Fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh mholadh go bpléifí conspóid Ghaeilge Bhanc na hÉireann i dTithe an Oireachtais

Mhol an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go dtabharfaí ionadaithe ón mbanc agus ó Chonradh na Gaeilge os comhair an choiste nuair a thiocfaidh siad ar ais i ndiaidh shaoire an tsamhraidh leis an gconspóid teanga faoi ATManna an bhainc a phlé

Fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh mholadh go bpléifí conspóid Ghaeilge Bhanc na hÉireann i dTithe an Oireachtais

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Chuirfeadh Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh chuireadh teacht os comhair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais le cinneadh Bhanc na hÉireann deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge ar ATManna an bhainc a phlé.

Mhol an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go dtabharfaí ionadaithe ón mbanc agus ó Chonradh na Gaeilge os comhair an choiste i ndiaidh shaoire an tsamhraidh leis an gconspóid a phlé.

Tá cruinniú lorgtha cheana féin ag Conradh na Gaeilge leis an mbanc chun an scéal a phlé. Dúirt ionadaí ón gConradh le Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist ag an eagraíocht teanga  taighde a thaispeáint don bhanc a léiríonn gur “gné uathúil dhíolacháin” í an Ghaeilge, aiseolas ó bhaill na heagraíochta a chur in iúl don bhanc, agus plé a dhéanamh ar na féidearthachtaí eile atá ann rogha na Gaeilge a chur ar fáil i ngnéithe eile d’obair an bhainc.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge le Tuairisc.ie inné go mbeadh an eagraíocht lánsásta na cúrsaí sin a phlé ag cruinniú de chuid an Choiste Dála freisin.

Níl an rogha Ghaeilge ar fáil ar na ATManna nua atá á gcur isteach ag Banc na hÉireann le cúpla bliain anuas.  Thug Banc na hÉireann le fios do Tuairisc.ie an tseachtain seo nach bhfuil sé “inmharthana” rogha Ghaeilge a chur ar fáil ar na hinnill nua airgid atá á gcur ar fáil le seacht mbliana anuas.

Dúirt urlabhraí de chuid Bhanc na hÉireann le Tuairisc.ie nach bhfuil rogha Ghaeilge ar an hinnill nua mar gheall ar an “éileamh beag” a bhí ar an rogha Ghaeilge a bhíodh ar na ATManna a bhíodh ann roimhe seo.

Agus ceisteanna ó Tuairisc.ie á bhfreagairt anuraidh acu, thug an banc le fios go roghnaítear an Ghaeilge do níos lú ná 1% de na hidirbhearta ar a ATManna. Dúradh linn anuraidh, freisin, nár choinnigh Banc na hÉireann “súil ghéar” roimhe sin ar líon na ndaoine a roghnaíodh an Ghaeilge ar a ATManna.

Is é Banc na hÉireann an t-aon bhanc in Éirinn a mbíonn rogha Ghaeilge ar fáil ar a chuid UMBanna. Bíonn rogha Ghaeilge ag custaiméirí de chuid Applegreen ar na UMBanna atá ina gcuid stáisiún peitril ar fud na tíre, ach níl aon bhaint acusan le haon bhanc faoi leith.

Tá an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Peadar Tóibín ag iarraidh ar lucht labhartha na Gaeilge picéad a chur taobh amuigh de chraobhacha Bhanc na hÉireann ar fud na tíre amárach lena mhíshásamh a léiriú faoin gcinneadh.

Dúirt Tóibín gur “céim siar agus léiriú dímheasa” ar an nGaeilge atá sa chinneadh agus gurb é “an rud is lú” a d’fhéadfadh an banc a dhéanamh rogha teanga a thabhairt do shaoránaigh an Stáit “a tháinig i gcabhair orthu”.

Tá achainí ar líne tosaithe ag Aodhán Ó Ríordáin, Seanadóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, ina n-éilítear ar an mbanc an cinneadh a chur ar ceal.

Dúirt Ó Ríordáin go bhfuil “an-díomá” air faoin gcinneadh agus gur léiriú é ar an easpa suime a chuireann an banc i ndaoine “a labhraíonn an Ghaeilge ar bhonn laethúil agus a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht”.

Tá go leor ráite ag an iarchraoltóir le RTÉ Radio One agus colúnaí Tuairisc.ie Cathal Mac Coille faoin gceist ar a chuntas pearsanta Twitter freisin. Chuir an t-iriseoir sraith ceisteanna ar Bhanc na hÉireann faoin gcinneadh deireadh a chur leis an tseirbhís agus tharraing aird go leor daoine eile ar an gceist.

Labhair iarchomhghleacaí le Mac Coille, Eoghan Mac Diarmada ó RTÉ 2FM, faoin gcinneadh lena 78,000 leantóir ar Twitter freisin agus dúirt gur “lovely gesture” a bhí ann an Ghaeilge a chur ar fáil an chéad lá riamh.

Tá achainí eile tosaithe ag grúpa eile ar an suíomh céanna le hachainí Aodháin Uí Ríordáin agus tá roinnt mhaith ainmneacha curtha leis an achainí sin freisin.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh mholadh go bpléifí conspóid Ghaeilge Bhanc na hÉireann i dTithe an Oireachtais'