Fág faoi scríbhneoir é scéal mór a dhéanamh faoi rud chomh fánach le cúpla peann

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: aithnítear péintéirí, dealbhadóirí agus ceoltóirí as uirlisí a gceirde, ach ní bhíonn ag an scríbhneoir bocht ach trealamh a bhíonn ag chuile dhuine beo

Fág faoi scríbhneoir é scéal mór a dhéanamh faoi rud chomh fánach le cúpla peann

Cé chomh fada a thóg sé ar an scríbhneoir peann nua a cheannacht?

Trí lá.

An tseachtain seo caite, luaigh mé sa cholún seo go raibh fúm cuairt a thabhairt ar shiopa soláthairtí oifige d’fhonn peann nua nó dhó a cheannacht. Bhí ceann dearg agus ceann gorm ag teastáil uaim, le gob fíorthanaí, chun eagarthóireacht a dhéanamh – ar pháipéar, den chéad uair – ar an úrscéal atá idir lámha agam.

Bhuel, thug mé cuairt ar shiopa soláthairtí oifige. Agus ar cheann eile. Agus ar cheann eile arís. Agus mar sin de. Caithfidh sé gur thug mé cuairt, thar thréimhse trí lá, ar chuile shiopa soláthairtí oifige sa chathair – ach níor aimsigh mé peann ar bith a raibh mé meallta aige. Sa deireadh, cheannaigh mé ceithre pheann (bhí ceann dubh agus ceann uaine sa bhosca céanna leis an gceann dearg agus an ceann gorm) a dhéanfadh cúis (ar éigean!) sa chéad siopa soláthairtí oifige a ndeachaigh mé ann.

Céard ba chúis leis an siar is aniar seo ar fad idir na siopaí? Shílfeá gur uirlisí máinliachta a bhí á gcuardach agam, seachas earra a mbíonn fáil air go forleathan i siopa ar bith. Ar ndóigh bhí uirlisí máinliachta á gcuardach agam ar bealach – céard is eagarthóireacht ann ach máinliacht ar théacs? – ach níorbh é sin an chúis, feictear dom, go raibh scéal chomh mór sin á dhéanamh agam de chúpla peann.

Is é an chaoi nach mbíonn deis ag an scríbhneoir riamh taispeáint don saol mór gur scríbhneoir é. Bíonn steiteascóp ag an dochtúir, bíonn casúr ag an siúinéir, bíonn ceamara ag an gceamaradóir. As a n-uirlisí a aithnítear na daoine sin; bíonn cuma na hoibre orthu agus meas dá réir. Fiú ealaíontóirí eile, bíonn uirlisí acu a fhágann an chuma orthu go bhfuil fios a ngnó acu: bíonn scuab, péint agus canbhás ag an bpéintéir, bíonn cré, cloch agus siséal ag an dealbhadóir agus ná bí ag caint liom faoi cheoltóirí, a mbíonn cuma ghnóthach phroifisiúnta orthu a luaithe agus a chrochann siad cás veidhlín thar a nguaillí.

Ach an scríbhneoir bocht? Ní bhíonn aige ach peann, páipéar agus ríomhaire. An fhadhb: tá siad sin ag chuile dhuine beo! Cén t-iontas, mar sin, go dtiocfadh fonn ar scríbhneoirí ó am go chéile scéal mór a dhéanamh de pheann speisialta a cheapann siad nach mbeadh ag gnáthdhaoine, ach nach bhféadfaidís féin déanamh dá uireasa? 

Fág freagra ar 'Fág faoi scríbhneoir é scéal mór a dhéanamh faoi rud chomh fánach le cúpla peann'