Fáilte curtha ag Zelensky roimh ‘chéim iontach suntasach i dtreo deireadh a chur leis an gcogadh’

Tá sé á áitiú ag an Uachtarán Trump go bhfuil sé ráite ag Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, go bhfuil sé sásta cruinniú pearsanta a bheith aige le Zelensky d'fhonn an bealach le deireadh a chur leis an troid atá ar siúl le trí bliana go leith a phlé

Fáilte curtha ag Zelensky roimh ‘chéim iontach suntasach i dtreo deireadh a chur leis an gcogadh’

Sásta go maith a bhí Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, leis na cainteanna a bhí aige in Washington inné le hUachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, mar is léir óna chuid cainte ó shin agus é ag cur síos orthu mar “céim iontach suntasach i dtreo deireadh a chur leis an gcogadh” idir an Rúis agus an Úcráin.

Tá sé á áitiú ag an Uachtarán Trump go bhfuil sé ráite ag Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, go bhfuil sé sásta cruinniú pearsanta a bheith aige le Zelensky d’fhonn an bealach le deireadh a chur leis an troid atá ar siúl le trí bliana go leith a phlé. Níl sé deimhnithe ag an Rúis go fóill go dtarlóidh an cruinniú sin, ach dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise, Sergei Lavrov, go mbeadh an Rúis sásta lena leithéid.

Má tharlaíonn an cruinniú síochána atá molta, agus d’fhéadfadh sé tarlú laistigh de choicís, bheadh sé ar an gcéad chruinniú idir an bheirt Uachtarán, Zelensky agus Putin, ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin mí Feabhra 2022.

Inné a briseadh an gheis sin ag an gcruinniú idir Trump agus Zelensky sa Teach Bán. Ní taobh le hUachtarán na hÚcráine a bhí sa Teach Bán inné mar chuaigh ceannairí go leor tíortha san Eoraip anonn chomh maith agus bhuail Donald Trump leosan freisin chun deireadh an chogaidh san Úcráin a phlé.

Agus na cruinnithe sin thart aige, labhair an tUachtarán Trump leis an Uachtarán Putin ar an nguthán le tús a chur leis na socruithe do chruinniú idir Uachtarán na hÚcráine agus Uachtarán na Rúise.

Ba é moladh na gceannairí Eorpacha go dtabharfaí faoi shos comhraic ar dtús sula gcuirfí tús leis an gcéad bhabhta eile cainteanna. Creideann Trump, a dúirt sé inné, go bhféadfaí leanúint leis na cainteanna fiú agus an cogadh fós ar siúl.

Moladh eile a bhí ag an Uachtarán Trump go gcuideodh na Stáit Aontaithe agus náisiúin Eorpacha le slándáil na hÚcráine a dhearbhú. Tá tuilleadh cainteanna ar siúl inniu faoi cén cineál barántas a bheadh i gceist ós rud é go bhfuil sé ráite ag Trump gur ar na hEorpaigh a bheadh an fhreagracht is mó.

Dúirt Zelensky go ndéanfaí na barántais slándála a shocrú go foirmeálta taobh istigh de dheich lá agus go raibh tairiscint déanta ag an Úcráin luach $90 billiún d’airm a cheannach ó na Stáit Aontaithe mar chuid den bharántas sin.

“Tá sé tábhachtach go bhfuil teachtaireacht shoiléir á tabhairt ag na Stáit Aontaithe go mbeidh an tír sin ar cheann de na tíortha a bheidh rannpháirteach sna barántais agus a chuideoidh leis an barántais slándála sin a chomhordú. Creidimse gur céim mhór chun cinn é sin,” a deir Zelensky.

Moladh atá ag an Uachtarán Putin go ngéillfeadh an Úcráin talamh don Rúis mar chuid den socrú le deireadh a chur leis an gcogadh ach ní dhearnadh aon chaint faoi chríocha ag na cruinnithe sa Teach Bán inné.

“Fágfaimid ceist na gcríocha idir mé féin agus Putin,” a dúírt an tUachtarán Zelensky.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag Zelensky roimh ‘chéim iontach suntasach i dtreo deireadh a chur leis an gcogadh’'