Eitiltí breise go hAlbain le cur ar sceideal Aerfort Dhún na nGall an samhradh seo

Ón 22 Meitheamh, beidh eitilt bhreise sa tseachtain ag imeacht ó Dhún na nGall go Glaschú

Eitiltí breise go hAlbain le cur ar sceideal Aerfort Dhún na nGall an samhradh seo

Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Tá Aerfort Dhún na nGall ar an gCarraig Fhinn i nGaeltacht Thír Chonaill ag cur le líon na n-eitiltí a bheidh acu go hAlbain mar gheall ar an éileamh atá ann ó chustaiméirí ar a leithéid i mbliana.

Ón 22 Meitheamh amach, beidh eitilt bhreise sa tseachtain ag imeacht ó Dhún na nGall go Glaschú, rud a fhágfaidh go mbeidh eitiltí cúig lá sa tseachtain ó Dhún na nGall go hAlbain an samhradh seo.

Tá ceangal láidir idir pobal iarthar Dhún na nGall agus bunadh na hAlban, agus le cathair Ghlaschú go háirithe, a shíneann siar blianta fada mar gheall ar chúrsaí oibre agus imirce.

Dúirt bainisteoir margaíochta an aerfoirt, Eilis Barrett, go raibh ardú 3% ar líon na ndaoine a bhí ag taisteal ar eitiltí Ghlaschú i mbliana i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh, ainneoin luach an Sterling a bheith tite agus an éiginnteacht faoina bhfuil i ndán don Bhreatain agus d’Éirinn mar gheall ar an mBreatimeacht.

Tá Aerfort Dhún na nGall le plean a réiteach le dul i ngleic le tionchar an Bhreatimeachta, ach deir lucht an aerfoirt nach féidir mórán a dhéanamh go dtí go mbeidh sonraí cruinne tugtha ag Rialtas na Breataine faoina mbeidh i gceist go baileach ó thaobh cead taistil agus custaim.

Tá ardú tagtha chomh maith ar líon na ndaoine a úsáideann Aerfort Dhún na nGall le taisteal go Baile Átha Cliath le bliain anuas. Tháinig méadú beagnach 20% ar líon na bpaisinéirí a bhíonn ag eitilt ón gCarraig Fhinn go dtí an ardchathair. Deir luch údaráis an aerfoirt go gcabhróidh an méadú mór sin leo an conradh PSO atá acu mar aerfort réigiúnach a choinneáil amach anseo.

Dúradh gur chuir na feachtais mhargaíochta a bhí ar bun ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin “go mór” le borradh a chur faoi úsáid an aerfoirt, ar bronnadh gradam ‘an dara haerfort is deise ar domhan le tuirlingt ann’ air le deireanas.

“Caithfear tógáil ar an phoiblíocht a fuair an t-aerfort ó chomórtas Private Fly agus daoine a mhealladh le sult a bhaint as na radharcanna agus an taobh tíre atá ar leic an dorais acu ar an gCarraig Fhinn.

“Níl seirbhís iarnróid i nDún na nGall nó aon mhótarbhealach a dhéanann nasc leis an phríomhchathair agus sin ceann de na cúiseanna is mó a bhfuil éileamh ar eitiltí Bhaile Átha Cliath, i measc na mac léinn ach go háirithe mar go bhfuil an turas i bhfad níos giorra acu in eitleán,” a dúirt Eilis Barrett, bainisteoir margaíochta an aerfoirt.

Fág freagra ar 'Eitiltí breise go hAlbain le cur ar sceideal Aerfort Dhún na nGall an samhradh seo'