Emma Mhic Mhathúna le bogadh ó Chorca Dhuibhne agus í ag ceannach tí gar do Bhaile Átha Cliath

Suim €650,000 den airgead cúitimh €7.5m le híoc léi anois ar ordú de chuid na hArd-Chúirte

Emma Mhic Mhathúna le bogadh ó Chorca Dhuibhne agus í ag ceannach tí gar do Bhaile Átha Cliath

Tá Emma Mhic Mhathúna le slán a fhágáil le Corca Dhuibhne agus rún aici teach a cheannach níos gaire do Bhaile Átha Cliath le go mbeidh teacht níos éasca aici ar sheirbhís leighis le dul i ngleic leis an ailse atá uirthi.

Bheartaigh sí gan dul chun cinn le ceannach tí i gCorca Dhuibhne a raibh costas €1.2 milliún air mar go raibh ‘fadhbanna struchtúrtha’ leis agus mar gur mhian léi a bheith níos gaire do lucht leighis na hardchathrach. 

Bhí cás Emma Mhic Mhathúna os comhair na hArd-Chúirte inniu. Bhí iarratas á dhéanamh ag a cuid dlíodóirí go n-íocfaí €650,000 breise léi as an gcúiteamh €7.5 milliún a fuair sí nuair a chuir sí an dlí ar Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte agus ar Quest Diagnostics, an tsaotharlann a rinne an tástáil ailse i Meiriceá.

Dúirt Patrick Treacy, a habhcóide sinsearach sa chúirt inniu go raibh athrú tagtha ar an bplean a bhí ag Emma Nic Mhathúna don todhchaí.

Tá ailse dholeigheasta ar an máthair cúigear clainne agus bhí sé i gceist aici ar dtús teach a cheannach i nGaeltacht Chorca Dhuibhne dá clann óg.

Costas €1.25 milliún atá luaite leis an teach i mBaile Átha Cliath a bhfuil rún ag Emma é a cheannach ina hainm féin agus ainm a clainne agus sin an chúis gur ghá an t-airgead breise. D’aontaigh an Breitheamh Cross go gceadófaí an t-airgead breise di agus dúirt sé gur mór an trua go raibh fadhbanna acu leis an gcéad teach.

Tugadh cúpla cúis sa chúirt leis an athrú intinne. Sa bhreis ar na ‘fadhbanna struchtúrtha’ a bhí ag baint leis an teach a raibh spéis ag Emma Nic Mhathúna ann i mBaile na nGall, beidh ról lárnach ag a haintín agus a huncail i dtógáil a cúigear páistí amach anseo agus beidh a hathair atá ina chónaí i Sasana faoi láthair ag caitheamh níos mó ama leo sa tír seo  agus dá réir b’fhearr a d’oirfeadh sé don teaghlach a bheith ina gcónaí i ngar don phríomhchathair.

Tá Emma ar dhuine de na mná a fuair amach nár chuir CevicalCheck ar an eolas iad faoi mhíléamh a rinneadh ar a gcuid tástálacha ailse. Sa bhliain 2016 a fuair Emma Mhic Mhathúna amach go raibh ailse uirthi sa cheirbheacs. Ach is i mbliana a fuair sí amach gur toradh míchruinn a tugadh di ar thástáil a rinneadh in 2013 agus go bhfuarthas sin amach san iniúchadh a rinne CervicalCheck ó shin.

An mhí seo caite, dúirt dlíodóirí Emma Mhic Mhathúna gur dúradh leo go ndearnadh iniúchadh ar na tástálacha a rinneadh idir 2011 agus 2013 ach gur léir anois go ndearnadh iniúchadh ar thástálacha 2010 chomh maith.

Dúirt dlíodóir Emma Mhic Mhathúna nach raibh siadsan ar an eolas faoi iniúchadh 2010 go dtí go bhfuair siad na taifid ó Quest Diagnostics ag deireadh na Bealtaine i mbliana.

Chuir Emma Mhic Mhathúna agus a cúigear clainne an dlí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ar an tsaotharlann sna Stáit Aontaithe a d’úsáid CervicalCheck. Mar chuid den socrú, ghlac an HSE leis go raibh dliteanas orthu toisc nár chuir siad torthaí an iniúchta ar fáil d’Emma Mhic Mhathúna agus ghlac Quest Diagnostics freagracht as míléamh a dhéanamh ar na tástálacha ailse.

Fág freagra ar 'Emma Mhic Mhathúna le bogadh ó Chorca Dhuibhne agus í ag ceannach tí gar do Bhaile Átha Cliath'