Fágaigí an bealach ag sluaite na bhFiann…agus ag Banna Ard Aidhin

An banna ceoil a sheinn do thriúr monarc de chuid Shasana, do thriúr Uachtarán de chuid na Státaí agus do chuile Thaoiseach agus do chuile Uachtarán a bhí ar an tír seo riamh…

Fágaigí an bealach ag sluaite na bhFiann…agus ag Banna Ard Aidhin

Chan Frank Sinatra, Julio Iglesias agus Dionne Warwick stéibheanna do Ronald Reagan sa Teach Bán, mar a rinne Dizzie Gillespie do Jimmy Carter agus don Shah, tráth a raibh seisean i gceannas na hIaráine. Bhí Barack Obama níos nua-aimseartha – bhí U2, Beyoncé agus Bruce Springsteen ar chuid den dream a chas ag a shearmanas insealbhuithe in 2009.

Anois, cuir tusa ainm ar an mbanna ceoil a sheinn do thriúr monarc de chuid Shasana, do thriúr Uachtarán de chuid na Státaí agus do chuile Thaoiseach agus do chuile Uachtarán a bhí ar an tír seo riamh.

Tá an cat scaoilte as an mála agam nuair a deirim gur banna iad seo a bhfuil dlúthcheangal idir iad agus Cumann Lúthchleas Gael, comhar atá ag dul siar chomh fada le 1886.

Banna Scoile Ard Aidhin a tugadh mar ainm an uair sin orthu agus nuair a dhúin sí siúd i 1969 Banna Ceoil Bhuachaillí Ard Aidhin – ceann ina raibh baill as scoileanna Bhaile Átha Cliath fré chéile.

Sa mbliain 1986 cuireadh athrú ar an leagan amach. Ceapadh Bord Bainistíochta agus bunaíodh Scoil Cheoil Ard Aidhin. Tá 400 duine ag freastal ar ranganna ceoil ansiúd anois agus páirteach i gcóranna agus grúpaí eile – idir dhaoine fásta agus ógánaigh.

Fós is é an banna an tseoid ba luachmhaire atá acu – ceann nach bhfuil aon trácht ar inscne ina ainm anois ó thosaigh cailíní ag seinm i mBanna Ard Aidhin.

Tá an domhan siúlta acu. Chomh fada siar le 1947 bhíodar le feiceáil sna Polo Grounds i Nua-Eabhrac nuair a imríodh Cluiche Ceannais Peile na hÉireann ansiúd. Facthas iad i Wembley, thugadar tionlacann do Bing Crosby agus do Neil Diamond. A gcuid ceoil a chuir fáilte roimh na Banríonacha Victoria nuair a thug sí cuairt ar an scoil i 1900, deich mbliana ina dhiaidh sin rinneadar amhlaidh leis an Rí Seoirse agus céad bliain dár gcionn chuaigh an Bhanríon Eilís go Páirc an Chrócaigh lena bhfeiceáil.

Le linn a gcuairteanna ar Éirinn freisin a sheinneadar do John F. Kennedy, Richard Nixon agus Bill Clinton.

An tseachtain seo caite ba iad a bhí chun cinn ar shochraid Shane MacGowan nuair a thrasnaigh sí Droichead Mhic Mhathúna taobh le Muilte Uí Bheoláin.

Ar cheann de na píosaí a chasadar bhí máirseáil a chloistear uathu go minic i bPáirc an Chrócaigh. ‘Fágaigí an Bealach ag Sluaite na bhFiann’ a thugadh muide air ag dul ar scoil fadó.

Ní móide go n-aithneodh sibh faoina ainm é ach tá mé cinnte go bhfuil cion faoi leith air agaibhse a bhíodh taobh leis an raidió agus na cluichí móra ansiúd tráth dá raibh. Le fírinne tá sé ar cheann den bheagán rudaí nach bhfuil an draíocht a bhaineann leis goidte ag an teilifís.

Bíodh mé ar an láthair nó ná bíodh, cuireann sé cumha i gcónaí orm agus cuimhním ar ghlór Mhichíl Uí Eithir nuair a chasann an banna ar chlé agus Taobh na Canálach siúlta acu le haghaidh a thabhairt ar lár na páirce arís, áit a seinneann siad Amhrán na bhFiann.

Ní i m’aonar dom.

Glór eile a luaigh go minic iad ab ea ceann Leo Maguire a chaith deich mbliana fichead ag láithriú an chláir urraithe raidió a bhíodh ag muintir Waltons gur cuireadh deireadh leo siúd i 1981.

D’oscail Martin Walton siopa ceoil ar Shráid Fhreidric Thuaidh i 1922 go gairid tar éis dó a bheith i ngéibheann siocair a bheith páirteach in Éirí Amach na Cásca 1916. Chinntigh a shliocht gur fhan an siopa sin agus ceann a bhí acu ar Shráid Sheoirse Mhór Theas oscailte ar feadh céad bliain nach mór, nó gur thiomáin an t-ardú ollmhór cíosa a thug an Tíogar Ceileach leis amach go Baile Bhlainséir iad, áit a bhfuiltear i mbun gnó fós.

Bhí tamall fada ann nuair ba Tigh Walton amháin a bhí fáil ar chuid de na gléasanna ceoil anásta a bhíonn le n-iompar ag bannaí máirseála mar aon le cinn nach mbeadh coitianta – tiúbaí, drumaí móra, trombóin srl.

Le linn dó a bheith ag cur i gcuimhne dá chuid éisteoirí go raibh fáil ar a leithéid sa siopa, ba ghnách le Leo Maguire máirseáil de chuid an bhanna a chasadh. Sula dtugadh sé aer dó deireadh sé “and how would you like to hear this sound coming down your street on a sunny Sunday morning?”

Ba leis na focail “if you feel like singing, do sing an Irish song.” a chuireadh sé deireadh leis an gcraoladh.

Ainneoin Ardstiúrthóir agus iarUachtarán ar CLG a bheith mar iontaobhaithe ar Scoil Cheoil Ard Aidhin, seinneann an banna ag ócáidí go leor nach bhfuil aon bhaint acu leis an eagraíocht sin – tá fáil orthu le dhul ar stáitse ag ócáidí stát, cathrach, acadúla agus corparáide, ag feiseanna agus ag coirmeacha ceoil.

Go luath sna 1970idí liostáil ógánach as comharsanacht Ard Aidhin a raibh a chuid bunscolaíochta críochnaithe aige sa mbanna – drumadóir a bhí ann. Bhí gruaig go guaillí air agus iarradh air sin a ghiortú. Rinne sé sin de bheagán ach níorbh leor é agus dúradh leis sceilp eile a bhaint di. Nuair a dhiúltaigh sé, fuair sé bata agus bóthar.

Níorbh shin le rá gur éirigh Larry Mullen as an drumadóireacht. Cúpla bliain dár gcionn bhunaigh sé banna dá chuid féin.

U2 a tugadh orthu!

Fág freagra ar 'Fágaigí an bealach ag sluaite na bhFiann…agus ag Banna Ard Aidhin'