do na scoileanna sin chun freastal ar a sainriachtanais ó thaobh an oideachais. Moltar chomh maith go bhféachfadh an tAire Oideachais ar chur le líon na scoláireachtaí atá ceadaithe do dhaltaí le tréimhsí a chaitheamh ar scoileanna na n-oileán agus go gcuirfí  deireadh leis an mbac atá ar dhaltaí Gaeltachta leas a bhaint as na scoláireachtaí sin.

I measc na moltaí eile deirtear gur chóir stádas mar scoil neamhspleách a thabhairt do Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, a bhfuil ceangal faoi láthair aici le Coláiste Cholmcille in Indreabhán, agus go dtabharfaí stádas DEIS do na cúig iarbhunscoil ar na hoileáin.

Moltar chomh go dtabharfaí amach “sainpholasaí a dhíreodh ar shainriachtanais scoileanna oileáin” agus go n-aithneofaí cás na scoileanna oileáin in aon reachtaíocht, polasaithe nó tionscnaimh de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna amach anseo.

Fág freagra ar 'Fáilte roimh thuarascáil Oireachtais a thugann aghaidh ar ‘míchothromaíochtaí’ i gcás scoileanna na n-oileán'