Tá gradam Emmy buaite ag an bhfuirseoir aitheanta Conan O’Brien do chlár teilifíse inar thug sé cuairt ar Ros na Rún, sobaldráma Gaeilge TG4.
Bhí Ros na Rún le feiceáil ar an gclár taistil Conan O’Brien Must Go ar HBO Max i Stáit Aontaithe Mheiriceá mí Aibreáin agus bhí caimeo mar fhear díolta balún ag O’Brien sa sobaldráma féin.
Agus é ag scannánú in Éirinn don seó taistil, thug an fuirseoir aitheanta cuairt ar sheit Ros na Rún chun a mhír sa sobal a dhéanamh.
“Caimeo beag deas” a thug ár léirmheastóir teilifíse ar an mír inar chuir tábhairneoir Ros na Rún, Tadhg Ó Direáin (Macdara Ó Fáthartha), an fear grinn as Meiriceá i gcomparáid é le hiasc mara cuidsúlach.
“Dhein Conan a chúram go slachtmhar ó thaobh na teanga agus ó thaobh na haisteoireachta. Ní raibh de locht air ach a laghad. Bhí sé tagtha agus imithe i bhfaiteadh na súl,” a dúirt Breandán Mac Gearailt ar Tuairisc.
Ba í an fhógairt dheireanach a dhein Tadhg Ó Direáin ar ‘fhear na mbalún’ ná ‘Gearr é a bhundúin leice bricíneach, nó cuirfidh mé amach go hÁrainn le cic thú’.
Fuair O’Brien cabhair lena chuid Gaeilge ón gcóitseálaí teanga Kevin Hussey.
Rinne O’Brien scannánú chomh maith sa Ghallbhaile i gContae Luimnigh, an áit arbh as dá shinsir.
An Emmy don Scothscríbhneoireacht do Chlár Neamhfhicsin a bhuaigh O’Brien.
Roimh chraoladh an chláir san earrach, bhí ardmholadh ag an mBrianach dá chuairt ar Chonamara.
“Ceann de na hócáidí ba phléisiúrtha domsa ar mo thuras go hÉirinn deis a fháil seal a chaitheamh ag obair le foireann agus criú Ros Na Rún,” a dúirt O’Brien.
“Gabhaim leithscéal roimh ré faoi shléacht a dhéanamh ar an teanga dhúchais de mo bhuíochas.”
An tsraith Shōgun is mó a bhuaigh gradaim i mbliana agus 14 deilbhín Emmy buaite aici.
Fág freagra ar 'Emmy buaite ag Conan O’Brien do chlár inar ghlac sé páirt i Ros na Rún '